Tacaíocht tugtha ag Cymdeitheas yr Iaith d’fheachtas GáidhligTV

Tá tacaíocht faighte ag an bhfeachtas ar son níos mó Gáidhlig ar an stáisiún BBC Alba ag an eagras ceannródaíoch Breatnaise

bbc alba

Tá a gcuid tacaíochta tugtha ag an ngrúpa feachtais Breatnaise Cymdeitheas yr Iaith do GáidhligTV agus a bhfeachtas siúd i gcoinne ró-úsáid an Bhéarla ar BBC Alba.

“Tá Cymdeithas yr Iaith ag tabhairt tacaíochta don fheachtas chun tuilleadh Gáidhlig a fháil ar BBC Alba. Is í an Gháidhlig an chúis a bhfuil an cainéal ann ar chor ar bith. Tumadh an bealach is fearr chun líofachta, agus mar sin tá sé riachtanach go mbeadh clár ar fáil ar BBC Alba atá dáiríre trí mheán na Gáidhlig chun freastal ar fhoghlaimeoirí agus cainteoirí líofa araon,” a dúradh i ráiteas ón eagras.

Thug urlabhraí ó GháidhligTV le fios do Tuairisc.ie go raibh an eagraíocht sin thar a bheith sásta leis an tacaíocht seo ó eagras eile Ceilteach.

Tagann an ráiteas tacaíochta sna sála ar ráiteas eile a rinne Cymdeitheas yr Iaith níos túisce an tseachtain seo faoi sheirbhísí teilifíse i mionteangacha na Breataine Móire.

Tá an t-eagras ag éileamh go mbeadh an dara stáisiún Breatnaise ann i bhfianaise an méid a dúirt Tony Hall, Ard-Stiúrthóir an BBC in óráid a thug sé uaidh faoi sheirbhísí an BBC a leathnú i dteangacha eile an domhain ach ní sa Bhreatnais.

Dar le Cymdeitheas yr Iaith, tá fás suntasach tagtha ar na seirbhísí Béarla le blianta anuas ach ciorruithe déanta ar sheirbhísí Breatnaise – go háirithe ar Radio Cymru.

“Tá rogha idir os cionn 450 stáisiún teilifíse agus 600 stáisiún raidió a chraolann i mBéarla sa Bhreatain Mhór, ach níl ann ach an t-aon stáisiún Breatnaise amháin ar an raidió agus ar an teilifís araon, in ainneoin an fháis atá tagtha ar na seirbhísí Béarla.

“Is aisteach an rud é go bhfuil an BBC ag caint ar mhéadú ar sheirbhísí teanga in áiteanna difriúla gan caint ar bith uathu ar an soláthar Breatnaise,” a dúirt Cymdeitheas.

Rinne Cymdeitheas yr Iaith tagairt do phlean Gaeilge RTÉ a seoladh an tseachtain seo caite agus dúirt go dteastaíonn seirbhísí breise i mionteanga na Breataine Bige.

Dúradh go raibh sé riachtanach go n-ardódh rialtas na Ríochta Aontaithe an maoiniú a thugtar do S4C go mbeadh sé neamhspleách ón BBC.

Fág freagra ar 'Tacaíocht tugtha ag Cymdeitheas yr Iaith d’fheachtas GáidhligTV'

  • Breathnóir

    Ábhar imní é an soláthar a dhéanann an BBC ar phobal na Gaeilge ó thuaidh fosta. Bhíodh roinnt ábhar Gaeilge ar fáil ar shuíomh gréasáin an BBC do na 6 chontae ach tá sin imithe anois. Ní bhíonn acu go rialta ach clár raidió 30 bomaite in aghaidh an lae agus corrshraith teilifíse, nach ndéanann siad mórán poiblíochta orthu, faoi mar a bheadh náire orthu fúthu. Bíonn na cláir a dhéanann siad, idir na cinn raidió agus na cláir theilifíse, ar ardchaighdeán de ghnáth, ach ní shílim go bhfuil go leor freastal á dhéanamh ar na Gaeil.