Léirigh “formhór” na ndaoine a d’fhreastail ar chruinniú faoi Thithe Saoire Eanach Mheáin “tacaíocht don mholadh” go gceannódh Comhairle Chontae na Gaillimhe na tithe, a deir an brúghrúpa tithíochta Bánú.
Bhí os cionn 5o duine i láthair ag an gcruinniú a bhí ar siúl i Halla Pobail Leitir Móir a d’eagraigh Bánú i gcomhar le coiste an ionaid tráthnóna Dé hAoine caite. Ina measc siúd bhí triúr comhairleoirí contae as Conamara Theas – Máirtín Ó Laoi, Pádraig Joe Joe Mac an Iomaire, agus Michael Leainde.
“Léirigh formhór mór na ndaoine a bhí i láthair a dtacaíocht don mholadh go mba cheart do Chomhairle Chontae na Gaillimhe na tithe a thógáil ar láimh agus iad a athchóiriú ar mhaithe le tithe buanchónaithe a chur ar fáil le freastal ar riachtanais tithíochta an cheantair,” a dúradh i ráiteas a chuir Bánú amach i ndiaidh an chruinnithe.
Agus é ag labhairt ag an gcruinniú, dúirt an comhairleoir de chuid Fhine Gael, Pádraig Joe Joe Mac an Iomaire go raibh sé i gceist aige féin rún a chur faoi bhráid na comhairle contae ina molfadh sé dóibh na tithe a cheannach agus a athchóiriú.
Dúirt an chomhairle contae an tseachtain seo caite gur iarr an Roinn Tithíochta orthu treoir a thabhairt do Thearmann Éanna, an comhlacht ar leis na tithe in Eanach Mheáin agus tithe saoire eile i Ros an Mhíl, na tithe a bhaint den mhargadh le deis a thabhairt don Roinn athbhreithniú a dhéanamh ar an scéal.
Tá Bánú den tuairim go bhféadfadh Comhairle Chontae na Gaillimhe airgead a fháil ón Roinn Tithíochta leis na tithe atá á ndíol a cheannach, a réiteach, agus a chur ar fáil do dhaoine atá ag fanacht ar thithe i gCeantar na nOileán agus i gCois Fharraige. Mhol Bánú freisin go gcuirfí na tithe athchóirithe ar fáil faoi bhun luach an mhargaidh mar thithe inacmhainne do mhuintir na Gaeltachta.
An Teanga Bheo
Forbairt na Gaeltacht in am agus cé leis é Udaras >>>