Is cuma cé chomh mór agus chomh scaipthe a éiríonn cathair na Gaillimhe, fanann lár an bhaile mórán mór mar a bhí sí. ‘Cathair na dTreabh’ a thugtar ar Ghaillimh. Ceithre cinn déag de theaghlaigh mór le rá a bhí i gceannas ansin ó na meánaoiseanna, iad i mbun trádála agus i gceannas ar chuile shórt. Ach chuir arm Chromail deireadh lena ré órga.
Blácaigh, de Brún, D’Arcy, ffrench, Joyce, Kirwan…
Tá cuid de na hainmneacha sin ar na timpealláin atá nó a bhí ar na príomhbhóithre isteach go Gaillimh. An stair beo beathach ar AA Roadwatch.
Dream amháin de na teaghlaigh sin ab ea na Muirísigh, muintir Morris, Tiarnaí Chill Aithnín, a raibh an teach mór acu sa Spidéal agus a sliocht fós ag tarraingt ann.
Bhí mé ag smaoineamh ar na treibheanna sin agus mé ag spaisteoireacht timpeall na Gaillimhe an oíche cheana. Tá rian na seantreibheanna imithe ach murab ionann is bailte eile thart faoin tír, tá teaghlaigh cháiliúla fós i mbun gnó i lár na cathrach.
Níl baile ar bith sa tír anois nach bhfuil rian na gcos fágtha ag comhlachtaí móra Briotanacha orthu – Boots, Marks and Spencer, Monsoon, Tesco srl. Agus cé go bhfuil cuid acu sin le feiceáil i lár na Gaillimhe, fós féin is iad teaghlaigh ghnó na Gaillimhe féin is mó suntais agus tú ag siúl síos Sráid na Siopaí agus na sráideanna a shíneann amach uaithi.
Ansin atá siopa seodóireachta Faller a d’aistrigh ó Shráid Doiminic in 1889, Tigh Anthony Ryan atá ann le 110 bliain, Siopa Hartmann atá i nGaillimh ó 1950, siopa bia McCambridge atá ann le 95 bliain agus siopa bróg Greene’s a cheiliúir 80 bliain ansin le gairid.
Deirtear nach gcuireann arduithe ar chíos agus a leithéid isteach ar na gnóthaí sin toisc gur leis na teaghlaigh féin na foirgnimh. Agus níl amhras ar bith ach gur athraigh cuid acu thar na blianta le teacht i dtír ar stíleanna nua saoil, ar úsáid an idirlín agus mar sin de. Is cineál ‘deli’ agus caifé é McCambridge’s anois, mar shampla.
Agus mé ag spaisteoireacht timpeall an tráthnóna faoi dheireadh, sheas mé ag an siopa a bhfuil Mac Giolla Phóil agus Na Ceithre Coirnéil greanta air i lár an bhaile, áit a dtrasnaíonn Sráid Gheata na Mainistreach Sráid Uilleam. Bhí na dallóga anuas leath bealaigh, é ag tarraingt ar an sé a chlog agus ba ghearr go mbeadh sé in am dúnta.
Bhreathnaigh mé isteach idir na dallóga. Sa liathdhorchadas bhí fear ina sheasamh i lár an tsiopa agus é ag caitheamh súil ar leabhrán ceoil.
Chuaigh mé isteach agus labhair mé leis. Colm Powell féin a bhí ann. Níor fhéad mé a chreidiúint go raibh sé fós ar urlár an tsiopa, an áit ar chas mé leis i dtosach nuair a bhí mé i mo mhac léinn i nGaillimh sna seachtóidí.
Bhí comhrá gearr again – bhí na soilse á múchadh sa siopa. Mheabhraigh mé dhó gur sna Cheithre Coirnéil a cheannaíodh mé mo chuid uirlisí agus giuirléidí ealaíne thar na blianta. San Ollscoil bhínn ag péinteáil póstaer de lámh do na heagraíochtaí éagsúla mac léinn. Ansin chaith mé tréimhse i mbun ealaíne sa gColáiste Réigiúnach (IT anois), agus ina dhiaidh sin chaith mé tamaillín ag aisteoireacht agus i mbun obair ealaíne don chomplacht drámaíochta Druid.
Ba Tigh Phowell freisin a cheannaíodh mé mo chuid ábhar ealaíne nuair a bhíodh mé ag déanamh obair ealaíne i réimse na foilsitheoireachta, do Chló Chois Fharraige agus don Ghúm. Bhíodh comhairle agus cairdeas i gcónaí le fáil ón bhfear é féin, an tUasal Powell.
Agus an raibh ábhar ealaíne fós á dhíol aige thuas staighre sa lá inniu? Bhí, a dúirt sé liom. Agus neart ábhar eile lámhcheardaíochta – fiú amháin le haghaidh obair ar nós gloine-dhathú, dúirt sé. Agus thíos ar urlár na talún, díreach mar a bhí ó thús ama sa siopa, feadóga stáin, fidleacha, uirlisí ceoil práis, giotáir, leabhráin cheoil, dlúthdhioscaí agus go leor eile.
Pluais Alaidín cheart don té a mbeadh grá aige don cheol agus don obair ealaíne.
Tá Tigh Phowell sna Ceithre Coirnéil ón mbliain 1918. Ach má sheasann tú siar uaidh feicfidh tú go bhfuil an foirgneamh féin i bhfad níos sine ná sin. Nuair a d’fhiosraigh mé é ina dhiaidh sin, fuair mé amach gur thart ar an mbliain 1500 a tógadh ar dtús é. Rinneadh athruithe air ó shin – na fuinneoga ach go háirithe, ach tá crot an fhoirgnimh mórán mór mar a bhí sé ó thús agus tá fuinneoga eile ann atá chomh sean leis an teach féin. Tugadh na ‘Ceithre Coirnéil’ air toisc go meastar nach raibh ach crosbhóthar amháin i lár an bhaile ag an am agus mhair an t-ainm trí na haoiseanna.
Ceapadh nuair a d’aistrigh siopa Uí Chionnaith amach as lár an bhaile roinnt mhaith blianta ó shin go raibh deireadh ré tagtha. Ar bhealach bhí, toisc go raibh ceangal chomh láidir sin ag muintir Kenny le saol cultúrtha agus ealaíne na Gaillimhe. Is cuimhin liom féin a bheith i mbun clár teilifíse ann leis an léiritheoir as an Spidéal, Maidhc P Ó Conaola. Bhí muintir Uí Chionnaith iad féin i mbun atógála sa siopa leabhar ag an am agus tháinig na tógálaithe ar sheantinteán, nuair a bhaineadar an plástar de cheann de na ballaí. Sa 15ú haois, ceapadh, a tógadh an tinteán féin.
Agus anois agus Gaillimh ag tabhairt a haghaidh ar ‘Gaillimh 2020’ is fiú a mheabhrú dúinn féin go bhfuil seantreibheanna fós i mbun trádála sa gcathair agus go gcoinníonn siadsan spiorad tábhachtach beo – spiorad an teaghlaigh agus spiorad an chairdis.
Tá mé cinnte go bhfuil mic léinn óga ag déanamh a mbealach isteach Tigh Phowell i gcónaí agus gan a fhios acu céard ba cheart a cheannach. Gheobhaidh siad comhairle – agus an focal cneasta fós ansin.
An Teanga Bheo
Gaillimh abú is sea Gaillimh do 2020 silim!
Fillis
Is iontach an seirbhis ata a dheanamh agat a Mhairead agus Gaillimh 2020 le buaileadh orainn! Bheirim Buiochas suit.