Techspace Gaeilge seolta i mBaile Átha Cliath

Cabhróidh an clár TechSpace le daoine óga scileanna an 21ú aois a fhorbairt trí mheán na Gaeilge, a dúirt Joe McHugh

Joe McHugh

Tá fáilte curtha ag an Aire Stáit Gaeltachta Joe HcHugh roimh TechSpace i nGaeilge a seoladh inné. Múintear scileanna teicneolaíochta do pháistí trí TechSpace ar scoileanna agus in ionaid óige timpeall na tíre. Tá leagan Gaeilge den chlár, trína bhfoghlaimíonn daoine óga cén chaoi scannáin dhigiteacha a dhéanamh, suíomhanna gréasáin a dhearadh, aipeanna a fhorbairt agus róbataic a úsáid.

Táthar ag súil go mbeidh comhlachtaí poiblí agus príobháideacha a bhíonn ag plé leis an tionscal cruthaitheach rannpháirteach sa togra agus is chuige sin atá ollchruinniú á eagrú le heagraíochtaí Gaeilge a bhíonn ag plé leis an aos óg agus an tionscal cruthaitheach i mBaile Átha Cliath inniu.

Beidh na páistí faoi stiúir teagascóirí agus meantóirí atá oilte sna ceirdeanna cruthaitheacha agus a chuirfidh ar a gcompord le ríomhairí agus leis an teicneolaíocht iad. Tá an togra á chur ar bun ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Camara Ireland Ltd agus á mhaoiniú faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Chuir an tAire Stáit McHugh fáilte roimh TechSpace i nGaeilge inniu agus é á sheoladh.

“Mar atá a fhios againn uilig, tá suim agus scil ar leith ag daoine óga i gcúrsaí teicneolaíochta agus tá siad go mór ar a gcompord sa ré dhigiteach ina maireann muid inniu.”

Ní raibh amhras ar bith ar an Aire ach go rachadh an clár go mór chun sochair do dhaltaí agus don Ghaeilge araon, agus go gcruthódh sé deiseanna fostaíochta fiúntacha do dhaltaí sna tionscail chruthaitheacha amach anseo.

“Cabhróidh TechSpace as Gaeilge le n-ár sprioc go bhforbróidh daoine óga scileanna an 21ú aois trí mheán na Gaeilge tríd an gclár ardchaighdeáin ICT seo don óige.  Is comhfhiontar iontach spreagúil é seo.

“Beidh plé ag os cionn 375 teagascóirí agus daoine óga leis an gclár TechSpace as Gaeilge agus spreagfaidh sé iad chun féinmhuinín cruthaitheach a fhorbairt agus an Ghaeilge a úsáid le pobal nua áitiúil, náisiúnta agus domhanda,” a dúirt an tAire McHugh.

Fág freagra ar 'Techspace Gaeilge seolta i mBaile Átha Cliath'