Taispeántais iontacha i saothar ar leith faoi thionchar an néaltraithe

Saothar tathagach ar leith é Supernova ina gcíortar an eagla agus briseadh croí a bhaineann le galar tromchúiseach doleigheasta.

Taispeántais iontacha i saothar ar leith faoi thionchar an néaltraithe

Supernova

Scríbhneoir/Stiúrthóir: Harry Macqueen

Cliar: Colin Firth, Stanley Tucci, Pippa Haywood.

‘Teastaíonn uaim go gcuimhneofaí orm mar an duine a bhí ionam tráth agus ní mar an duine a bheidh ionam amach anseo.’ Sin é a deir Tusk (Tucci) le carachtar eile ag pointe amháin sa scannán léanmhar seo a bhfuil údar machnaimh ann agus é ag trácht ar an tionchar millteanach atá, agus a bheidh, ag an néaltrú ar a shaol.

Saothar tathagach ar leith é seo ina gcíortar an eagla agus an briseadh croí a bhaineann le galar tromchúiseach doleigheasta a bheith ar dhuine mar aon leis an ualach a leagann sé ar dhaoine muinteartha an té atá breoite. Tráchtar freisin ar an eotanáis, an ceart a bheith ag an duine a bhás féin a láimhseáil.

Ag tosach an scannáin chímid an lánúin aerach chnagaosta Sam (Firth) agus Tusk (Tucci) ag bualadh bóthar ina veain champála. Sean-nós é seo acu. Iad grámhar cuileachtúil. Ag spochadh as a chéile agus ag giorrú an bhóthair. Ceoltóir cumasach é Sam, scríbhneoir cumasach é Tusk. Saol sócúil sásta acu. Nodanna i rith an ama nach bhfuil gach rud mar is ceart. Cad é caint faoi bpacáil nár cheart a bheith déanta ag Tusk, é ag útamáil lena spéaclaí agus cnaipe a léine. Lá de na laethanta tagann Sam ar ais ón siopa agus níl tásc ná tuairisc ar Tusk. Imíonn sé na bóthar síos sa veain agus cad é imní air. Faoi dheireadh tagann sé ar Tusk agus é imithe ag fánaíocht le barr mearbhaill. Is léir go bhfuil an galar ag éirí níos measa. Níos faide anonn i radharc cumhachtach ciúin eile chímid nach bhfuil Tusk in ann an leabhar is déanaí uaidh a chríochnú. An scríbhneoireacht, leathanach ar leathanach, ag léiriú go bhfuil a intinn ag éirí níos scaipthe.

Sroicheann siad tigh dheirfiúr Sam. Cóisir gan choinne eagraithe agus sinn in amhras go mb’fhéidir gurb é seo an turas deireanach ag Tusk chun an tí. An oíche úd déanann sé iarracht óráid a thabhairt ach tagann mearbhall air agus bíonn ar Sam é a léamh. Mír chumhachtach bhrónach le haisteoireacht den scol ó Tucci ná deir focal.

Tá Firth agus/nó Tucci i ngach radharc agus is í caint agus gaol na beirte a dhéanann an scannán a iompar. Is léir go bhfuil splanc eatarthu agus tugann siad taispeántais iontacha uathu; gnáthdhaoine agus gnáthchaidreamh faoi léigear ag galar uafásach. Nuair a thagann an eotanáis chun cinn cuirtear a thuilleadh brú ar an gcaidreamh eatarthu.

Duine mórálach é Tusk nach dteastaíonn uaidh a bheith spleách ar dhuine éigin eile. Ní maith leis go mbeadh duine á chaoineadh is é fós beo.

Cé gur dóigh liom go n-éalaíonn an scannán ábhairín ó cheist chrua na heotanáise ag an deireadh is scannán cumhachtach daonna é seo ina bhfuil aisteoireacht bhreá ón mbeirt cheann feadhna.

Fág freagra ar 'Taispeántais iontacha i saothar ar leith faoi thionchar an néaltraithe'