Tairiscint déanta go mbronnfaí Aer Arann ar chomharchumainn na n-oileán


Thairg úinéir Aer Arann, an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh, do Roinn na Gaeltachta go mbronnfadh sé an comhlacht saor in aisce ar chomharchumainn na n-oileán sa chás go dtiocfaí ar réiteach ar sháinn na seirbhíse

Tairiscint déanta go mbronnfaí Aer Arann ar chomharchumainn na n-oileán


Tá tairiscint déanta ag úinéir Aer Arann, an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh, an comhlacht aeir a bhronnadh saor in aisce ar chomharchumainn oileáin Árann.

Is é tairiscint an tSeanadóra an casadh is déanaí sa scéal a bhaineann leis an tsáinn ina bhfuil seirbhís aeir na n-oileán ó fógraíodh i mí an Mheithimh go mbeadh Aer Arann ag éirí aisti ar an 6 Nollaig.

Tuairiscíodh ar an gclár 7Lá aréir gur thairg úinéir Aer Arann do Roinn na Gaeltachta go mbronnfadh sé an comhlacht saor in aisce ar Chomharchumann Forbartha Árann, Comharchumann Inis Meáin agus Comhar Chaomhán Teo Inis Oírr sa chás go dtiocfaí ar réiteach ar sháinn na seirbhíse.

Seachtain ó amárach lá na cinniúna do sheirbhís aeir oileáin Árann a bhfuil amhras mór faoina bhfuil i ndán di ó chuir Aer Arann in iúl do Roinn na Gaeltachta i mí an Mheithimh go mbeadh siad ag tarraingt siar ó dhá chonradh atá acu i dtaobh na seirbhíse sin – an conradh don tseirbhís féin agus an conradh d’úsáid Aerfort na Mine i gCois Fharraige.

Léirigh Roinn na Gaeltachta suim i mí Dheireadh Fómhair i gceannach aerstráice na Mine, ar le Pádraig Ó Céidigh é chomh maith, mar iarracht teacht as an tsáinn maidir leis an aersheirbhís.

Dúirt úinéir Aer Arann, an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh le Tuairisc.ie an uair sin go raibh sé “breá sásta” dul i mbun cainte le Roinn na Gaeltachta faoi Aerfort na Mine agus Aer Arann féin a dhíol leis an Stát, ach seachas plé idir dlíodóirí an dá dhream, níor thosaigh na comhráite sin fós.

Dúirt Aire na Gaeltachta Josepha Madigan an tseachtain seo caite go raibh a Roinn sásta i gcónaí tús a chur le cainteanna faoi Aerfort na Mine a cheannach má tharraingíonn Aer Arann siar “an bhagairt” deireadh a chur leis an tseirbhís.

Dúirt an tAire Madigan go raibh an “teagmháil ag leibhéal dlíodóra” fós ar siúl idir a Roinn agus Aer Arann.

Baineann an t-easaontas idir an Roinn agus an comhlacht le téarmaí an chonartha a bronnadh ar Aer Arann ag tús na bliana seo caite.

Tuairiscíodh gur tháinig an tairiscint maidir le bronnadh Aer Arann ar na comharchumainn chun cinn ag cruinniú a bhí ag ionadaithe na n-oileán le déanaí le hAire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne, oifigigh a Roinne agus Teachtaí Dála eile.

Tuairiscíodh leis go raibh a machnamh á dhéanamh ag lucht na gcomharchumann ar an tairiscint is déanaí seo ach gur dóigh leo go mbeadh €500,000 infheistíochta ag teastáil chun an gnó a chur ar a chosa.

Is cosúil go bhfuil plé déanta cheana féin ag ionadaithe na gcomharchumann le hÚdarás na Gaeltachta agus le Roinn na Gaeltachta maidir le maoiniú an ghnó sa chás go dtiocfadh Aer Arann agus an Roinn ar réiteach agus go dtabharfaí an comhlacht aeir ar láimh dóibh.

Tá tús curtha ag an Roinn leis na socruithe a bheidh le déanamh chun go mbeadh seirbhís ghearrthéarmach ag freastal ar na hoileáin as Aerfort na Sionainne sa chás nach mbeadh Aerfort na Mine ar fáil. Tá comhlacht comhairleoirí fostaithe ag an Roinn chomh maith chun dul i mbun próiseas tairisceana do chonradh gearrthéarmach. 

Tá imní ar phobal na n-oileán, áfach, go mbeidh briseadh sa tseirbhís agus gan aon fhógra déanta fós maidir le tairiscintí nua a lorg. 

Fág freagra ar 'Tairiscint déanta go mbronnfaí Aer Arann ar chomharchumainn na n-oileán
'