Rachaidh géarchéim na tithíochta in olcas sa chúig bliana amach romhainn in ainneoin go bhfuil béim faoi leith leagtha ag an rialtas ar réiteach a aimsiú ar an bhfadhb mhór seo.
Sin é an tátal lom crua atá le baint as tuarascáil nua leis an an Dr Rory Hearne agus an Dr Mary Murphy ó Ollscoil Mhá Nuad.
Deirtear sa tuarascáil gurbh amhlaidh gur mheasa an scéal de bharr polasaí rialtais éagsúla brath ar an earnáil phríobháideach le tithíocht shóisialta a chur ar fáil.
Bhí scéal níos tromchúisí fós sa tuarascáil ó Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas ina ndearnadh cáineadh géar ar na moil tithíochta in áit an tseanchórais lóistín a bhíodh ann do dhaoine le fadhbanna tithíochta.
Mhaígh an Coimisiún nach bhfuil caighdeán ceart maireachtála sna moil agus, dar le gníomhaí tithíochta amháin, go bhfágann an córas nua go bhfuil ‘Teach na mBocht’ chugainn arís.
Dúirt an Coimisiún gurbh é an rud is lú go mbeifeá ag súil leis ná nach mbeadh ar aon teaghlach níos mó ná trí mhí a chaitheamh ina leithéid d’áit. Mura bhféadfaí a chinntiú nach dtarlódh an méid sin, bheifí ag déanamh ‘gnáthrud’ de bheith gan dídean i gcás na ndaoine is mó atá faoi mhíbhuntáiste sa stát.
I mí na Bealtaine dúirt an Roinn Tithíochta go raibh 4,922 duine fásta gan dídean, méadú eile ar an 4,760 a bhí gan dídean i mí Eanáir.
Mar sin atá in ainneoin na poiblíochta ar fad agus mar sin atá in ainneoin na ráiteas láidir ó Simon Coveney agus a chomharba Eoghan Murphy.
Tá an scéal ag dul in olcas i gcónaí.
Agus, ag an am céanna, tá praghas na dtithe ag dul in airde. Ardú 12% don bhliain a fógraíodh i mí na Bealtaine agus de réir mar a thagann ardú ar líon na dtithe atá á gceannach ag lucht infheistíochta is amhlaidh a bhrúitear tuilleadh daoine isteach i margadh an chíosa.
Agus sin é atá ar siúl. Tá sé iontach deacair i gcónaí morgáiste a fháil ó bhanc – scéal atá ag cur bac ar a lán daoine a chuaigh thar lear ag lorg oibre filleadh ar Éirinn.
Tuigeann gach éinne gur géarchéim mhór í seo, fiú an rialtas. Go deimhin sin é an fáth go mbíonn an oiread sin cainte acu faoi na pleananna éagsúla le réiteach a fháil ar an bhfadhb.
Ach, éistimis go cúramach leis na pleananna sin. Labhraíonn an rialtas (agus Fianna Fáil ag tacú leo) i gcónaí faoin margadh agus faoi cén chaoi leis an margadh a spreagadh le soláthar tithíochta níos mó a chur ar fáil. Bíonn plé rialta sna meáin ar pholasaithe a dhéanfadh níos éasca é do lucht tógála cur leis an soláthar sin: laghdú ar mhéid na n-árasán atá ceadaithe, níos lú maorlathais (ciallaíonn sin laghdú ar shlándáil domsa, duitse, is don duine a bheadh ina chónaí san árasán céanna), agus mar sin de.
Achoimre, mar sin, ar thoradh a gcur chuige: tuilleadh brabúis don lucht tógála, tuilleadh brabúis don lucht infheistíochta, tuilleadh brabúis do chairde is do dhaoine den aicme chéanna leis na polaiteoirí atá i gcumhacht.
Mar tá a fhios againn cén réiteach atá ar an bhfadhb seo dáiríre, agus is é atá i gceist ná an réiteach céanna ar éirigh leis sna 40idí, sna 50idí, sna 60idí srl. Is é sin go dtógfadh an Rialtas, trí na húdaráis áitiúla, tithíocht ar bhonn éigeandála agus ar scála ollmhór, faoi mar a rinneadh cheana le heastáit mhóra.
Mar a deir Hearne is Murphy ina dtuarascáil, cuireann an easpa infheistíochta ón stát sa tithíocht shóisialta ar ceal cearta tithíochta na ndaoine is leochailí agus is laige sa bpobal.
Molann siad gur chóir maoiniú stáit don tithíocht shóisialta a mhéadú faoi thrí, go dtí €1 billiún sa mbliain.
Ach míníonn siad go sábhálfadh an stát airgead san fhadtéarma as deireadh a chur leis na scéimeanna neamhfhiúntacha atá ann faoi láthair.
Caithfear a aithint áfach nach cabhair ar bith i gcás na héigeandála seo na rialacha fioscacha ar ghlac an tír seo leo i gComhaontú Fioscach an Aontais Eorpaigh. Má chloítear leis na rialacha sin, ní féidir airgead a fháil ar iasacht le tabhairt faoin mórfhiontar atá ag teastáil.
Is léir anois, ó na tuarascálacha seo, nach bhfuil aon réiteach ar fhadhb seo an easpa tithíochta le fáil sa mhargadh príobháideach. Is léir freisin nach bhfuil an rialtas sásta glacadh le réiteach na hearnála poiblí toisc go dtiocfadh sé sin salach ar leas a n-aicme. Cé acu is tábhachtaí dúinne mar sin, brabús lucht infheistíochta nó leas an phobail mhóir?
An bhfuil an stát ann le féachaint i ndiaidh leas an phobail nó leas an mhargaidh?
Sin í an cheist mhór atá le freagairt i bhfianaise na dtuarascálacha nua seo.
Fág freagra ar '‘Teach na mBocht’ chugainn arís ach ní spéis leis an Rialtas ach leas an mhargaidh'