Teanga Chomharthaíochta na hÉireann curtha le sraith teilifíse Gaeilge den chéad uair

Tá sé fógartha ag TG4 go bhfuil leagan Teanga Chomharthaíochta na hÉireann (ISL) de chuid na sraithe Saol Ella, an tsraith drámaíochta do dhéagóirí, cruthaithe agus go bhfuil sé le craoladh ar an teilifís inniu agus le cur ar fáil ar sheinnteoir an stáisiúin

Teanga Chomharthaíochta na hÉireann curtha le sraith teilifíse Gaeilge den chéad uair

Craolfar sraith teilifíse Gaeilge i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann den chéad uair riamh tráthnóna.

Tá sé fógartha ag TG4 go bhfuil leagan Teanga Chomharthaíochta na hÉireann (ISL) de chuid na sraithe Saol Ella, an tsraith drámaíochta do dhéagóirí, cruthaithe agus go bhfuil sé le craoladh ar an teilifís inniu agus le cur ar fáil ar sheinnteoir an stáisiúin.

Danú Media a léirigh an tsraith do TG4 agus chuaigh an comhlacht léiriúcháin Gaeltachta i bpáirt leis an gcomharthóir ateangaireachta Romy O’Callaghan chun an leagan ISL de Saol Ella a chruthú. Bhí Danú Media i dteagmháil freisin le Cumann Bodhar na hÉireann agus leis an gcarthanacht Chime chun a chinntiú go ndéanfar freastal ceart ar phobal bodhar na hÉireann.

Dúirt Siobhán Ní Ghadhra, léiritheoir sraithe ar Saol Ella agus stiúrthóir bainistíochta Danú Media, gur “dúshlán nua” a bhí i leagan ISL den tsraith a chruthú ach gur ceann fiúntach a bhí ann agus go rabhthas bródúil as ábhar a chruthú don phobal bodhar.

Seolfar an leagan nua den tsraith ag meán lae tráthnóna i Sráidbhaile na mBodhar i mBaile Átha Cliath agus craolfar é ar TG4 ag 1.00in. Craolfar an tsraith go seachtainiúil ina dhiaidh sin ar shuíomhanna idirlín Cúla4 agus TG4.

Meastar go bhfuil thart ar 5,000 duine in Éirinn a bhfuil ISL mar phríomhtheanga acu. Deirtear freisin go bhfuil breis is 5,000 páiste agus duine óg atá bodhar nó nach bhfuil an éisteacht go maith acu i mbunscoileanna agus iarbhunscoileanna na tíre agus cé nach mbeadh ISL ag a bhformhór, táthar ag súil go spreagfaidh an leagan nua de Saol Ella iad chun an teanga a fhoghlaim.

Dúirt Chime gur scéal iontach a bhí ann go raibh leagan ISL ar fáil de Saol Ella agus go raibh súil acu go gcuirfeadh an tsraith le feasacht a scaipeadh ar ISL agus go leanfadh craoltóirí eile sampla TG4.

Chuir Coimisiún na Meán tacaíocht ar fáil chun an leagan ISL de Saol Ella a chruthú agus dúirt Coimisinéir Forbartha na Meán, Rónán Ó Domhnaill, gur sampla iontach a bhí sa togra den tacaíocht a chuirtear ar fáil faoin scéim Fís & Fuaim de chuid an Choimisiúin.

Scéal faoi chailín óg Gaeltachta é Saol Ella, ina n-iompaítear a saol bunoscionn nuair a shocraíonn a hathair Gaeilgeoirí a choinneáil. Ba í Ciara Cox ón Spidéal a bhí sa phríomhpháirt sa tsraith.

Fág freagra ar 'Teanga Chomharthaíochta na hÉireann curtha le sraith teilifíse Gaeilge den chéad uair'

  • Seán ÓM

    Maith sibh.
    Is teanga dhúchasach na hÉireann i TCÉ freisin agus tá sé go hiontach go bhfuiltear ag taispeáint dlúthpháirtíochta sa bhealach seo.

    Má throideann tú ar son cearta teanga do dhream eile, tá tú ag troid ar son do chearta teanga féin freisin.

    Dlúthpháirtíocht go deo!