‘Teastaíonn daoine amhail Colmcille a sheasfaidh an fód ar son na Gaeilge’ – Uachtarán na hÉireann

In óráid a thug sé do Chomhdháil i nDoire, rinne an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn tagairt láidir don Ghaeilge tráth a bhfuil sí ina hábhar mór aighnis sa Tuaisceart

‘Teastaíonn daoine amhail Colmcille a sheasfaidh an fód ar son na Gaeilge’ – Uachtarán na hÉireann

Deir Uachtarán na hÉireann Micheál D Ó hUigínn go dteastaíonn daoine a sheasfaidh an fód ar son na Gaeilge fiú má bhíonn doicheall ag daoine eile roimhe sin.

Dúirt an tUachtarán an méid sin mar chuid d’óráid a thug sé inné ag Comhdháil Mheiriceá ar Léann na hÉireann a bhí ar siúl ar champas Mhig Aoidh Ollscoil Uladh i nDoire.

‘Of Heritage, Home and Healing’ teideal na hóráide a bhí ag an Uachtarán, óráid inar thagair sé go láidir don Ghaeilge tráth a bhfuil sí ina hábhar mór aighnis sa Tuaisceart.

“Roinneadh an Ghaeilge eadrainn freisin. Snáth neamhbhriste í a théann tríd oiread sin gnéithe dár n-oidhreacht. Ní féidir an Ghaeilge a scaradh ón tslí a ndearna na hÉireannaigh ceangal lena saol agus leis an saol mór, ná ní féidir í a scaradh ón tslí ar bhain siad brí agus macallaí as an saol.

“Logainmneacha, béaloideas, litríocht, an dúlra, an cultúr, nósanna sóisialta, an pholaitíocht, an creideamh – trí bhíthin na Gaeilge a rinneadh machnamh agus ionramháil ar na nithe sin go léir.

“Luíonn sé le tuiscint mar sin go bhfuil caomhnú na teanga labhartha ina dhlúthchuid dár n-iarrachtaí tuiscint a fháil ar ár n-oidhreacht agus tarraingt aisti.”

Agus 1,500 bliain ó rugadh Colmcille le ceiliúradh an mhí seo, thagair an tUachtarán do dhiongbháilteacht an naoimh “a raibh meas ag daoine de gach creideamh agus daoine gan aon chreideamh air”.

“Teastaíonn daoine uainn a sheasfaidh an fód ar son na teanga dúinn, mar a sheas Colmcille an fód ar son scaipeadh an eolais, fiú eolas míshuaimhneach a chuirfeadh as do na daoine a bhí os a chionn.

“Caithfimid cúrsaí a chur ina gceart tráth ar féidir polasaí oidhreachta a fhoilsiú gan í a chur ar fáil sa Ghaeilge – dhá rud a bhfuil neamhréiteach eatarthu nach féidir glacadh leis.”

Dúirt an tUachtarán gur teanga Ind-Eorpaise ar leith í an Ghaeilge ach go raibh a lorg fágtha aici ar theangacha clasaiceacha agus nua eile, an meánBhéarla agus an nuaBhéarla san áireamh.

Is le cách an Ghaeilge cé go dtugtar a mhalairt le fios go minic, ar sé.

“Mar sin féin, nuair a labhraítear faoi chúrsaí oidhreachta is minic go gcaitear leis an teanga labhartha mar rud atá scartha amach nó nach mbaineann le hábhar, nó mar rud a bhaineann le niche nó le treibh ón gcianaois nó le foghrúpa daoine a tháinig slán, seachas mar chuid lárnach de gach gné dár n-oidhreacht.”

Fág freagra ar '‘Teastaíonn daoine amhail Colmcille a sheasfaidh an fód ar son na Gaeilge’ – Uachtarán na hÉireann'

  • Ré Ó LAIGHLÉIS

    Fós eile, tá ár nUachtarán ag labhairt amach faoi thábhacht na teanga, ar bhealach a léiríonn doimhneacht tuisceana. Is ábhar mórtais dúinn é an hUigíneach, fear a bhfuil toirt sna ráitis a eisíonn sé i gcónaí, duine a n-éistítear leis go domhanda. Ná bímisne, Éireannaigh, dall ar a bhfuil de thábhacht sa rud atá á rá ag an bhfathach domhanda céanna faoinár gcás féin. Is í an teanga croílár gach aon chultúr – fearsaid an rotha. Caill sin agus caillfear uile. Gníomhaimis go tuisceanach tréan. Mura mbeadh ann ach go labhródh an té ba lú Gaeilge an beagán a bhfuil aige nó aici go rialta, samhlaigh a thoradh sin. Ní hann don té (bíodh sé ina Éireannach nó ina eachtrannach sa tír seo) nach bhfuil ‘más é do thoil é’ nó ‘go raibh maith agat’ aige. Samhlaigh toradh na milliún mionráiteas mar iad á rá go laethúil ar shráideanna na tíre. Ná fanaimis ar Sheachtain na Gaeilge le go scaoilfí amach an t-ainmhí ar feadh 10 lá agus go gcuirfí ar ais ina bosca í don chuid eile den bhliain. Glacaimis leis an dúshlán ar ár son fein. Gníomhaimis anois, nó an bhfanfaimid ar an Big Yellow Taxi le go gcuire Joni Mitchell i gcuimhne dúinn a dtarlaíonn de cheal ghnímh: ‘Don’t it always seem to go that you don’t know what you’ve got till it’s gone!’
    Ré Ó Laighléis

  • Ciarán Ó Cofaigh

    Céard faoi na daoine atá ag fáil tuarastal ón stát ar mhaithe len’ é a dhéanamh?