Taispeántas maith ag teastáil ó Éirinn mar spreagadh dóibh féin agus an lucht tacaíochta

Fillfidh foireann na Danmhairge ar Staid Aviva anocht agus taispeántas maith ag teastáil go géar ó Éirinn agus iad fós ag iarraidh teacht chucu féin ón ngreadadh a thug na Lochlannaigh dóibh anuraidh

Taispeántas maith ag teastáil ó Éirinn mar spreagadh dóibh féin agus an lucht tacaíochta

Martin O'Neill agus Roy Keane. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Agus Éire ag tabhairt aghaidh ar an Danmhairg anocht, ní fhéadfá gan cuimhneamh ar an gcluiche a bhí idir na foirne aon mhí dhéag ó shin nuair a bhuaigh na Lochlannaigh 5-1 i mBaile Átha Cliath.

Níor tháinig foireann na hÉireann chucu féin fós ón ngreadadh a tugadh dóibh an oíche agus lorg an chluiche sin le haithint orthu i gcónaí. Idir sin, an stánáil a thug An Bhreatain Bheag dóibh an mhí seo caite agus conspóidí Harry Arter agus Declan Rice, is beag dea-scéal atá cloiste ag lucht tacaíochta na hÉireann le bliain anuas.

Má éiríonn le foireann na Éireann an ceann is fearr a fháil ar an Danmhairg anocht ní dhéanfaidh teip na Samhna seo caite a chúiteamh mar níl áit ag Corn an Domhain ar fáil anocht, ach thabharfadh sé beagán misnigh dúinn ar a laghad.

Is ar na himreoirí céanna, nach mór, a bheidh Martin O’Neill ag brath chun rudaí a chur ina gceart. Ag breathnú ar an bhfoireann, níl mórán imreoirí nua tagtha chun cinn a d’fhéadfadh cúrsa na foirne a athrú.

Mar sin féin, beidh an slua i Staid Aviva anocht ag súil lgo mór le Matt Doherty a fheiceáil i ngeansaí na hÉireann. Tá fear Bhaile Átha Cliath ar an bhfód le tamall – tugadh isteach ar an bpainéal den chéad uair é cúpla bliain ó shin – ach is beag atá feicthe againn de sa ngeansaí glas.

Tá daoine ag tnúth le hé a fheiceáil anocht mar go bhfuil sé ag imirt thar cionn do Wolves i bPríomhroinn Shasana. D’aimsigh sé cúl an bhua dóibh in aghaidh Crystal Palace Dé Sathairn seo caite agus tá a chuid taispeántas molta arís agus arís eile ar ag tráchtairí leithéidí Match of the Day ó thús an tséasúir.

Is léir nach bhfuil Martin O’Neill chomh tógtha sin le Doherty ach níl aon Éireannach eile i bPríomhroinn Shasana ag imirt chomh maith leis faoi láthair agus caithfidh O’Neill deis a thabhairt dó.

Cabhróidh sé le Doherty má roghnaíonn an bainisteoir córas 3-5-2, mar a thug sé le fios dúinn a dhéanfadh sé agus é faoi agallamh i rith na seachtaine.

Is mar leathchúlaí cliatháin a imríonn Doherty do Wolves agus beidh rogha le déanamh ag O’Neill ar an gcliathán clé. Tá sé beagnach cinnte go dtabharfaidh sé áit do James McClean agus ós rud é nach bhfuil Robbie Brady ar fáil, d’fhéadfadh go bhfeicfeadh muid fear Dhoire ar an gcliathán.

Beidh rogha O’Neill i measc na dtosaithe suimiúil chomh maith. Faraor, níl Seanie Maguire ach díreach tagtha ar ais ó ghortú, rud a fhágann gur ar éigean a fheicfidh anocht ná i gcoinne na Breataine Bige Dé Máirt é. Tá Shane Long ar fáil arís, áfach, agus cé nach minic a aimsíonn sé d’Éirinn ná dá chlub, is mór an cúnamh an cur chuige lán fuinnimh aige.

Cé nach bhfeicfidh muid Maguire ó thús na himeartha, d’fhéadfadh go dtiocfaidh fear eile atá ag imirt do Preston, Callum Robinson, isteach ar an bhfoireann. D’imir sé a chéad dhá chluiche d’Éirinn in aghaidh na Breataine Bige agus i gcoinne na Polainne agus tá sé ag imirt go maith sa dara roinn i Sasana faoi láthair.

Rogha eile é Scott Hogan ach níl sé ag imirt do Aston Villa i láthair na huaire agus seans gur mar ionadaí is mó a fheicfear é.

Is buntáiste ollmhór d’Éirinn nach mbeidh fáil ag an Danmhairg ar Christian Eriksen anocht. Ba é fear Tottenham ba mhó a rinne scrios anuraidh nuair a chas na foirne ar a chéile. Fuair sé trí chúl sa gcluiche sin, ach tá gortú ag cur as dó faoi láthair.

Caithfidh Éire cluiche na hoíche anocht a bhuachan chun go mbeadh aon seans acu teacht slán óna ngrúpa i gComórtas Sraithe na Náisiún UEFA ach, tá sé beagnach chomh tábhachtach céanna go dtabharfaidís taispeántas maith uathu chun spreagadh agus ugach a thabhairt dóibh féin agus dá lucht tacaíochta.

Fág freagra ar 'Taispeántas maith ag teastáil ó Éirinn mar spreagadh dóibh féin agus an lucht tacaíochta'