Teachtaireacht láidir ón nGaeltacht do Chomhairle Chontae na Gaillimhe – ná téir ar aghaidh le hathrú ar pholasaí pleanála

Tá iar-aire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív ina measc siúd a bhfuil aighneacht curtha faoi bhráid Chomhairle Chontae na Gaillimhe aige ag éileamh go gcuirfí siar aon chinneadh faoi athrú atá beartaithe a dhéanamh ar phlean forbartha an chontae

Teachtaireacht láidir ón nGaeltacht do Chomhairle Chontae na Gaillimhe – ná téir ar aghaidh le hathrú ar pholasaí pleanála

Tá aighneacht curtha faoi bhráid Chomhairle Chontae na Gaillimhe ag iar-aire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív ag éileamh go gcuirfí siar aon chinneadh faoi athrú atá beartaithe a dhéanamh ar phlean forbartha an chontae toisc go bhféadfadh impleachtaí “tromchúiseacha” a bheith ag an athrú sin d’inmharthanacht na Gaeltachta.

Ba é inné an spriocdháta d’aighneachtaí faoi athrú conspóideach atá beartaithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe a dhéanamh ar a bpolasaí pleanála tithíochta sa Ghaeltacht.

Chuir Cumann Forbartha Chois Fharraige agus Fóram Um Pleanáil Teanga Chois Fharraige aighneachtaí faoi bhráid na Comhairle chomh maith ag iarraidh nach rachfaí ar aghaidh leis an athrú polasaí, a deirtear a d’fhéadfadh dochar mór a dhéanamh don teanga sa Ghaeltacht. Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil aighneachtaí dá leithéid curtha faoi bhráid na Comhairle ag roinnt grúpaí agus daoine aonair eile chomh maith.

Deir Éamon Ó Cuív nach bhfuil sé “soiléir ón bplean cén smaoineamh a rinneadh faoin tionchar atá ag na polasaithe pleanála reatha ar inmharthanacht theanga na Gaeltachta ná ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an bplean leasaithe”.

Dar le Ó Cuív nach bhfuil sé soiléir ach oiread cén céatadán de thithe i bhforbairtí nua a mbeadh coinníoll teanga ag baint leo faoin bpolasaí nua, ná conas a chinnteofaí go gcuirfí aon choinníoll teanga i bhfeidhm.

Deirtear in aighneacht an Teachta Dála go bhfuil an plean nua dírithe go mór ar thrí bhaile Gaeltachta – An Spidéal, Baile Chláir agus An Cheathrú Rua – agus gan aon scrúdú ceart déanta ann ar riachtanais sa chuid eile den Ghaeltacht, oileáin Árann san áireamh.

San aighneacht, a bhfuil cóip di feicthe ag Tuairisc.ie, moltar an cinneadh faoin athrú ar pholasaí pleanála na Comhairle sa Ghaeltacht a chur siar go dtí go mbeidh fáil ar na treoirlínte leasaithe pleanála tuaithe agus go dtí go mbeidh glactha leis an gCreat Náisiúnta Pleanála.

Deir Ó Cuív go bhfuil treoir Rialtais faighte ag na húdaráis áitiúla gan aon leasú a dhéanamh ar a bpolasaithe pleanála fad is atáthar ag fanacht le treoirlínte faoi impleachtaí cás cúirte i gCúirt an AE.

Deir an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil go bhféadfadh cinneadh a rinneadh i gCúirt an AE  i gcás a dtugtar an ‘Flemish Decree Case’ air “impleachtaí an-tromchúiseach a bheith aige don Ghaeltacht”.  I bhfianaise an chinnidh sin, tá amhras ann faoi dhlisteanacht rialacha pleanála a thugann tús áite sa chóras pleanála tithíochta do ‘mhuintir na háite’ ar chúiseanna tíreolaíochta, cultúir, teanga nó eile.

Deir Ó Cuív go bhfágann an t-amhras sin go mb’fhéidir go mbeadh “gá le cur chuige nua chun go mbeifear in ann patrún lonnaíochta na Gaeltachta agus slánchúis theanga na Gaeltachta a chosaint”. Ní bheadh an méid sin “soiléir” go mbeadh bailchríoch curtha ar na Treoirlínte Pleanála Tuaithe nua agus ar an gCreat Náisiúnta Pleanála, a deir sé.

