Taifeadadh aimsithe de Mháirtín Ó Cadhain ag léamh as ‘Cré na Cille’

Tá rogha ar fáil i leabhar nua de na ceachtanna a chum an Cadhnach sna 1960idí chun an Ghaeilge a theagasc

Taifeadadh aimsithe de Mháirtín Ó Cadhain ag léamh as ‘Cré na Cille’

Tá taifeadadh aimsithe de Mháirtín Ó Cadhain ag léamh as Cré na Cille in München na Gearmáine sna 1960idí.

Beidh lucht léinn agus litríochta ar bís faoin scéala go bhfuiltear tar éis teacht ar an taifeadadh a rinneadh den Chadhnach, a bhfuil leathchéad bliain a bháis á chomóradh i mbliana, ag léamh sleachta as a úrscéal iomráiteach.

I 1964 a rinneadh an taifeadadh in München agus beidh cóip de i measc an ábhair a bheidh i Máirtín Ó Cadhain: Téacsanna Teagaisc, leabhar nua trítheangach atá le foilsiú ag an teach foilsitheoireachta Curach Bhán.

Dúirt Feargal Ó Béarra, duine d’eagarthóirí an leabhair nua, go dtabharfadh an taifeadadh den Chadhnach agus Cré na Cille á léamh aige “glór eile” don úrscéal.

Is dóigh liom go mbaineann tábhacht nach beag leis an taifeadadh seo: an abairt is iomráití i nua-litríocht na Gaeilge Ní mé an ar Áit an Phuint nó na gCúig Déag atá mé curtha? a chloisteáil ina steillbheatha ó bhéal an údair féin.

“Cé a chreidfeadh go n-aimseofaí a leithéid théis leithchéad bliain? Tabharfaidh an taifeadadh seo glór eile don téacs – glór nár chualathas le fada an lá ach ar mithid é a chur ina dhúiseacht arís – glór an údair. Ní taobh le hó na hintinne, le glór inmheánach an léitheora, a bheifear feasta agus ní beag sin.”

Ba é Egon Felder a rinne na taifeadtaí agus an tOllamh Barbara Wehr, Mainz, a choinnigh cóip díobh le go mbeidís ar fáil lá ab fhaide anonn.

Rogha de na ceachtanna a chum an Cadhnach i seascaidí an chéid seo caite chun an Ghaeilge a theagasc a bheas sa leabhar nua, mar aon le haistriúchán Gearmáinise agus aistriúchán Béarla.

Ag labhairt dó faoin togra, dúirt an Dr Gisbert Hemprich, cathaoirleach an Studienhaus für Keltische Sprachen und Kulturen (an SKSK) gur áis iontach a bheadh sa leabhar nua agus sna taifeadtaí.

”Tá a fhios ag an saol mór go raibh Máirtín Ó Cadhain gníomhach ní hamháin mar scríbhneoir ach mar mhúinteoir freisin, agus brabach dá réir ag daoine go leor. Faraor, níor foilsíodh an t-ábhar teagaisc a bhí aige riamh.

“Ba ar ámharaí an tsaoil gurbh fhéidir an Cadhnach a thaifeadadh i München i 1964 agus tá an deis anois ann glór an údair a chloisteáil agus é ag léamh a théacs féin.

“Bíodh téacsanna teagaisc seo Uí Chadhain ina n-ábhar spreagtha ag chuile dhuine a bhíos ag gabháil de theagasc na Gaeilge: tá siad ar chaighdeán chomh hard is gur geall le seoidíní liteartha chuile cheann acu!”

Is iad Arndt Wigger agus Feargal Ó Béarra eagarthóirí an leabhair. Bhí an-tóir ar an leabhar trítheangacha deireanach a chuir siad amach – Bádóireacht: Bootsbau und Seefahrt in der westirischen Tradition – in 2013.

Dúirt Feargal Ó Béarra gur mór ag lucht an Studienhaus für Keltische Sprachen und Kulturen láimh a bheith acu sa chomóradh ar an gCadhnach atá ar bun i mbliana agus “méaróigín s’againne a leagan ar charn Uí Chadhain”.

Is féidir cóip den leabhar nua a réamhordú ar lascaine speisialta 30% anseo nó ag eolas@sksk.ie.

Fág freagra ar 'Taifeadadh aimsithe de Mháirtín Ó Cadhain ag léamh as ‘Cré na Cille’'

  • S. Mac Muirí

    Ag súil go mór leis.