Tagairt ar bith don Ghaeilge i straitéis nua rialtais faoi sheirbhísí poiblí a fheabhsú

Is é príomhsprioc an Achta Teanga gur cainteoirí Gaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoi 2030, ach níl an Ghaeilge luaite beag ná mór sa straitéis nua don earnáil

Tagairt ar bith don Ghaeilge i straitéis nua rialtais faoi sheirbhísí poiblí a fheabhsú

Tá sé “náireach” nach bhfuil tagairt ar bith déanta den Ghaeilge i straitéis nua de chuid an Rialtais maidir le soláthar seirbhísí poiblí, in ainneoin go bhfuil feabhsú seirbhísí do Ghaeilgeoirí ar cheann de na spriocanna is mó san Acht Teanga leasaithe.

B’in a bhí le rá ag urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, agus cáineadh á dhéanamh aige ar straitéis atá foilsithe le gairid ag an Roinn Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe.

Is é príomhsprioc Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 ná gur cainteoirí Gaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoi 2030 ach níl an Ghaeilge ná pobal na teanga luaite beag ná mór sa straitéis Seirbhísí Poiblí Níos Fearr, a dhéanann cur síos ar conas atá an tseirbhís phoiblí chun freastal níos fearr a dhéanamh ar mhuintir an stáit amach anseo.

Cé go bhfuil an straitéis le cur i bhfeidhm idir seo agus 2030, níl aon tagairt inti don Ghaeilge ná na riachtanais atá ann freastal ar phobal na Gaeilge is na Gaeltachta.

“Tá sé náireach, tar éis an méid oibre agus geallúintí atá déanta maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021, go bhfuil soláthar seirbhísí trí Ghaeilge go hiomlán ar lár i straitéis na Roinne Caiteachais Phoiblí,” a dúirt Ó Snodaigh le Tuairisc.

“In ainneoin na cainte go léir atá déanta acu ar an éagsúlacht, is léir nach dtuigeann an Roinn go mbaineann sé sin le héagsúlacht teanga agus freastal ar phobal labhartha na Gaeilge chomh maith.

“Má tá súil againn an sprioc uaillmhianach 20% faoi 2030 a bhaint amach ó thaobh earcaíochta de, ní mhór don Stát a bheith ag cur tús leis sin anois. Ní hamháin go raibh an gheallúint sin san Acht leasaithe, ach bhí forálacha ann freisin faoi sheirbhísí a sholáthar do phobal na Gaeltachta ina dteanga fein. Cá bhfuil an Ghaeltacht sa straitéis seo go léir?”

Dúirt urlabhraí de chuid na Roinne Caiteachais Phoiblí gur “creatlach ardleibhéil” a bhí sa straitéis agus nach raibh sé mar sprioc ag an Roinn sa straitéis “liosta iomlán gníomhaíochtaí” a leagan amach maidir le soláthar seirbhísí poiblí.

Dúradh go raibh sé leagtha amach sa straitéis go ndéanfaí obair chun an tseirbhís phoiblí a dhéanamh “níos ilghnéithí, níos beo-intinní agus níos ionchuimsithí” agus go mbeadh ar chomhlachtaí seirbhíse poiblí baill foirne a “uasoiliúint agus a athoiliúint” agus gur faoi na réimsí sin a mheasann an Roinn a rachfar i ngleic leis na dualgais a bheidh ar an tseirbhís phoiblí faoin Acht Teanga.

Deir an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, áfach, gur chóir go mbeadh comhlíonadh a ndualgas teanga “lárnach” agus an Roinn ag ullmhú do thodhchaí na seirbhíse poiblí.

“Tá sé in am ag an státseirbhís agus ag an Roinn Caiteachais Phoiblí an fhianaise a aithint ó thaobh na géarchéime teanga sa Ghaeltacht agus an dochar atá á dhéanamh acu sa gcás sin trí Bhéarla a bhrú i gcónaí, agus seirbhísí a bhunú ar an bhfianaise sin.

“Impím ar an Aire Paschal Donohoe an straitéis seo a leasú chun geallúintí an rialtais maidir leis an nGaeilge agus phobal na Gaeltachta a chuimsiú istigh inti,” a dúirt sé.

