Teacht aniar an Trumpaigh agus RTÉ ag rith le brothall

Bhí 7Lá i Nua-Eabhrac agus bhí RTÉ luite amach orthu féin lena gclúdach ar chomhaireamh thoghchán na huachtaránachta i Meiriceá, ach an raibh gá leis? 

Teacht aniar an Trumpaigh agus RTÉ ag rith le brothall

Tá an rás rite agus port Kamala Harris seinnte. Bhí an lá leis an iarrthóir leis an bhfeachtas toghchánaíochta is faide riamh i gcoinne an iarrthóra leis an bhfeachtas is giorra riamh. In ainneoin gur deineadh é a tháinseamh faoi dhó, gur ciontaíodh é as íocaíochtaí mídhleathacha a dhéanamh agus go bhfuil sé cúisithe as cur isteach ar thoghcháin, tá fear na gruaige oráiste ag triall ar an Teach Bán in athuair.

Bhí 7Lá (TG4, Dé Máirt, Dé Céadaoin) ag teacht chugainn ón World Trade Center i gceartlár Manhattan. Máirín Ní Ghadhra agus a cuid aíonna ag féachaint amach ar chathairdhreach Nua-Eabhrac. Paistí fada cainte againn le Seán Frederico Ó Murchú ó CNN, Frances Mulraney ó The US Sun, an Dr. Brian Ó Broin agus trachtairí eile amhail Niall Ó Muilleoir, Caoimhe Nic Giollarnáith agus Diarmuid Mac Suibhne. Bhí roinnt rudaí suimiúla le rá acu, ach bhí na cláir gann ar thuairiscí agus léaráidí a chuirfeadh beocht sa chúram agus leis an mbraistint go rabhamar ‘ar an láthair’.

Bhí meitheal RTÉ chugainn do chláir éagsúla oíche Dé Máirt agus maidin Dé Céadaoin (Prime Time agus US Presidential Election Special, RTÉ1). Cad é cur is cúiteamh  faoi vóta na bhfear agus vóta na mban; vóta an phobail Latino agus vóta na Meiriceánach Afracach; an vóta uirbeach, fo-uirbeach is tuaithe; vóta na n-óg agus vóta na seanóirí. Cad é caint chomh maith faoi na hábhair éagsúla a raibh tionchar acu ar an bpobal: an inimirce, Roe v Wade, an geilleagar srl.

Faoi mar a dúrt Jim Carville in1992: ‘It’s the economy, stupid’ agus sa chás seo sé an boilsciú atá ag teannadh ar dhaoine. Faoi mar a dúrt comhfhreagraí Mheiriceá RTÉ, Sean Whelan, bhain na praghsanna siar as nuair a bhog sé féin go Meiriceá agus luaigh sé go bhfuil breis agus dollar ar oinniún amháin.

Bhí Miriam O’Callaghan, Louise Byrne agus Yvonne Murray bailithe leo go Meiriceá chomh maith don chúpla lá. Bhí paiste cainte leis le Donncha Ó Murchú. Clár uair an chloig i dtosach na hoíche agus clár ceithre uair an chloig ár dtabhairt go bundún dearg na hoíche.

Taibhsíodh dom go raibh an rud ar fad ábhairín iomarcach; go mórmhór agus teacht ag mórán againn ar CNN is cainéil eile nach iad. Go deimhin bhí RTÉ féin ag imeacht go CBS agus bhí aíonna beo acu ar scáileán. Bhí Sarah McInerney agus David McCullagh ag baile agus Miriam teanntaithe taobh thiar de bhord neafaiseach in Washington. Go deimhin don chlár Prime Time níor tugadh ainmneacha/róil na n-aíonna ar scáileán.

Meascán mearaí d’aíonna ar an dá thaobh den Atlantach: Gina London, iar-chomhfhreagraí le CNN; iar-ambasadóir na hÉireann, Kevin O’Malley; an feisire Brendan Boyle agus mórán eile nach iad.

Go deimhin bhí triúr iar-chomhfhreagrathe Mheiriceá RTÉ i mbun cainte i rith na gclár: Mark Little, Brian O’Donovan agus Carole Coleman. Ní nach ionadh deineadh anailís ghrinn ar na seacht Stát luaineacha (Wisconsin, Nevada, Arizona, Georgia, North Carolina, Michigan agus Pennsylvania).

Deineadh neart cainte faoi chúlra Éireannach na rannpháirtithe ach b’ábhar díomá dom

nár deineadh aon trácht ar thábhacht nó easpa tábhachta vóta na nGael-Mheiriceánach. An é nach gcaitheann siad vóta mar mheitheal a thuilleadh, an é go bhfuil an pobal róbheag le tionchar a imirt nó an é nach bhfuil siad sna Stáit luaineacha. Bhí míreanna beaga ag 7Lá an dá oíche le ceathrar nó cúígear Gael-Mheiriceánach ach níor leor sin leis an ngoile a shásamh.

N’fheadar arbh fhiú fanacht i mo shuí le féachaint ar RTÉ ag rith le brothall.

Fág freagra ar 'Teacht aniar an Trumpaigh agus RTÉ ag rith le brothall'