Táthar ag fáil réidh do thoghchán, is cosúil…

An mbeidh Fianna Fáil sásta an ról céanna a ghlacadh arís? Nó cén rogha eile a bheas ann?

Táthar ag fáil réidh do thoghchán, is cosúil…

Más fíor, tá olltoghcháin i mbéal an dorais againn agus sinn istigh i lár tréimhse réamhthoghcháin. Ach in ainneoin mhíshástacht fhorleathan faoi fhadhbanna tithíochta, sláinte is pá, ní léir go bhfuil aon athrú ar pholasaithe an rialtais i ndán dúinn.

Mar a léirítear go soiléir sna pobalbhreitheanna, tá an leibhéal tacaíochta atá anois ag Fine Gael is ag Fianna Fáil in éineacht a sheasann leis na polasaithe seo, níos airde ná mar a bhí san olltoghchán deireanach.

Thuairiscigh Fiach Kelly san Irish Times go ndúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Barry Cowen, nach cosúil go leanfadh Fianna Fáil leis an gComhaontú Muiníne is Soláthair tar éis an bhuiséid i mí Dheireadh Fómhair.

Ar ndóigh, ní ag labhairt thar ceann Mhichíl Martin a bhíonn Cowen, agus b’fhéidir gur ag tabhairt dúshlán cheannaire a pháirtí a bhí sé, ach más ea tá loighic ag baint le scéal mar sin a chur os comhair an phobail.

Is sa chomhthéacs sin atáthar ag déanamh measúnú ar na hathruithe  a rinneadh ar bhinse tosaigh Fhianna Fáil agus ar cheapachán Dhara Calleary mar stiúrthóir polasaí go háirithe.

Tá fadhb ag Fianna Fáil ámh, mar is léir.  Le breis is bliain anois tá Fine Gael chun tosaigh orthu sna pobalbhreitheanna agus bearna cúig phointe eatarthu ar an meán. Más fíor do na pobalbhreitheanna seo, agus níl aon fhianaise eile againn a chruthódh a mhalairt, beidh Fine Gael chun tosaigh ar Fhianna Fáil arís agus is é is dóichí gur iad Fine Gael is mó a bhainfidh buntáiste as aon laghdú ar thacaíocht na neamhspleách.

Is ar éigean a bheidh Fine Gael in ann móramh a bhaint amach chun rialtas a bhunú, fiú le tacaíocht ó neamhspleáigh nó ó pháirtí an Lucht Oibre – agus mar sin beidh siad ag brath arís ar chomhaontú muiníne is soláthair éigin le Fianna Fáil.

Ach an mbeidh Fianna Fáil sásta an ról sin a ghlacadh arís? Nó cén rogha eile a bheas ag an bpáirtí? Ta ionsaithe láidre déanta go rialta ag Micheál Martin ar Shinn Féin agus beidh sé iontach deacair dósan comhaontú a dhéanamh le Sinn Féin a chuirfeadh Fianna Fáil ar ais in oifig.

Go deimhin, ó thaobh dearcadh náisiúnta de, i dtaobh chúrsaí an Tuaiscirt, agus i dtaobh cheist na Gaeilge freisin, is cosúil go bhfuil Fine Gael níos tuisceanaí mar gheall ar Shinn Féin. Mar sin féin, is dóigh liom nach fiú comhaontú idir Fine Gael agus Sinn Féin a chur san áireamh sa phlé seo mar gheall ar na difríochtaí móra eatarthu maidir le cúrsaí eacnamaíochta, sóisialta agus idé-eolaíochta.

B’fhearr le Fianna Fail go mbeadh cúrsaí mar a bhídís agus an dá mhórpháirtí ag babhtáil tréimhsí rialtais lena chéile. Ach níl comhartha dá laghad ann go dtarlódh a leithéid. Mura bhfuil Fianna Fáil ag iarraidh a bheith de shíor ina bpáirtnéirí sóisearacha ag Fine Gael beidh orthu aghaidh a thabhairt luath nó mall ar an bhfírinne uafásach – beidh gá acu le Sinn Féin.

B’fhearr le Martin, creidim, lá na cinniúna a chur ar an méar fhada chomh fada agus is féidir leis, ach is cosúil nach bhfuil leithéidí Cowen, Billy Kelleher, ná Dara Calleary fiú, ar aon intinn leis faoi sin.

Tá Fianna Fáil, feictear domsa, ag brath na slí rompu i gcónaí.  Tá siad ag lorg ábhar éigin a léireodh go bhfuil difríocht idir iad féin agus Fine Gael, rud éigin a mheallfadh vótaí ar ais chucu, tá súil acu. Ábhar ar bith a shábhálfadh ón anachain iad: cosaint do lucht ceannaithe tithe ó na cístí creiche, faillí an rialtais i leith na tuaithe, easpa cinnteachta sa phlean náisiúnta pleanála, agus dúshaothrú oibrithe gan conarthaí cinnte, fiú.

Ach creidim go mbeidh sé deacair dul i gcion ar na vótóirí ó tharla gur sheas an páirtí le polasaithe an Rialtais go dtí seo.

Agus ní dóigh liom ach an oiread go bhfanfaidh Fine Gael thart ag feitheamh le cinneadh Fhianna Fáil.  Má tá toghchán ag teacht, beidh siad ag iarraidh a lorg féin a fhágáil ar an díospóireacht.

Tá sé fógartha ag Fianna Fáil go gcabhróidh siad leo Buiséad a chur tríd, rud a chomhlíonfadh, a deir siad, an gheallúint a thug siad d’Fhine Gael.

Bí ag súil mar sin le Buiséad bog a chuirfidh roinnt mhaith airgid i bpócaí daoine.  Ní réiteoidh a leithéid na fadhbanna tithíochta, sláinte ná pá, ach is cosúil gur cuma le mórán de na daoine a thacaíonn le Fine Gael faoi na cúrsaí sin.

Mar sin, mura mbíonn toghchán againn i mí na Samhna, ní fheicim go mbeifear ag fanacht níos faide ná mí Aibreáin na bliana seo chugainn chun vóta a chaitheamh.

Sea, tá an scéal ag druidim chun críche.

Fág freagra ar 'Táthar ag fáil réidh do thoghchán, is cosúil…'