Teannas idir ciníocha bogtha amach ag polasaí an uachtair reoite

Cén chaoi a múnlaítear an trust i gcathracha ar nós Boston ina bhfuil an oiread sin ciníocha difriúla? Tá fir Chonamara ag réiteach an bhealaigh…

Teannas idir ciníocha bogtha amach ag polasaí an uachtair reoite

Insealbhófar Marty Walsh go hoifigiúil don dara téarma mar Mhéara ar chathair Bhoston ar an gcéad lá den bhliain nua.  Cé is moite de chúpla dris chosáin, d’éirigh thar cionn leis an Méara Walsh ina chéad théarma ceithre bliana.  Chomh maith leis an meas pearsanta atá ar Marty Walsh tá sé le maíomh aige freisin go raibh borradh mór faoi eacnamaíocht na cathrach agus an réigiúin mórthimpeall uirthi le linn a chéad tréimhse.   

Tá rud eile ann, is beag den chorraíl idir chiníocha a bhí i Meiriceá a theagmhaigh leis an gcathair le linn na gceithre bliana seo caite.  Rud é sin a bhfuil an Méara an-airdeallach faoi.  Maireann cuimhne fós ar an teannas idir an pobal den chine dubh agus daoine geala i mBoston de bharr chonspóid na ‘busála’ dhá scór blianta ó shin. 

Plean a bhí ansin le gasúir den chine dubh agus den chine geal a chur i dteannta a chéile sna bunscoileanna ar mhaith le comhionannas.  Thabharfaí anonn agus anall iad ar bhusanna chuig na scoileanna éagsúla.

Tar éis dó a theacht isteach in oifig an Mhéara cheap Marty Walsh póilín sinsearach darbh ainm William Evans as South Boston i gceannas ar phóilíní Bhoston. 

Bhí Colm Lydon, de bhunadh cheantar Charna i gConamara ar dhuine de na hoifigigh ba ghaire dó ó thaobh sinsearachta de.   Tá an bheirt molta as a stuaim agus a dtuiscint ar phobail éagsúla Bhoston.  Go deimhin, tá ardú céime eile faighte ag Colm Lydon le ríghairid.  Sábháilteacht agus slándáil réigiún Bhoston atá leagtha ar Cholm Lydon anois – beidh sé ag coinneáil súil ar sceimhlitheoireacht i bhfad agus i ngearr agus ag réiteach pleananna le dhul i ngleic leis an gcontúirt. Beidh sé ag faire freisin ar uisce faoi thalamh i measc na gcoirpeach agus aon chontúirtí eile a chuirfeadh sláinte agus beatha shaoránáigh an réigiúin i mbaol.

Ag taisteal dom le gairid i Massachusetts i gcuideachta Cholm Lydon  d’fhiafraigh mé de céard í an chuid is tábhachtaí den obair phóilíneachta.  “Trust a bheith idir an pobal agus an póilín,” a deir Colm.   Bheadh a fhios aige é.  Tá dhá bhliain déag agus fiche caite aige i bpóilíní Bhoston.  Tá cleachtadh aige ar an tsráid – b’éigean dó é féin a chosaint ó philéir níos mó ná aon uair amháin – agus tá cleachtadh aige ar cheannasaíocht.  Bhí sé ina cheann feadhna ar bhuíonta éagsúla, an rannóg fiosrúcháin dúnmharuithe ina measc.   Tá an staidéar déanta aige freisin; tá dhá céim aige agus máistreacht i gcúrsaí dlí coiriúil as Ollscoil Mhassachusetts agus as Boston College.  Rinne sé staidéar in Harvard agus i gColáiste Náisiúnta na bPóilíní sna Státaí.  Ach sa deireadh thiar, pé ar bith staidéar nó taithí atá agat, caithfear an trust agus an mhuinín sin a chothú.   

Agus cén chaoi a múnlaítear an trust sin i gcathracha ar nós Boston ina bhfuil an oiread sin ciníocha difriúla?

Cuirtear comhairle ar phóilíní Boston cuimhneamh orthu féin faoi dhó – nó faoi thrí – sula scaoilfidh siad urchar.  Scaití ní féidir é sin a sheachaint ach ní mór a bheith cinnte go bhfuil baol dáiríre ann sula rachfar i muinín an ghunna.  Ach, taobh amuigh d’iompar na bpóilíní nuair a bhíonn contúirt agus cruóg mhór ann, tá béim leagtha ar an gcaidreamh leis an bpobal i mBoston.

Colm Lydon agus a bhean, Colleen

“Caithfidh na póilíní a bheith i measc an phobail seasta,” a deir Colm “agus caithfidh siad teannntás a dhéanamh ar na daoine óga.  Mar shampla, tá veain an “ice cream” againne anseo.”

Na póilíní ag roinnt amach uachtar reoite, an ea?

Shocraigh póilíní Bhoston roinnt blianta ó shin go dtosófaí an nós seo.  Fuarthas veain agus fuarthas cúnamh ó chomhlacht uachtar reoite. 

Téann an veain go ceantracha éagsúla sa gcathair, go háirithe go háiteacha a bhfuil lorg na coiriúlachta orthu.  Tugann na póilíní an t-uachtar reoite do ghasúir in aisce.  Go deimhin, tagann daoine fásta chucu freisin, níl aon teorainn aoise leagtha síos leis an uachtar reoite a fháil.  Ní duine contúirteach é an póilín níos mó, fear nó bean an uachtair reoite atá ann! 

Déanann Colm Lydon – arb as Carna i gConamara thuismitheoirí – freastal ar chomhdhálacha póilíní ar fud Mheiriceá.  Cuireann veain an uachtair reoite iontas ar chuid acu.  Ach, idir an t-uachtar reoite agus beartais eile, tá fianaise ann go bhfuil cáil mhaith ar na póilíní i mBoston.  Thaispeáin torthaí suirbhé le gairid go raibh beagnach 80% den phobal sásta leis na póilíní.  I measc na mionlach sa gcathair bhí os cionn 70% sásta.   Is mór an céatadán é sin i gcathair sna Stáit Aontaithe.   

Sheol an Méara, Marty Walsh, feithicil nua don chóras uachtar reoite cúpla mí ó shin.  Is díol spéise é gur i Roxbury, ceantar láidir den chine dubh, a bhí an searmanas sin ar bun.  Tá cothú cairdis leis an gcine dubh agus le mionlaigh ar cheann d’aidhmeanna móra na bpóilíní i mBoston.

Tá beirt fhear arbh as Conamara a dtuismitheoirí – go deimhin ba comharsana iad a dtuismitheoirí i gConamara sular fhágadar an baile – i lár an ghoirt ag tabhairt ceannaireachta san obair sin: Colm Lydon, ceannasaí ar rannóg fiosrúcháin agus sábháilteachta na bpóilíní agus Marty Walsh, Méara Chathair Bhoston a bheidh á insealbhú don dara téarma ar Lá Coille. 

Fág freagra ar 'Teannas idir ciníocha bogtha amach ag polasaí an uachtair reoite'

  • Learrai

    Iontach go deo go bhfuil bunadh Chonamara thall chomh hoilte sin sin i ndail le haindleathaigh a cheannsu!