
Sula gcuireann tú an cheist, a léitheoir dhil, b’fhearr í a fhreagairt. Is mar gheall ar pholasaí Eorpach eile a ghearrfaidh bailitheoirí bruscair táillí nua de réir meáchain ar chustaiméirí ón 1 Iúil.
Dá mbeadh an rogha ag an rialtas, agus ag a leathbhádóirí i bhFianna Fáil, chuirfí an córas nua ar an méar fhada ar a laghad. Níl fadhb na dtáillí uisce ach leathréitithe. Ní theastaíonn fadhb eile uathu ná ní theastaíonn uathu go mbeadh cúis feirge eile ag an bpobal.
Beidh cruinniú ag an aire rialtais áitiúil Simon Coveney leis na comhlachtaí bruscair Dé Céadaoin seo chugainn. Tá srian iomlán ar arduithe ar phraghsanna geallta aige, cé nach bhfuil cumhacht reachtúil aige a cheadódh srian ar bith a chur i bhfeidhm.
Níl faisnéis a bhféadfadh muinín a bheith ag duine aisti ar fáil fós faoin ardú ar tháillí a iarrfaidh na comhlachtaí faoin gcóras nua. Dúradh sa Dáil i rith na seachtaine go mb’fhéidir go mbeadh ar dhaoine i gceantair áirithe suas le €500 sa bhliain sa bhreis a íoc.
Maíonn foinsí rialtais gur laghdú a thiocfaidh ar na táillí a íocann 87% de chónaitheoirí an stáit. Ní bheidh breis airgid á íoc, dar leo, ach ag 4%. Is leor a rá nár chuir an tairngreacht mórán ar a suaimhneas.
Shílfeá, b’fhéidir, go mbeadh faoiseamh de chineál éigin do dhaoine bochta nó do phinsinéirí á mbreithniú ag an rialtas. Go háirithe, dá gcuimhneodh airí ar an míshásamh a spreag easpa faoisimh nuair a fógraíodh cur i bhfeidhm na dtáillí uisce. Ach níl caint ar bith ar a leithéid fós.
Ba chóir go mbeadh sé indéanta réiteach a fháil ar fhadhb na dtáillí bruscair, ach ní léir fós é. An phríomhchúis: an prionsabal nua atá i réim anois i dTeach Laighean, ar a dtabharfar TEAS sa cholún seo feasta: TÁILLÍ – ÉALAIGH AGUS SEACHAIN.
Gunnaí agus Dúnmharú
Spreag an t-ollmharú in Orlando an argóint chéanna gan toradh a chloistear tar éis gach sléacht sna Stáit Aontaithe.
Is cosúil nach n-athraíonn figiúirí mórán tuairimí thall, cé go bhfuil an fhianaise follasach. Tá na figiúirí thíos bunaithe ar thaighde leanúnach a dhéanann Oifig Dhrugaí agus Coireanna na Náisiún Aontaithe agus taighdeoirí in Ollscoil Sydney (ar fáil ag gunpolicy.org).
Is léir ón taighde, ina bhfuil meastachán ar líon na ngunnaí ‘mídhleathacha’ san áireamh, an chontúirt shoiléir a ghabhann le heaspa srianta ar ghunnaí:
Seilbh Ghunnaí
Stáit Aontaithe: 1,120 gunna/1,000 duine.
An Ríocht Aontaithe: 66 gunna/1,000 duine.
Éire (Poblacht): 43 gunna/1,000 duine.
Ráta Bliantúil Dúnmharuithe
Stáit Aontaithe 39 marbh as gach milliún duine (2013).
Éire (Poblacht) aon duine dhéag marbh as gach milliún duine (2014).
An Ríocht Aontaithe: deichniúr marbh as gach milliún duine (2013).
Dá shoiléire sna figiúirí seo an bhearna idir na Stáit agus tíortha eile, níl freagra iontu ar cheist amháin. Fiú dá gcuirfí srianta níos láidre i bhfeidhm, bheadh thart ar 357 milliún gunna sna Stáit Aontaithe (gan trácht ar airm na bhfórsaí slándála).
An mbeadh tionchar ar bith ag srianta breise ar úsáid na ngunnaí sin?
Is láithreoir ar Morning Ireland ar RTE Raidió a hAon é Cathal Mac Coille
padraig
Nil aon tracht ar thailli d’reir meachana anseo sa Bheilg? Nil bineanna acu fiu amhain, sacann tu do bhruscar isteach i sac agus fagann ar thaobh na sraide e…………….Ni ga geilleadh go huile is go hiomlan i gconai do gach uile acht/fhorail/ghniomh/reachtaiocht a dheanann AE! Agus ca bhfuil an deimhniu go gcuideoidh an coras nua leis an athchursail? Caithfear tuilleadh dramhaiola ar fud na haite agus ar fud na duthai…sin e an toradh a bheidh ar an amaidi seo. A chonach san ar na polaiteoiri meata, neamh-inniula ata againne.