Tá cúrsa tríú leibhéal tairgthe inniu ag an Lár-Oifig Iontrála (CAO) do beagnach 54,000 duine.
Tá tairiscint faighte ag 53,815 iarratasóir i mBabhta a hAon na dtairiscintí, i gcomparáid le 51,513 duine in 2019.
Tá ardú 12% ar líon na n-áiteanna atá ar fáil in institiúidí tríú leibhéal i mbliana.
Fuair beagán os cionn a leath sin a gcéad rogha ón CAO.
De réir an eolais is déanaí, tá ardú mór tagtha i mbliana ar líon na bpointí a theastaíonn do go leor cúrsaí. D’fhág an t-ardú ar na gráid a bronnadh ar dhaltaí Ardteiste na bliana seo go bhfuil os cionn 70 pointe breise ag teastáil do chúrsaí áirithe i gcomparáid le anuraidh.
Is féidir le hiarratasóirí na tairiscintí a fheiceáil ar www.cao.ie anois agus glacadh leo ansin. Gheobhaidh iarratasóirí téacs agus ríomhphost chomh maith, má tá a leithéid roghnaithe acu.
Tháinig ardú beag i mbliana ar líon na ndaoine a rinne iarratas chuig an CAO. 78,336 a rinne amhlaidh i mbliana i gcomparáid le 77,706 anuraidh.
Tá go dtí a 3pm Dé Céadaoin seo chugainn, an 16 Meán Fómhair, ag iarrthóirí le glacadh leis an gcéad tairiscint sin nó tarraingeofar siar í.
Má ghlacann tú leis an rogha a fuair tú inniu, ní chuirfidh an cinneadh sin aon bhac ort má éiríonn leat do chéad rogha a fháil sa gcéad bhabhta tairisceana eile, an 29 Lúnasa.
Beidh an dara babhta tairiscintí le feiceáil ar shuíomh an CAO ó 10am Dé Céadaoin an 23 Meán Fómhair.
Fág freagra ar 'Tairiscint ar chúrsa tríú leibhéal faighte ón CAO ag 54,000 iarrthóir'