Tacaíocht á lorg d’achainí a mhaítear a mheallfadh tuilleadh maoinithe don Ghaeltacht ón AE

Tá achainí á déanamh ar an AE go dtabharfaí isteach reachtaíocht úr san Eoraip faoina n-aithneofaí réigiúin ar leith de réir cúinsí teanga

Tacaíocht á lorg d’achainí a mhaítear a mheallfadh tuilleadh maoinithe don Ghaeltacht ón AE

achainí ar líne tosaithe le go n-aithneofaí réigiúin ar fud na hEorpa a bhfuil tréithe cultúrtha agus teanga ar leith acu, réigiúin amhail na ceantair Ghaeltachta. De réir na hachainí bheadh maoiniú breise le fáil ón Aontas Eorpach do na ceantair seo.

Tá Conradh na Gaeilge ag tacú leis an achainí mar bhealach gur féidir breis tacaíochta a fháil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

Is ar shuíomh an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh atá an achainí, tionscnamh a thugann deis do shaoránaigh an AE tathant ar an gCoimisiún Eorpach dlíthe nua a mholadh.

De réir na hachainí, thabharfaí beartas isteach chun cosaint agus maoiniú a dhéanamh ar réigiúin a bhfuil tréithe náisiúnta, eitneacha, cultúrtha, creidimh nó teanga acu atá éagsúil ó na réigiún máguaird.

Tá an achainí sínithe ag breis agus milliún duine ar fud na hEorpa cheana féin ach ní mór do líon áirithe daoine as seacht mballstát í a shíniú. Faoi láthair, tá an líon áirithe sin bainte amach san Ungáir, sa Rómáin agus sa tSlóvaic ach tá lear mór sínithe ag teastáil sna tíortha eile sula gcomhlíonfar an riail.

Tá 8,250 síniú ar fad ag teastáil i gcás na hÉireann agus tá an achainí sínithe ag nach mór míle duine as an tír seo go dtí seo.

Dúirt Róisín Ní Mhaoláin, Feidhmeannach Cumarsáide le Conradh na Gaeilge, go mbeadh deis forbartha ann don Ghaeltacht dá n-éireodh leis an mbeartas seo.

“Is é an bunús atá leis an achainí seo go dtabharfaí isteach reachtaíocht úr san Eoraip le go n-aithneofaí réigiúin ar leith de bharr cúinsí teanga. I gcás na hÉireann, bheadh na ceantair Ghaeltachta aitheanta agus inmhaoinithe fríd na potaí maoinithe éagsúla seo.

“Ag comhoibriú leis na grúpaí eile agus le ELEN, tá deiseanna maithe anseo tuilleadh maoinithe a mhealladh i dtreo na Gaeilge agus i dtreo na Gaeltachta. Beidh beagán os cionn 8,000 síniú de dhíth ó shaoránaigh Éireannacha chun an feachtas seo a thabhairt ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile.”

Fág freagra ar 'Tacaíocht á lorg d’achainí a mhaítear a mheallfadh tuilleadh maoinithe don Ghaeltacht ón AE'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    An bhfuil nasc ar fáil chuig an achainí seo?

  • Proinnsias Ó hURMOLTAIGH

    Cén chaoi is féidir liom siniu a chur leis an tacaiocht atá ag teastáil?

  • Roibeard

    An nasc chun teacht ar leathanach na hachainí:
    https://eci.ec.europa.eu/010/public/#/initiative