Téarma príosúin dhá bhliain curtha ar fhear as ionsaithe mígheanasacha a dhéanamh ar bhuachaill óg i nDún na nGall

Rinne John Barrow na hionsaithe agus é amuigh ar loch i nDún na nGall agus ina theach féin nuair a bhí an gasúr deich mbliana d’aois

0003db95-642-1

I gcúirt chuarda Leitir Ceanainn tráthnóna inné, ghearr an Breitheamh Francis Comerford téarma príosúin dhá bhliain ar John Barrow, fear sna 70idí, as Teach an Stáisiúin, Croithlí, Dún na nGall, as dhá chúis d’ionsaithe mígheanasacha a dhéanamh ar bhuachaill óg i samhradh 1984. Rinne sé na hionsaithe agus é amuigh ar loch i nDún na nGall agus ina theach féin nuair a bhí an gasúr deich mbliana d’aois. Chualathas gur iarr an fear ar an ghasúr bád a iomramh dó agus gur thairg sé deich bpunt a íoc leis as. Thug sé cuireadh don ghasúr fosta a charr a thiomáint agus thaispeáin sé irisí pornagrafacha dó.

Taispeánadh na hirisí don bhuachaill agus é ar an bhád agus d’iarr an fear air coiscín a chur air le linn an turais. Nocht an fear é féin don ghasúr ar an bhád.

Ar ócáid eile, tugadh airgead (fiche punt) don ghasúr as móin a ghearradh don fhear agus, ina dhiaidh sin, ina theach, nocht an fear é féin don ghasúr agus d’iarr air dul isteach sa leaba leis. Leag sé a lámh ar an ghasúr.

Ní raibh an t-íospartach in ann an scéal seo a insint d’aon duine ar feadh na mblianta.

Ghabh na Gardaí an fear in Aibreán 2012 agus ceistíodh é i stáisiún na nGleannta. Shéan an fear na cúiseanna a bhí curtha ina leith.

Fuarthas an fear, atá anois 72 bliain d’aois, ciontach i dtriail a mhair dhá lá i mí Bhealtaine na bliana seo, tráth ar glacadh cuid den fhianaise ar nasc físe.

Tá an t-íospartach anois 41 bliain.

Léadh ráiteas tionchair íospartaigh sa chúirt inar maíodh go bhfuil an té a ionsaíodh feargach agus drochmhúinte mar dhuine de dheasca an ruda a rinneadh air. Bhí sé iontach deacair dó ag fás aníos mar ní raibh sé ábalta tuiscint a fháil ar an méid a tharla. Bhí náire air agus fearg air lena chairde agus lena chlann agus bhí sé fágtha leis féin toisc gur ionsaíodh é. Bhíodh sé i dtrioblóid go minic agus ba dhuine iontach uaigneach é. Bhí náire air insint dá bhean chéile gur ionsaíodh é agus bhí an náire sin i measc na gcúiseanna ar chlis ar a phósadh. Bhain sé mí-úsáid as deoch agus drugaí chomh maith agus rinne iarracht lámh a chur ina bhás féin.

Chuidigh col ceathar leis an scéal a insint faoinar tharla dó agus chuaigh sé chuig na Gardaí, rud a thug faoiseamh dó, a dúirt sé. Dúirt an fear gurb é an rud is deacra a rinne sé ina shaol ná an fhírinne a insint dá theaghlach agus bhí a fhios aige go mbeadh sé deacair labhairt faoin scéal sa chúirt. Bíonn sé ag dul faoi theiripe gach seachtain le déileáil leis an scéal. Ghabh sé leithscéal lena chlann faoin dóigh a raibh sé agus é ag fás aníos.

“Sciob an fear seo uaim m’óige agus mo chuid sonais agus ní dhéanfaidh mé dearmad de go deo,” a dúirt sé.

Níor ciontaíodh Barrow in aon choir a dhéanamh roimhe seo.

Tugadh tuairisc leighis don chúirt ar son Barrow agus dúradh go bhfuil fadhbanna radhairc agus fadhbanna fola aige. Dúradh go ndearna sé iarracht lámh a chuir ina bhás féin sna 1970idí.

Dúirt an Breitheamh Comerford nach raibh aon leithscéal déanta ag an fhear a ciontaíodh ná aon admháil déanta gur ionsaigh sé an gasúr. Dúirt sé fosta gur tháinig an fear seo i dtír ar an ghasúr trí airgead a ofráil dó.

Tá Barrow anois curtha ar liosta na gciontóirí gnéis.