Tagann seal i saol an pháiste nuair nach páiste é a thuilleadh

CUIMHNE AGUS DEARMAD: Colún míosúil faoin ngalar Alzheimer. An mhí seo: tháinig stoirm agus víreas sna sála ar a chéile agus rith sé lenár gcolúnaí gur fear fásta é anois

Tagann seal i saol an pháiste nuair nach páiste é a thuilleadh

Oíche Chéadaoin seo a chuaigh thart, leag stoirm Conall crann beithe in aice leis an teach inar fhás mé aníos agus ina bhfuil cónaí orm faoi láthair.

Bhí an t-ádh dearg liom féin agus leis an teach. Aniar aduaidh a tháinig Conall seachas aniar aneas mar a shéideann stoirmeacha sna bólaí seo go hiondúil, agus a bhuíochas leis sin ní ar an teach ach i ngort na gcomharsan a thit an crann, a bhí naoi méadar ar airde agus gar do 70 bliain d’aois, déarfainn. Crann fásta a bhí ann nuair a dhreapadh mé féin agus mo dheartháir óg suas ann, breis agus daichead bliain ó shin.

Ní éiríonn crainn bheithe róshean agus bhí an ceann seo scothaosta. Tá mo mháthair níos sine fós agus tá sí leagtha ag galar Alzheimer, cónaí uirthi le breis agus dhá bhliain anuas in ionad cúraim.

Tráthnóna Déardaoin, i ndiaidh dom an lá ar fad a chaitheamh ag déileáil leis an gcomharsa (scrios an crann a sconsa siúd), leis an gcomhlacht árachais (‘ach arbh í do mháthair ba chúis leis an stoirm? Ní uirthi an milleán go ndearnadh dochar do mhaoin na gcomharsan’) agus ag fanacht le comhlacht garraíodóireachta nár tháinig, níor theastaigh ach rud amháin uaim.

Tá mé ag iarraidh mo mham, a shíl mé liom féin agus mé ag rothaíocht ó thuaidh, ag rásaíocht liom trí thírdhreach ina raibh fannsolas an fhómhair ag dul i léig ar chraobhacha tite agus ar chorrchrann eile a leagadh, loinnir órga ar smidiríní coille ar dhath an chaonaigh, agus shíl mé liom féin go bhféadfadh cúrsaí a bheith níos measa.

Tá galar Alzheimer ar mo mháthair agus ní labhraíonn sí ach corrfhocal a thuilleadh, ach aithníonn sí i gcónaí mé agus an grá máthar sin a theastaigh uaim chomh géar sin an nóiméad áirithe sin, cuireann sí in iúl é ar bhealaí eile: lámh ar mo ghlúin, meangadh gáire.

Ach bhí cúrsaí níos measa. Nuair a bhain mé an t-ionad cúraim amach, d’fhógair fógra mór buí ar an bpríomhdhoras go raibh ráig den noraivíreas san áit, an ‘fríd urlacain geimhridh’ iomráiteach úd.

Bhí mo mham ina luí ina leaba, í ina cnap codlata, agus ní ag insint bréige atá mé má deirim gur shíl mé ar feadh soicind go raibh an dé imithe aisti dáiríre, bhí a haghaidh chomh bán sin.

Ach dhúisigh sí nuair a chuimil mé a leiceann le mo mhéar (i dtigh diabhail leis an víreas úd) agus chlaon sí a ceann nuair a d’fhiafraigh mé di an raibh custard agus brus brioscaí ann uaithi – ba é sin an ‘dinnéar’ a bhí á mholadh ag an dochtúir do na háitritheoirí a bhí tinn an lá sin.

‘An bhfuil spúnóg eile uait?’

Chlaon sí a ceann, agus tar éis leathuair an chloig bhí an babhla folamh agus bhí scéal an chrainn inste agam di. Ní dóigh liom gur thuig sí mórán dá ndúirt mé, ach bhí teagmháil súl eadrainn, mise ag cur spúnóga ina béal agus é ag dul ó sholas taobh amuigh den fhuinneog, féachaint ina súile nach ngabhfaidh i léig i mo chuimhne go brách.

Tagann seal i saol an pháiste nuair nach páiste é a thuilleadh, go dtiteann na crainn a dhreapadh sé suas iontu agus é ina ghasúr go talamh agus go mbíonn air bia a chur i mbéal an té a chuireadh bia ina bhéal féin tráth.

Is féidir leat scéal mór a dhéanamh faoi sin nó glacadh leis mar chuid den saol, saol a leanann ar aghaidh, agus an lá dár gcionn, nuair nach raibh radharc ar bith ar an gcomhlacht garraíodóireachta fós, rug mé féin ar an sábh agus nuair a thug mé cuairt ar an ionad cúraim sa tráthnóna bhí biseach ar mo mham.

Fág freagra ar 'Tagann seal i saol an pháiste nuair nach páiste é a thuilleadh'

  • Síle

    Aiste âlainn, go raibh maith agat! Rotha mór an tsaoil ag casadh ar ndóigh.

  • Carraig

    Prós álainn fileata.
    Luaineacht agus guairneán an tsaoil i dtitim an chrainn sin, agus NACH ar an údar a thit!
    Díol spéise é a liacht ráite sa Ghaeilge ina samhlaítear ‘crann a thiteam’ agus ‘cinniúint’.
    Féach leis go bhfuil na comhlachtaí árachais chomh ciotrúnta, tíoránach céanna agaibhse.

  • Bríd

    Bainim sólás i gcónaí as scéalta do bheatha agus do mháthair, a Alex. Míle buíochas as iad a roinnt linn anseo.

  • MacAnRí

    Scéal croíúil é sin , is mac umhal is cineáltas thú. Go raibh maith agat.