Ní raibh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán sásta a rá an raibh aon teagmháil idir oifigigh na roinne sin agus an Roinn Caiteachais Phoiblí maidir le hullmhú na straitéise nua, ach dúradh go raibh gealltanas tugtha i straitéis eile de chuid na Roinne Caiteachais, Straitéis Athnuachana na Státseirbhíse 2030, go gcuirfear i bhfeidhm an Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Gaeilge atá le réiteach faoin reachtaíocht.

Bunaíodh an Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge anuraidh chun an plean sin a ullmhú.

Breathnófar sa phlean, agus sa taighde atá le déanamh mar chuid de, ar na bearnaí atá i soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht, ar an leibhéal inniúlachta sa Ghaeilge atá ag daoine san earnáil phoiblí faoi láthair agus conas daoine le Gaeilge a earcú.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, go bhfuil an cháipéis nua faoin tseirbhís phoiblí “thar a bheith easnamhach” mar nach bhfuil an Ghaeilge agus an reachtaíocht teanga luaite i straitéis nua na Roinne.

“Ní ghlacann muid leis an méid atá le rá ag an Roinn Caiteachais Phoiblí gur leor déileáil leis an nGaeilge faoi na réimsí leathan seo. Tá tograí eile ar nós Sláintecare, Impact 2030, MyCoCo luaite sa straitéis ach níl Acht na dTeangacha Oifigiúla agus an mórathrú a bheidh le déanamh ar chur chuige na hearnála poiblí luaite ann, rud a chuireann iontas orm”

Dúirt de Spáinn gur tugadh aird ar reachtaíocht teanga sa straitéis a réitíodh in 2021, ach go bhfuil an chuma ar an scéal anois gur fágadh an Ghaeilge ar lár sa cháipéis is déanaí toisc nach raibh sí “san áireamh” ag an Roinn.

Dúirt de Spáinn freisin go bhfuil ionadaí ón Roinn Caiteachais Phoiblí ar an gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge agus nach comhartha maith a bhí ann don obair atá le déanamh ag an gcoiste gur fágadh amach an Ghaeilge sa straitéis seo.

Fág freagra ar 'Tagairt ar bith don Ghaeilge i straitéis nua rialtais faoi sheirbhísí poiblí a fheabhsú'

  • An Sléibhteoir

    Seafóideach

  • Ciarán Ó Cofaigh

    Tá rogha ag Aengus Ó Snodaigh agus Julian de Spáinn a bheith mar chuid den fhadhb nó mar chuid don réiteach. Tá siad de shíor ag insint dúinn faoi na rudaí atá bainte amach acu don Ghaeilge agus ansin, nuair atá sé soiléir nach bhfuil na rudaí seo bainte amach, bíonn siad ag clamhsán faoin rialtas.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Nuair nach bhfuil stráitéis inmhéanach don Ghaeilg sa stáitseirbhís, sé sin, cosaint agus tacaíocht do na hoibrithe siúd ar cainteoirí Gaeilge iad agus a bhfuil ar a gcumas an Ghaeilg a úsáid mar theanga cumarsáide sna ranna rialtais, ní fheicim go mbeidh caomhnú agus buanú na Gaeilge ann sa stáitseirbhís.

    Nuair nach bhfuil stráitéis ar bith ann chun go ndéanfadh an stáit a ghnóithe i nGaeilg amháin leo siúd a bhfuil cónaí orthu, leo siúd atá i mbun gnó nó leo siúd atá fostaithe sa Ghaeltacht ní fheicim go mbeidh caomhnú agus buanú na Gaeilge ann sa stáitseirbhís.

    Ní ghlacaim leis an coincheap ‘20% d’earcaithe ina chainteoirí Gaeilge’. I ndeireadh na dála is céadatán níos lú a bheas i gceist. Agus má bhíonn siad ag obair i measc Béarlóirí is cinnte gur ag Béarlóireacht le chéile a bheas siad agus gan cleachtadh ar bith ar an Ghaeilg.