Tá aistritheoirí á lorg ag Parlaimint na hEorpa chun beagnach 40,000 leathanach de cháipéisí a aistriú go Gaeilge.
Tá dhá ghlao ar thairiscintí le haghaidh aistriúcháin á seoladh ag seirbhís aistriúcháin na Parlaiminte agus tá saor-aistritheoirí aonair agus comhlachtaí aistriúcháin araon á lorg aici.
Ní gá go mbeadh na haistritheoirí lonnaithe sa Bhruiséil chun tabhairt faoin obair seo.
Tá an chéad tairiscint oscailte d’aistritheoirí aonair agus do ghníomhaireachtaí aistriúcháin agus tá sí dírithe ar bhuntéacsanna Béarla a aistriú go Gaeilge agus teangacha eile. Meastar go bhfuil suas le 13,300 leathanach sa bheart sin amháin. Tá suas le 25 conradh ar fáil chun an obair a chur i gcrích agus tá go dtí an 11 Bealtaine le tairiscint a chur isteach ar chonradh.
Tá tairiscint eile oscailte do ghníomhaireachtaí aistriúcháin agus tá sí dírithe ar bhuntéacsanna Béarla agus Fraincise a aistriú go Gaeilge agus teangacha eile. Suas le 25,900 leathanach atá luaite leis an mbeart sin. D’fhéadfaí conarthaí a bhronnadh ar suas le cúig ghníomhaireacht aistriúcháin agus tá go dtí an 3 Bealtaine acu le tairiscint a chur isteach.
An bhliain seo chugainn a bheadh tús á chur leis an obair aistriúcháin. Conradh bliana atá i gceist leis an dá bheart agus d’fhéadfadh go mbeadh an conradh á athnuachan ina dhiaidh sin.
Idir an dá bheart, beidh suas le 3,300,000 focal le haistriú go Gaeilge.
Iadsan ar spéis leo tairiscint a chur isteach, is leo a ráta féin a lua léi agus cuirfear sin agus torthaí scrúdú aistriúcháin san áireamh agus conarthaí á mbronnadh. Beidh an scrúdú aistriúcháin á reáchtáil ar an 16 Meitheamh.
Meastar go dtiocfaidh méadú 40% ar an méid oibre aistriúcháin go Gaeilge a bheidh le déanamh in 2022, tráth a bhfuil sé geallta go gcuirfear deireadh leis an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach.
Donncha Ó hÉallaithe
“Tá aistritheoirí á lorg ag Parlaimint na hEorpa chun beagnach 40,000 leathanach de cháipéisí a aistriú go Gaeilge.”
Airgead poiblí a chur amú de bharr stádas áiféiseach atá tugtha don Ghaeilge san EU!
Aistritheoir
A Dhonncha, a chara,
Ní chaithfí an t-airgead sin chun leas na Gaeilge murach an stádas atá bronnta ar an teanga! Airgead poiblí an AE atá ann seachas airgead poiblí na hÉireann. Cuireann an stádas sin fostaíocht fhiúntach ar fáil do go leor daoine in Éirinn agus thar lear. Tá a fhios agam gurb í an Ghaeilge sa nGaeltacht an chloch is mó ar do phaidrín ach is féidir le daoine a bheith ag saoraistriú ón nGaeltacht agus cur leis an bpobal agus an teanga ar an gcaoi sin!
Cloichíní
Dá mba í an Ghaeilge sa Ghaeltacht an chloch is mó ar phaidrín Dhonncha, ní bheadh sé ag cáineadh na seirbhíse atá an AE a chur ar fáil do phobal na Gaeilge. Is é fírinne an scéil go mbíonn paidrín Dhonncha ag sciorradh ina mhéara agus nach mbíonn a fhios aige an chuid is mó den am cén chloch ar a bhfuil sé. Cloichín inniu is cloichín amárach…agus cloichín bheag eile gach lá go ceann ráithe…