Táthar chomh fada ó réiteach Breatimeachta inniu is a bhíothas i Meitheamh 2016

Níl ach coicís fágtha go dtí an cruinniú mullaigh sa mBruiséil a ndéanfar margadh ann… dar le Boris Johnson

Táthar chomh fada ó réiteach Breatimeachta inniu is a bhíothas i Meitheamh 2016

Anois nó go brách a dúradh sa cheannlíne i gceann de nuachtáin an Domhnaigh. Níl fágtha ach deich lá le teacht ar réiteach, a deir Coimisinéir nuacheaptha na hÉireann Phil Hogan. Agus ní tharlaíonn rudaí chomh sciobtha sin anseo, ar sé. Glacaigí leis na moltaí nó fágaigí iad, arsa Boris Johnson le Comhdháil na dTóraithe.

Dheimhnigh rialtas na Breataine an rud a bhí ar eolas againn ar fad le tamall anois. Níl aon réiteach ar chás na teorann seachas cúlstad nó teorainn. Agus inné moladh go gcuirfí dhá theorainn i bhfeidhm seachas ceann.

Ní foláir breathnú go fuarchúiseach ar an scéal. Níl ach coicís fágtha go dtí an cruinniú mullaigh sa mBruiséil. Seo an cruinniú ag a ndéanfar an margadh, dar le Boris Johnson. D’iarr sé Dé Máirt go mbeifí foighdeach leis agus cead a thabhairt dó na moltaí atá aige a choinneáil faoi cheilt ar mhaithe leis na cainteanna. Dúirt sé ansin inné ina óráid ag Comhdháil na dTóraithe go bhfuil sé le héirí as an gcaint ar fad mura nglactar lena chuid moltaí. Ar nós an pháistín dána.

Coicís mar sin. Meas tú céard is féidir a aimsiú san achar sin nár aimsíodh le trí bliana go leith? Tá saoirse áirithe ag Johnson ó tharla Comhdháil na dTóraithe a bheith thart. Tá moltaí na Breataine curtha faoi bhráid na Bruiséile. Tá sé i mbun sraith glaonna gutháin ar cheannairí Eorpacha in iarracht iad a mhealladh. An amhlaidh nach dtuigeann Sráid Downing go bhfuil córas ag an Aontas Eorpach leis na cainteanna seo a reáchtáil? Agus nach dtaitníonn sé leo nuair nach gcloítear leis an gcóras sin?

Beidh sé spéisiúil cé mhéad cáipéisí eile a sceithfear as seo go ceann coicíse. An as Londain nó ón mBruiséil a thiocfaidh siad? Beidh clár oibre an chruinnithe mullaigh á aontú ar an 15 Deireadh Fómhair. Beidh an cruinniú féin ann ar an 17 agus 18 den mhí. Bunaithe ar na gcaint atá ann faoi láthair ní bheidh aon réiteach ag an gcruinniú sin.

Tá dualgas ansin de réir na reachtaíochta a tugadh isteach in Westminster an mhí seo caite ar Boris Johnson síneadh ama breise a lorg. Is cosúil go bhfuil lucht Sráid Downing ag díriú ar lúb ar lár a aimsiú sa reachtaíocht sin. Tá sé ráite arís agus arís eile ag Boris Johnson nach lorgóidh sé an síneadh ama sin agus go mbeidh siad ag fágáil an AE faoi Shamhain is cuma cad a tharlóidh.

Coicís ó inniu, mar sin, a thiocfaidh an crú ar an tairne arís. Beidh muid ag cur agus ag cúiteamh faoin scéala idir na dá linn. Ach cén deireadh a bheidh aige ar fad? Dúradh ón tús go gcaithfí teorainn na hÉireann a chosaint ba chuma cad eile a tharlódh. Tá an chosúlacht ar chúrsaí faoi láthair go bhfuil an teip i ndán don mhian sin.

Tá muid chomh fada ó réiteach inniu agus a bhí muid i Meitheamh 2016.

Tar éis trí bliana agus ráithe.

Fág freagra ar 'Táthar chomh fada ó réiteach Breatimeachta inniu is a bhíothas i Meitheamh 2016'