Tearmann don cheol agus don teanga in ‘The Cobblestone’ ar RTÉ

Téama leanúnach tríd an gclár Athbhaile – The Cobblestone ná an tábhacht a bhaineann le spásanna cultúrtha, traidisiúnta, neamhfhoirmiúla

Tearmann don cheol agus don teanga in ‘The Cobblestone’ ar RTÉ

Teach tábhairne ar leith é The Cobblestone i Margadh na Feirme. Tearmann do cheoltóirí atá i seilbh Tom Mulligan ó 1987. Cuirtear uathúlacht an tí in iúl ar an gcéad luí súl, Tom ag gabháil timpeall an bheáir ag síneadh méire i dtreo na bpictiúr ar an bhfalla; ní hamháin gur ceoltóirí cumasacha iomráiteacha iad ach is custaiméirí is cairde iad lena chois sin. Ní haon ionadh mar sin gur chinn RTÉ éachtaint a thabhairt dúinn ar an tigh, an teaghlach agus na dúshláin atá rompu (Athbhaile – The Cobblestone, RTÉ1, Dé Máirt).

Rud amháin a rith liom ná go bhféadfadh an saothar a bheith scaoilte chugainn in aon ghála amháin seachas dhá chuid a dhéanamh de agus sinn a fhágaint ar foluain ar feadh seachtaine don chríoch. Bíodh sin mar atá is saothar taitneamhach é seo a bhfuil tráthúlacht ag baint leis chomh maith.

Aoi deisbhéalach, cuileachtúil é Tom; é gafa leis an gceol, é lán le dea-rúin agus smut den rógaireacht. Ní haon iontas go bhfuil lucht ceoil ag triall ar an dtigh agus iad an-mhór leis. Tá ceoltóirí ar a nós féin ann ón gcéad lá óir gur glanmhalairt de bhréag-Éireannachas Bharra an Teampaill atá ann. Dúirt Dermot O’Hanlon linn go bhfuil sé ag seinnt san áit lena chompánaigh le breis agus fiche bliain; “sin ana-chuid pínt,” a dúirt an tuairisceoir Sinéad Ní Churnáin leis go pras. Cáir gháirí. Dílseacht, ceol, cuileachta, ól agus craic.

Dúirt Tom gur ceann de na cuimhní is faide siar atá aige de cheantar Mhargadh na Feirme ná nuair a bhí sé ag obair ar an scannán, The Spy That Came in From the Cold sna seascaidí luatha. Bhí drochbhail an cheantair an-oiriúnach le ceantar Checkpoint Charlie Bheirlín a chur in iúl.

Thrácht sé ar na margaí capall a bhíodh san áit tráth dá raibh agus an réabadh a leanadh iad go minic. D’eachtraigh sé scéal grinn faoi lá go gcuaigh daoine i bpíobáin a chéile i dtóin an bheáir, a muiníl á síneadh amach ag na ceoltóirí le radharc a fháil ar an scliúchas ach gan aon bharrthuisle bainte as a gcuid ceoil. Uair eile ceistíodh seanfhondúir faoin oiread ceoil a bhíonn san áit; an freagra seanbhlastúil a fuaireadh uaidh ná “you get immune to it after a while”. Ní haon ionadh gur “a drinking pub with a music problem” mana an tí tábhairne.

Cé gur i mBéarla a labhair Tom linn is as Gaeilge a labhair na rannpháirtithe eile ar fad, mar is dual do thigh chomh Gaelach leis seo. Ina dhiaidh sin féin bhí breis is deichniúr ag caint go ceanúil faoin áit agus is annamh go gcíonn tú saothar faisnéise sa lá atá inniu ann a dhéanann an oiread sin cúraim don Ghaeilge.

An breac sa bhainne ná nach le Tom an foirgneamh agus bheartaigh an t-úinéir óstán a fhorbairt i gcuid den fhoirgneamh agus sna foirgnimh béal dorais, rud a bhainfeadh ó spás agus suaithinseacht an tí.

Téama leanúnach tríd an gclár mar sin ná an tábhacht a bhaineann le spásanna cultúrtha, traidisiúnta, neamhfhoirmiúla. An fhorbairt neamhshrianta ag brú isteach ar an gcultúr agus an traidisiún.

Sa chéad ghála eile anocht, Dé Máirt, címid muintir Mulligan agus a gcairde i mbun feachtasaíochta leis an dtigh ar leith seo a chaomhnú. Táimid ag súil leis.

Fág freagra ar 'Tearmann don cheol agus don teanga in ‘The Cobblestone’ ar RTÉ'