Tairiscint ar bith ar Óstán Ghaoth Dobhair ag ceant i mBaile Átha Cliath

Beagán níos lú ná €600,000 an praghas a bhí luaite ag Allsop leis an óstán Gaeltachta agus dúirt na ceantálaithe nach fios cad í ‘an chéad chéim eile’

Tairiscint ar bith ar Óstán Ghaoth Dobhair ag ceant i mBaile Átha Cliath

Ní dhearnadh aon tairiscint ar Óstán Ghaoth Dobhair a cuireadh ar ceant inniu i mBaile Átha Cliath.

Ba iad na ceantálaithe Allsop a bhí i mbun an díolacháin agus bhí dóchas ag lucht gnó agus tráchtála sa cheantar Gaeltachta go ndíolfaí é.

Beagán níos lú ná €600,000 an praghas a bhí luaite ag na ceantálaithe leis an óstán aitheanta Gaeltachta. Dúirt urlabhraí de chuid Allsop le Tuairisc.ie tráthnóna nárbh eol dóibh cérbh í “an chéad chéim eile” a thabharfaí maidir leis an óstán.

Tógadh an t-óstán sa bhliain 1970 agus cuireadh leis an bhfoirgneamh i 1989 agus arís i 1992. Tá tailte 30ha timpeall ar an bhfoirgneamh agus na sé hárasán, ‘Dún na Mara’, atá lena thaobh ar díol leis.

Bhíodh an-tóir ar an óstán do bhainiseacha agus ócáidí eile sa cheantar mar gheall ar áilleacht na háite ina bhfuil sé agus méid na seomraí ócáide.

Fág freagra ar 'Tairiscint ar bith ar Óstán Ghaoth Dobhair ag ceant i mBaile Átha Cliath'