Idir an dá linn, iarrtar in aighneacht a sheol Cumann Forbartha Chois Fharraige chuig Comhairle Chontae na Gaillimhe inné nach rachfaí ar aghaidh leis an athrú atá beartaithe a dhéanamh ar Phlean Forbartha an Chontae 2015 – 2021. Moltar san aighneacht sin go gcuirfí síneadh ama le Plean Ceantair Áitiúil Gaeltachta na Comhairle, a tháinig isteach in 2008, agus go mbeadh próiseas comhairliúcháin ann maidir le “athnuachan” a dhéanamh ar an bplean sin. Deir Cumann Forbartha Chois Fharraige nach mbeadh “aon chiall” feasta le polasaí na Comhairle “An Ghaeltacht a chaomhnú agus a chur Chun Cinn sa Phróiseas Pleanála” sa chás go dtabharfaí an straitéis nua isteach.

I bPlean Ceantair Áitiúil Gaeltachta na Comhairle, deirtear gur gá coinníoll teanga a chur ar 80% de na tithe in aon fhorbairt sa Ghaeltacht ina mbíonn dhá theach nó níos mó, ach faoin athrú atá beartaithe ar pholasaí pleanála na Gaeltachta, ní léir go mbeadh aon ghá le haon choinníoll teanga dá leithéid taobh amuigh de shráidbhailte na Ceathrún Rua, an Spidéil agus Bhaile Chláir.

Deirtear in aighneacht Chumann Forbartha Chois Fharraige nach leor an chosaint a thugtar don Ghaeilge sa pholasaí nua “fiú amháin sa Spidéal, an t-aon áit i gCois Fharraige ina mbeidh Clásal Feidhme Teanga á chur i bhfeidhm”.

Maíonn an cumann forbartha nach raibh an próiseas comhairliúcháin i dtaca le plean a chur le chéile do cheantar Gaeltachta “sásúil” agus “nach raibh Gaeilge ag ceachtar de na hinnealtóirí a bhí i mbun an chomhairliúcháin leis na pobail”.

“Is léir go dteastaíonn foireann bhreise i Rannóg Pleanála na Comhairle Contae, foireann le Gaeilge ach go háirithe, le gur féidir leo seirbhís iomlán a thabhairt do phobal na Gaeltachta,” a deirtear.

Luaitear chomh maith in aighneacht an chumainn Ghaeltachta an ‘Flemish Decree Case’ agus an treoir a tugadh do na húdaráis áitiúla gan aon athrú a dhéanamh ar a bpolasaithe pleanála nó go mbeadh treoirlínte nua ar fáil dóibh i dtaobh impleachtaí an cháis sin.

Déanann Éamon Ó Cuív cáineadh ina aighneacht siúd chomh maith ar an bpróiseas a bhain leis an bplean nua ‘Athrú Uimh. 2(b-Gaeltacht)  Plean Forbartha Chontae na Gaillimhe, 2015 – 2021’.

Deir Ó Cuív go raibh an tréimhse aon mhí agus ocht lá do thaispeántas poiblí an phlean róghearr agus tréimhse na Nollag/na hAthbhliana ina lár istigh.

Deir sé gur chóir cruinnithe poiblí a eagrú i ngach ceann de na sé cheantar shainiúla atá luaite sa bplean leis an bpobal a chur ar an eolas faoi agus chun aiseolas a fháil uathu. Ba chóir, a deir an Teachta Dála, cuireadh a thabhairt chuig na cruinnithe sin d’Údarás na Gaeltachta agus don Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta chomh maith le hionadaithe tofa Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Teachtaireacht láidir ón nGaeltacht do Chomhairle Chontae na Gaillimhe – ná téir ar aghaidh le hathrú ar pholasaí pleanála'

  • Ruairí

    Is Beag leigheas atá ar an scéal seo. Fiú mura nathraítear an plean Chondae. Ní cuirtear coinníolacha teanga i bhfeidhm ach go fíor annamh! Ach ar aon nós ní bheidh an AE ar son tús áite a thabhairt do muintir na háite. Tús áite do lucht an rachmais mar is gnách toisc nach mbeidh muintir na háite in ann praghasannna arda tithíocht a íoc sna sráidbhailte, sa Spidéil go háirid. Ní mór Gaeilgeoirí na Gaeltachta a chur ar an liosta céanna “endangered species” leis na ceannbháin. Dá mbeadh caonach neamhghnách ag fás i gcluasa muintir na Gaeltachta bheadh cosaint eicínt againn ach níl ionainn ach daoine.