Teaghlach Ríoga Mheiriceá – scéalta daonna agus tuairiscí tragóideacha

Is í an cheist mhór in imeacht na mblianta ná ar mharaigh Lee Harvey Oswald Uachtarán Mheiriceá as a stuaim féin. Scaoileadh le 2,800 cáipéis eile faoin gcás an tseachtain seo…

Teaghlach Ríoga Mheiriceá – scéalta daonna agus tuairiscí tragóideacha

Bhí nós ag Ted Kennedy go ligeadh sé a scíth i bhfolcadán uisce ag tuairim is a dó a chlog tráthnóna.  Ba chuma cé chomh tromchúiseach agus a bhí dualgais an lae, théadh an Cinnéideach i bhfolach ar a shuaimhneas sa bhfolcadán agus chaitheadh sé cuid mhaith d’uair an chloig sínte ansin scaití. 

Sin ceann de na scéalta atá i leabhar a foilsíodh an tseachtain seo faoi threibh pholaitiúil na gCinnéideach. 

Tugann ceann de na heachtraí atá luaite sa leabhar léargas ar an luí a bhí ag an gCinnéideach leis an bhfolcadán. 

Tráth dá raibh sé féin agus údar an leabhair nua seo, Gerard Doherty, ag stocaireacht do thoghchán amach faoin tír in Massachusetts bhuail traochadh Ted Kennedy.  Stopadar an carr ag teach feilme agus d’fhiafraigh Doherty d’fhear an tí an ligfeadh sé Ted Kennedy isteach nó go sínfeadh sé amach é féin ar feadh tamaill sa bhfolcadán.  Shíl an feilméara gurbh é an chaoi a rabhthas ag deargmhagadh faoi nó gur tháinig an Cinnéideach féin isteach an geata. 

An fear a scríobh an leabhar seo, Gerard Doherty, bhí dlúthbhaint aige leis an triúr dearthár – John F., Robert agus Ted Kennedy.  Bhí sé ina chomhairleoir agus ina stiúrthóir acu ar fheachtais agus ar imeachtaí toghcháin ó thosaíodar amach ar chosán na polaitíochta i lár na 1940dí.   Jack, Bob and Teddy – They were my Friends an teideal atá ar an leabhar a seoladh i Leabharlann Chuimhneacháin an Chinnéidigh, an JFK Library i mBoston, an tseachtain seo.

Tá Gerard Doherty, dlíodóir agus fear gnó, ionann agus 90 bliain d’aois anois.  Rugadh agus tógadh é in Charlestown in Boston. I 1946 agus é an-óg a chuir sé aithne ar John Fitzgerald Kennedy a bhí sa tóir san am ar shuíochán mar dhuine d’ionadaithe Mhassachusetts i dTeach na nIonadaithe in Washington.   An chéad chuimhne atá aige ar John F. Kennedy ná nach raibh scioltar air san am, cuma thanaí éidreorach air.  Ach is gearr gur thuig Doherty, arbh as Dún na nGall a bhunadh, go raibh miotal sa gCinnéideach ar bhealaí go leor.

Leabhar moltach í seo ar na Cinnéidigh ó fhear a shiúil cosáin an tsaoil leo.  Saothar eile atá ann a chuireann leis na milliúin focal atá scríofa faoi theaghlach ríoga na polaitíochta i Meiriceá. 

B’fhéidir nach aon dochar é go bhfuil aghaidh dhaonna agus phearsanta ar an leabhair nua seo faoi mhuintir Chinnéide an tseachtain seo, seachtain ina bhfuil cíoradh ar bun in athuair ar fheallmharú an Uachtaráin John F. Kennedy in Dallas 54 bliain ó shin.

Is é uimhir a haon san World Trade Centre an foirgneamh is airde sna Stáit Aontaithe agus é 1776 troigh ar airde.  Dá gcuirfí a bhfuil an de leabhair agus cáipéisí agus ailt faoi fheallmharú an Uachtaráin i mullach a chéile, is beag nach mbeidís chomh hard leis an.   2,800 cáipéis a ligeadh amach an tseachtain seo, cuid acu a bhaineann le hobair an FBI agus an CIA sa tréimhse sular feallmharaíodh an Cinnéideach agus cuid eile acu a bhaineann leis an bhfiosrúchán a rinneadh.   

Shocraigh an tUachtarán Trump go gcoinneofaí faoi rún go fóill roinnt mílte eile cáipéis de bharr iarratais ón FBI agus an CIA.  Ar ndóigh cothaíonn an drogall atá ar an FBI agus an CIA na cáipéisí uilig a ligean amach amhras go bhfuil rud éigin le ceilt acu, nó nach ndearnadar a gcuid oibre go maith i dtús na 1960idí. Déarfadh an FBI agus an CIA go bhféadfadh an t-eolas atá sna cáipéisí atá i gceist, ainmneacha daoine, foinsí rúnda, modhanna oibre, srl, slándáil agus sábháilteacht na Stát Aontaithe a chur i mbaol.

Is í an cheist mhór in imeacht na mblianta ná an ndearna Lee Harvey Oswald an feallmharú as a stuaim féin nó an raibh plean agus comhcheilg ag baint leis an eachtra.

