‘Téim chuig an Oireachtas agus tagaim as, slán nó marbh, ach níl seifteanna ar bith agam’ – Máirtín Tom Sheáinín

Agus an tOireachtas buailte linn, chuir Tuairisc.ie ceist ar roinnt daoine aitheanta faoina gceangal le mórfhéile na nGael. Is é Máirtín Tom Sheáinín, craoltóir aitheanta le Raidió na Gaeltachta, a chuireann tús leis an tsraith

‘Téim chuig an Oireachtas agus tagaim as, slán nó marbh, ach níl seifteanna ar bith agam’ – Máirtín Tom Sheáinín

1. Céard is cuimhin leat faoi do chéad Oireachtas?

Sa mbliain 1979, beagnach dhá scór bliain ó shin, a d’fhreastail mé ar an Oireachtas den chéad uair. Bhí mé 22 bliain d’aois agus bhí mé ar dhuine de na hiomaitheoirí ab óige a bhí ag casadh ag an am sin.  Seans gurb é an rud is mó is cuimhin liom go bhfaca mé daoine ar chuala mé caint orthu roimhe sin. Bhí mé in ann éadan a chur ar amhránaithe agus ar scéalaithe ar chuala mé caint orthu agus ar chuala mé ag amhránaíochta agus ag inseacht scéalta ar an raidió. Bhí sé i mBaile Átha Cliath.

Ba rud nua ar fad dom an tOireachtas. Chas mé i gComórtas na bhFear. Ba é Seosamh Ó Flatharta a bhuaigh an comórtas agus roinneadh an dara háit idir Aodh Óg Ó Duibheanaigh agus mé féin.

2. An rud is fearr faoin Oireachtas…

Ba é an rud ab fhearr faoin Oireachtas blianta ó shin nár go raibh seans ann go gcasfaí daoine ort nach bhfaca tú le bliain. Ach tá sé sách deacair é sin a rá sa lá atá inniu ann. D’fhéadfá a bheith ann ar feadh na seachtaine agus d’fhéadfaí nach bhfeicfeá daoine a bheadh tú ag iarraidh a fheiceáil mar go bhfuil i bhfad níos mó daoine ag dul ann anois.

3. An rud is measa faoin Oireachtas…

Ní maith liom a rá go bhfuil tada go dona faoin Oireachtas.

4. Cill Airne arís?

Dáiríre, is cuma liom cén áit a mbíonn sé. Ní dhéanann sé aon difríocht domsa cá mbíonn sé. Beidh mé breá sásta i gCill Airne. Beidh sé i City West an chéad bhliain eile. Tá seans maith go gcaithfidh sé a bheith i gCill Airne nó i mBaile Átha Cliath. Ní fheicim go mbeidh sé sa nGaeltacht arís go deo ó thaobh na sluaite a bhíonn ag freastal air. Níl aon áit i nGaeltacht Chonamara atá in ann freastal ar na sluaite sin. 

5. Comhairle don té atá ag freastal ar a chéad Oireachtas

B’fhéidir gur mó comhairle a theastaíonn uaim fhéin ná ó dhuine ar bith eile.

6. Club na Féile nó Corn Uí Riada?

Tá Corn Uí Riada á chur i láthair agam le 22 bliain anuas. Corn Uí Riada.

7. Dá mbeifeá i bhfeighil ar an Oireachtas, céard iad na hathruithe a dhéanfá?

Seans go ndéanfainn athrú ar an gcóras moltóireachta a bhíonn ag na comórtais ardáin. Sílim go mbeadh sé i bhfad níb fhearr dá mbeadh moltóirí Chorn Uí Riada mar shampla, in ann a gcuid marcanna a fhógairt os comhair an lucht féachana in áit gan tada a rá. Nuair a bhíodh mise páirteach sna comórtais bhíodh siad ar nós an Eurovision, bhí na marcanna á bhfógairt ag na moltóirí agus b’aiseolas maith a bhíodh ann.

8. Céard is comhartha Oireachtais mhaith ann?

Gan daoine a bheith ag gearán nuair a bhíonn sé thart.

9. Céard iad na seifteanna atá agat le teacht slán as an Oireachtas?

Téim chuig an Oireachtas agus tagaim as, slán nó marbh, ach níl seifteanna ar bith agam.

10. Cén tOireachtas ab fhearr leat agus cén fáth?

Ní bhfuair mé aon locht ar aon Oireachtas a raibh mé ann ó 1979 ach b’fhéidir go raibh blas níos fearr ar an Oireachtas a bhí sa gCeathrú Rua i 1983 agus i nDún Laoghaire i 1988.

Fág freagra ar '‘Téim chuig an Oireachtas agus tagaim as, slán nó marbh, ach níl seifteanna ar bith agam’ – Máirtín Tom Sheáinín'

  • wtf

    Agus gan dath gáifeach a chur i do chuid gruaige más duine scothchríonna tú!

  • Lillis Ó Laoire

    Coinnigh léi a Mheáirt!