Teacht aniar á dhéanamh ag an ‘éan Gaeltachta’ atá i mbaol a dhíothaithe

Bhíodh an traonach le fáil go fairsing ar fud na hÉireann tráth ach tá sé anois i measc na speiceas is mó atá i mbaol in Éirinn

Teacht aniar á dhéanamh ag an ‘éan Gaeltachta’ atá i mbaol a dhíothaithe

Tá teacht aniar á dhéanamh ag an ‘éan Gaeltachta’, an traonach, atá i mbaol a dhíothaithe.

De réir figiúirí nua tá ardú tagtha ar líon na dtraonach in Éirinn den chéad uair ó 2014 agus ardú 8% ar líon na gcoileach. Meastar gurb í an aimsir bhreá is cúis leis an ardú seo ar líon na dtraonach. 151 coileach atá anois in Éirinn, agus iad go léir nach mór i gcontae Mhaigh Eo, i nGaeltacht Chonamara agus i nGaeltacht Dhún na nGall.

Bhíodh an traonach le fáil go fairsing ar fud na hÉireann tráth ach tá sé anois i measc na speiceas is mó atá i mbaol in Éirinn.

Bhíodh an t-éan go láidir, mar shampla, i gCalaí na Sionnaine ach tá an traonach imithe as an gceantar sin le tamall de bhlianta anuas.

De réir thuarascáil bhliantúil Corncrake Project an Rialtais, i nDún na nGall a bhí 90 coileach in 2018, agus ba ar oileáin Dhún na nGall a bhí 59 díobh sin.

Tá €2.4 milliún caite ag an Stát ó 2012 leis an traonach a thabhairt slán.

In ainneoin teacht aniar áirithe a bheith déanta ag an traonach, de réir na tuarascála tá a bhfuil i ndán dó in Éirinn idir dhá cheann na meá agus gá le beartais bhreise chun teacht i gcabhair air.

De réir staidéar eile a rinneadh in 2017 is é an traonach an fauna is mó atá i mbaol a dhíothaithe in Éirinn, agus bail níos measa air ná mar atá ar an ialtóg, an cnádán, an bheach agus an eascann. 

Bunaíodh Clár Caomhnaithe na dTraonach, scéim Rialtais leis an traonach a shábháil, i 1991.

Bhí an traonach le fáil i bhFear Manach agus áiteanna eile in Éirinn an t-am sin, ach le ceithre bliana anuas níor airíodh traonach ar bith i gCalaí na Sionainne agus tá a líon tite go mór i Maigh Eo chomh maith.

Tá fairtheoir éan fostaithe ag an NPWS le súil a choinneáil ar an traonach ó bhí 2010 ann. Tá ceantar speisialta caomhnaithe aitheanta ag an eagraíocht anois chomh maith agus deontas agus íocaíochtaí eile ar fáil d’fheirmeoirí a dhéanann iarracht gan cur isteach ar an traonach ar a gcuid talún.

Fág freagra ar 'Teacht aniar á dhéanamh ag an ‘éan Gaeltachta’ atá i mbaol a dhíothaithe'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    An traonach sa bhád céanna leis an Ghaeilg sa Ghaeltacht is cosúil…

    Cluintear an t-éan ar an mórthír fosta…ach tá go leor nach bhfuil ag iarraidh é a chluinstean ná é a chaomhnú – comhairleoirí contae áitiúla ina measc…

    Coinníoll Ghaeilge don Ghaeltacht