Taifead fuaime curtha le 26 chontae ar logainm.ie

Roghnaíodh aon chainteoir amháin do gach contae ar leith, duine a tógadh sa chontae sin agus a raibh eolas aige ar logainmneacha an chontae

20150618_152308Tá gné na dtaifead fuaime curtha i gcrích ag 26 cainteoir as 26 contae ar an suíomh Logainm.ie. Rinneadh an taifead fuaime ar logainmneacha na 26 contae idir na blianta 2008 agus 2015. Tá comhaid fuaime anois ann i nGaeilge agus i mBéarla araon d’ainmneacha na mbarúntachtaí, na bparóistí dlí agus na dtoghrann chomh maith le roinnt aibhneacha, sléibhte, locha agus gnéithe eile fisiciúla.

Roghnaíodh aon chainteoir amháin do gach contae ar leith a tógadh sa chontae sin agus a raibh eolas aige ar logainmneacha an chontae. Roghnaíodh cainteoirí dúchais Gaeilge i gcás na gcontaetha Gaeltachta agus cainteoirí dúchais Béarla a raibh Gaeilge líofa ar a dtoil acu agus eolas ar fhuaimniú na logainmneacha.

Is í aidhm na dtaifead fuaime seo treoir a chur ar fáil d’fhuaimniú áitiúil na logainmneacha. D’admhaigh Logainm.ie nach léireofaí na miondifríochtaí fuaimnithe a bhíonn le sonrú ó cheantar go ceantar taobh istigh den chontae céanna.

Chuir an tAire Stáit Gaeltachta Joe McHugh fáilte roimh an bhforbairt ‘shuntasach’.

“Tá stair, teanga agus cultúr na hÉireann fite fuaite le logainmneacha na tíre, rud atá le feiceáil i saibhreas agus éagsúltacht na logainmneacha atá léirithe ar an suíomh. Is céim suntasach eile sa phróiseas forbartha na taifid fuaime seo a bheith ar fáil ar líne agus cuirimse fáilte mhór roimhe,” a dúirt sé.

Tá os cionn 100,000 baile, sráid agus ionad daonra ar fud na tíre le fáil ar Logainm.ie chomh maith le hainmneacha gnéithe áirithe fisiciúla. Seoladh an an suíomh ar 1 Deireadh Fómhair 2008 agus in imeacht seacht mbliana tá 10 milliún amas faighte aige.

Rinneadh nasc ag tús na míosa seo idir Logainm.ie agus placenamesni.org, suíomh ar a bhfuil eolas cuimsitheach faoi logainmneacha Thuaisceart Éireann. Tá breis agus 10,000 nasc idir an dá bhunachar. Tá plé ar siúl faoi láthair idir an dá shuíomh maidir le fuaim a chur le logainmneacha áirithe sna sé chontae eile de réir a chéile.