Luimneach v Gaillimh – Páirc an Chrócaigh, 6.00in (Beo ar RTÉ/BBC)
Bliain eile agus cath eile idir iománaithe Luimnigh agus na Gaillimhe. Tá Craobh na hÉireann buaite ag foireann John Kiely ceithre huaire ó 2018 agus bhuaigh siad ar Ghaillimh sna babhtaí leathcheannais nó ceannais trí huaire sna blianta sin. Cé gur ag Luimneach a bhí an bua i gcónaí, tá cuid de na cluichí is crua a bhí acu tugtha ag na Gaillimhigh do Luimneach.
Bhí an cluiche leathcheannais idir na foirne anuraidh ar cheann acu. Bhí Gaillimh agus Luimneach gob ar ghob ar feadh formhór an chluiche sin ach ba é an tionchar a bhí ag ionadaithe Luimnigh ar an imirt an cor cinniúnach sa choimhlint. Agus gan fáil ar Declan Hannon agus Seán Finn inniu, b’fhéidir nach mbeidh Luimneach chomh láidir céanna arís ag uair na cinniúna agus seans ag Gaillimh teacht aniar aduaidh orthu.
Is í an cheist is mó atá ag dó na geirbe i Luimneach agus i nGaillimh an tseachtain seo ná cé atá chun áit Hannon i lár na cosanta a thógáil? Kyle Hayes atá ainmnithe ansin agus Gearóid Hegarty cliathánach leis ag uimhir 7. Beidh le feiceáil an mar sin a bheidh ach bíonn tionchar ollmhór ag captaen Luimnigh ar imirt na foirne agus is é a thugann treoir agus ceannaireacht dóibh siúd ina thimpeall. Tá Cian Lynch ainmnithe le tosú chomh maith agus ardú croí é sin do mhuintir Luimnigh.
Bheadh ar Hayes, nó Dan Morrissey, nó Darragh O’Donovan, dá dtabharfaí siar é, súil ghéar a choinneáil ar Chianán Fahy agus go leor de phocanna amach na Gaillimhe á gcur ina threo siúd.
Cailliúint ollmhór do Luimneach é Seán Finn sa líne lánchúil, mar is cinnte gur air sin a bheadh an cúram curtha greim a choinneáil ar Conor Whelan. Tá fear Chinn Mhara ag imirt ar fheabhas do Ghaillimh i láthair na huaire agus cruthóidh sé an-chuid deacrachtaí do Morrissey nó Mike Casey nó pé fear a chuirtear air. Chruthaigh Gaillimh neart deiseanna ar chúil do Whelan in aghaidh Thiobraid Árann nuair a cuireadh pasanna maithe ina threo ach tá sé de nós ag Gaillimh a bheith róscaoilte leis an sliotar freisin agus tá sé tábhachtach go mbeadh leithéidí na Mannions, Gearóid McInerney agus Joseph Cooney tomhaiste go maith agus iad i mbun seilbhe.
Ceann de na buanna is mó atá ag Luimneach ná an cumas atá acu Aaron Gillane a thabhairt isteach san imirt agus deis a thabhairt dó dul i bhfeidhm ar chluiche. Nuair a thiteann líne leatosaithe Luimnigh siar, fágtar an spás do Gillane agus is féidir leis scrios a dhéanamh, mar a tharla in aghaidh an Chláir. Beidh jab ag Darren Morrissey nó Jack Grealish coinneáil leis i bPáirc an Chrócaigh inniu ach caithfidh Gaillimh iarracht a dhéanamh an liathróid a stopadh sula dtiocfaidh sí chomh fada le Gillane. D’imir Cathal Mannion mar chosantóir le cois in aghaidh Thiobraid Árann ach feicfimid an mbeidh sé ann arís inniu.
Tá cúil bhoga géillte ag Gaillimh in aghaidh Thiobraid Árann, Chill Chainnigh agus Loch Garman go dtí seo sa chraobh agus má scaoileann siad cúpla ceann eile isteach inniu, beidh a rás rite. Bhí na Gaillimhigh ar fheabhas ar feadh 65 nóiméad anuraidh ach bhí Luimneach fós rómhaith dóibh. Caithfidh foireann an iarthair an fód a sheasamh ar feadh breis is 70 nóiméad inniu chun sárfhoireann seo Luimnigh a bhualadh.
Fág freagra ar 'Tástáil le déanamh ar neart Luimnigh i bPáirc an Chrócaigh inniu'