Tástáil á cur ar fhoighne an phobail ag an ngéarchéim tithíochta

Bhí 2,500 teach le ligean ar cíos an t-am seo anuraidh, thit sin go 716 teach i mbliana – fadhb don rialtas agus dúinn go léir 

Tástáil á cur ar fhoighne an phobail ag an ngéarchéim tithíochta

Séasúr na hamaidí nó an ‘silly season’ a ghlaoitear air – nuair a imíonn na polaiteoirí ar saoire, tagann ocras ar iriseoirí agus téann siad ag lorg scéil – agus is minic a dhéantar iad a shásamh le scéilín seafóideach éigin nach bpléifí go deo aon am eile den bhliain.

Seans go mbeadh an rialtas ag lorg an scéil sin do na hiriseoirí an mhí seo – go háirithe i ndiaidh fhoilsiú thuarascáil daft.ie a léirigh gur tháinig méadú de 12.6% ar an meánchíos náisiúnta, go bhfuil an meánchíos sa bpríomhchathair os cionn €2000 faoi láthair agus an ganntanas tithíochta go náisiúnta ag cur go mór leis sin.

Drochscéal atá ann d’Fhianna Fáil, páirtí polaitíochta atá fíormhórtasach as a oidhreacht maidir le tithíocht shóisialta a chur ar fáil blianta ó shin, agus do Dharragh O’Brien, an tAire Tithíochta a tháinig isteach dhá bhliain ó shin le cúrsaí a athrú ó bhonn ach atá ag snámh in aghaidh easa ó shin.

Má fhéachann muid ar thorthaí na tuarascála is léir go bhfuil muid i bponc. Seo an t-ardú is suntasaí ó thosaigh an suíomh idirlín daft.ie ag tabhairt faoin taighde seo. Bhí 2,500 teach le ligean ar cíos an t-am seo anuraidh, thit sin go 716 teach i mbliana – sin don tír ar fad.

Ní le Baile Átha Cliath amháin a bhaineann an fhadhb seo ach oiread – tháinig méadú 21% ar chíos i gcontae Liatroma, agus 19% i gContae Longfoirt. Deir údar na tuarascála Ronan Lyons go bhfuil ag teip ar an gcóras tithíochta tithe a sholáthar faoi mar a theastaíonn siad ón bpobal, agus cé gur údar dóchais é an oiread tithe agus árasán atá le tógáil (115,000 ar an mbealach, de réir na saineolaithe), tá tromlach acu siúd i mBaile Átha Cliath – agus gan iad ach ag tús an phróisis phleanála.

Tá an t-éileamh anois ann, ach níl na háiseanna ag an Stát agus níl sé d’acmhainn ag an margadh, is cosúil, freastal ar an éileamh sin.

San olltoghchán deireanach, ba léir go raibh cúrsaí tithíochta ar an gcloch is mó ar phaidrín phobal na hÉireann – agus gur éirigh le Sinn Féin leas polaitiúil a bhaint as sin dá bharr.

Agus Fianna Fáil sa chomhrialtas, cuireadh fuadar faoin bplean tithíochta – d’admhaigh Micheál Martin gur géarchéim a bhí inti, agus cuireadh tús leis an obair faoi stiúir Darragh O’Brien, a chuaigh i mbun oibre go díograiseach. Tuigtear gur mó dúshlán atá le sárú sa gcóras tithíochta – próiseas pleanála atá mall, méadú tagtha ar chostais tógála agus drogall ar lucht tógála dul i mbun a gceirde murar féidir praghas ard – nach acmhainn go minic don ghnáthdhuine – a ghearradh. Anuas air sin, bíonn ar Aire Tithíochta an Rialtais dul i mbun iomaíochta leis na hurlabhraithe eile tithíochta, Eoin Ó Broin ó Shinn Féin duine acu. Tá tuiscint mhaith ag Ó Broin ar cheist na tithíochta, agus is cainteoir éifeachtach é ar na meáin. Go dtí seo, áfach, tá éirithe le O’Brien é a láimhseáil – eagraíodh díospóireacht idir an bheirt ina raibh an bua ag an urlabhraí Rialtais, agus chuaigh O’Brien i bhfeidhm go mór ar a chomhghleacaithe comhrialtais – muintir Fhine Gael go háirithe – leis an gcur chuige fuinniúil atá aige.

Ní fios go fóill an seasfaidh O’Brien an brú breise seo, áfach. I ráiteas a eisíodh an tseachtain seo, admhaíodh go bhfuil an méadú seo do-ghlactha, agus dúradh go lom go bhfuil an cíos “ró-ard”. Luaitear an infheistíocht ollmhór a rinneadh, a dhéantar agus a dhéanfar i gcúrsaí tithíochta, agus deirtear linn go réiteofar na fadhbanna soláthair, agus eile, sar i bhfad.

Ní haon rud nua é seo, áfach. Is í sin an teachtaireacht chéanna atá cloiste againn le fada. Mothaíonn an pobal nach ag fanacht ar thithíocht atáid, ach ag fanacht ar Godot.

Gealltar dúinn go bhfuil an síol curtha. Ach an féidir leis an tír fanacht ar an bhfómhar?

Fág freagra ar 'Tástáil á cur ar fhoighne an phobail ag an ngéarchéim tithíochta'

  • Mártan Ó Náraigh

    Gealltar dúinn go bhfuil an síol curtha. Mmm. Cá bhfuil an síol?