Bhunaigh an tUachtarán Lyndon Johnson an Warren Commission le dhul go bun an údair go gairid tar éis fheallmharú an Uachtaráin Kennedy.  Bhí an coimisiún sin faoi stiúir Earl Warren, iarPhríomh-Bhreitheamh na Stát Aontaithe.   Tháinig an Coimisiún ar an gcinneadh gurbh é Oswald a rinne an marú gan cabhair ná comhairle ó dhuine ar bith eile.

Ní raibh aon ghlacadh leis sin ag cuimse daoine agus cuireadh amach scéalta agus leabhair as éadan ag cur leaganacha eile ar scéal an fheallmharaithe.  Bhunaigh an Seanad agus Teach na nIonadaithe in Washington coiste dá gcuid féin i 1976 a rinne mionscrúdú ar fheallmharú an Uachtaráin Kennedy agus ar fheallmharú Martin Luther King Jnr (1968).  Tháinig Coiste Washington ar an intinn nach raibh aon chomhcheilg ar bun i gCúba, san Aontas Sóivéadach ná ag an CIA féin (bhí na ráflaí sin ann) maidir le feallmharú an Uachtaráin.  Ach dúradh “gur dóigh” go raibh an dara gunnadóir páirteach sa bhfeallmharú.   

Rinne idir eolaithe agus lucht gunnaí is airm mionscrúdú ar theoiric seo an dara gunnadóir níos deireanaí agus cruthaíodh go bhféadfadh duine amháin as féin an marú a dhéanamh ar an gcaoi ar tharla sé.

Go dtí seo áirítear go bhfuil 42 grúpa éagsúil, 82 feallmharfóir agus 214 duine atá ainmnithe luaite le feallmharú John Fitzgerald Kennedy ag daoine nach nglacann leis go raibh Lee Harvey Oswald ag feidhmiú as a stuaim féin in Dallas ar an 22 Samhain, 1963.

Ceann de na scéalta comhcheilge a tháinig chun cinn ná gur cuireadh oiliúint san Aontas Sóivéadach ar fhear a bhí díreach cosúil le Oswald agus gurbh é an fear anaithnid sin a rinne an marú agus nárbh é Oswald.  D’iarr bean chéile Lee Harvey Oswald go dtógfaí corp a fir as an uaigh.

Ar an 4 Deireadh Fómhair, 1981 chuathas in éadan na huaighe coincréite ina bhfuil Oswald curtha i reilig Rose Hill in Texas.  Fuarthas amach go raibh an choincréit scoilte agus go raibh corp Oswald ídithe go mór.  Ach bhí dóthain dá thaisí fágtha ina chulaith dhonn gurbh fhéidir tástálacha a dhéanamh orthu.  Deimhníodh gurbh é Oswald a bhí ann. Lee Harvey Oswald a rugadh in New Orleans i 1939, iarshaighdiúir muirí in arm Mheiriceá a raibh luí aige le teoiricí Karl Marx.

Ní athróidh an 2,800 cáipéis a foilsíodh an tseachtain seo intinn na ndaoine a deir gurbh é Oswald a rinne an feallmharú, gan cúnamh ná comhairle ó aon duine.  Ach, ní stopfaidh na cáipéisí seo lucht an amhrais ach an oiread.

Tá an tsúil a bhí an FBI agus an CIA a choinneáil ar Oswald sa tréimhse roimh mharú an Uachtaráin ar an gceist is mó a bhfuil aird tarraingthe uirthi in athuair de bharr fhoilseacháin na seachtaine seo.  Bhí Oswald in Ambasáid an Aontais Shóivéadaigh i Meicsiceo ar an 28 Meán Fómhair 1963 agus é ag casadh le feidhmeannaigh ansin. Deirtear go raibh duine acu sin bainteach le heagraíocht a rinne feallmharuithe a stiúradh. 

Choinnigh an CIA agus an FBI súil air, bhí cuntas acu, mar shampla, ar na suíocháin a bhí aige ar bhusanna i Meicsiceo agus ar na daoine a bhí ina suí i ngar dó. 

Ach cén chaoi ar tharla sé mar sin nach raibh súil agus srian coinnithe air in Dallas ar an 22 Samhain, 1963?

Tá iarrtha ag an Uachtarán Trump ar an CIA agus an FBI measúnú as an nua a dhéanamh ar na cáipéisí atá fós coinnithe faoi rún. 

Tá an tUachtarán ag iarraidh go mbeadh an obair sin déanta taobh istigh de shé mhí.  Ní chreideann 61% de phobal Mheiriceá fós nach raibh ach duine amháin páirteach san eachtra inár feallmharaíodh John Fitzgerald Kennedy. 

B’fhéidir go mbeadh an scéal níos soiléire dá dtiocfadh na cáipéisí atá fós faoi rún amach agus b‘fhéidir nach mbeadh.

Léitheoireacht níos éadroime ná sin atá i leabhar Gerard Doherty:  Jack, Bob and Teddy – They were my Friends.

Fág freagra ar 'Teaghlach Ríoga Mheiriceá – scéalta daonna agus tuairiscí tragóideacha'