Tabharfaidh slua de na Gaeil-Mheiricéanaigh vóta do Donald Trump sa gcéad toghchán eile

Rud amháin a rachas i bhfeidhm ar chuid mhór Meiriceánach agus Gael-Mheiriceánach is ea an chaint ar fad atá Trump a dhéanamh faoi dhlí agus ord

Tabharfaidh slua de na Gaeil-Mheiricéanaigh vóta do Donald Trump sa gcéad toghchán eile

Shílfeá go mbíonn corrdhuine ag déanamh iontais fós go bhfuil Éireannaigh agus Gael-Mheiriceánaigh ar an dá thaobh i bhfeachtas toghchánaíochta na huachtaránachta i Meiriceá. Leis an bPáirtí Daonlathach a shamhlaíonn siad iad.

Bhí an tráth ann, ar ndóigh, ar chuid dhlúth den Pháirtí Daonlathach na Gaeil. Go deimhin, ba mhaith dóibh acu an páirtí sin nuair a chuaigh siad go Meiriceá ina mílte i dtosach. Níorbh fhada thall iad nuair a bhí siad féin paiteanta ag plé le polaitíocht.

Tháinig an lá a raibh duine dá sliocht, Seán Mac Gearailt Ó Cinnéide, ina Uachtarán ar na Stáit Aontaithe. Ná déanadh muid dearmad, mar sin féin, gur thug neart de na Gael-Mheiriceánaigh tacaíocht do Ronald Reagan lena linn. Is cosúil gur duine tíriúil a bhí ann chomh maith le bheith ina aisteoir. Thaithnigh a bhealach le daoine.

Ach bhí an scéal níos doimhne ná sin: bhí na Gael-Mheiriceánaigh ag éirí níos saibhre agus is minic gurb iad na daoine a bhíonn ag dul suas an dréimire is túisce a dhéanann dearmad ar an dream a thug cúnamh dóibh nuair a bhí siad go géar ina chall.

Ar chuala tú riamh fir agus mná a bhfuil sé d’ádh orthu post réasúnta maith a bheith acu ag caitheamh anuas lá agus oíche ar an dream atá i dtuilleamaí cúnamh leasa shóisialaigh? ’Sea agus ag ithe agus ag gearradh ina theannta sin ar dhreamanna atá ag teacht isteach sa tír seo amhail is nach ndeachaigh aon duine ar imirce as Éirinn ariamh.

Maidir lenár mbráithre sna Stáit Aontaithe, ní dóichí go gcuireann siad san áireamh beag ná mór gur bean as Oileán Leodhais in Albain a raibh Gaeilge na hAlban ó dhúchas aici a bhí i máthair Donald Trump, go ndeachaigh sí go Meiriceá ina hóige agus gur ag obair ina cailín aimsire a bhí sí go dtí gur casadh an Gearmánach saibhir uirthi. Uair annamh a labhraíonn a Donald uirthi. Ní fheileann sé dá chúis aird a tharraingt ar imirceach eacnamaíoch.

Ar ndóigh, tá réasún eile ag daoine le bheith ag tréigean an Pháirtí Dhaonlathaigh thall agus is é sin go mothaíonn siad gur thréig na Daonlaithe iadsan. Sin é a cuireadh i leith Hilary Clinton, cuirim i gcás. B’fhearr le cuid mhaith den phobal vótáil ar son Donald Trump ná tacú léi agus ní de bharr gur bean í, cé go raibh cuid de sin ann freisin.

Tabharfaidh slua de na Gaeil-Mheiricéanaigh vóta do Donald Trump sa gcéad toghchán eile. Creideann siad i gcónaí gur ar son na cosmhuintire atá sé, cé gur duine simplí nach bhfeicfeadh gur cuidiú níos láidre fós a thabhairt dá chairde saibhre atá faoi a dhéanamh.

Rud amháin a rachas i bhfeidhm ar chuid mhór Meiriceánach agus Gael-Mheiriceánach is ea an chaint ar fad atá Trump a dhéanamh faoi dhlí agus ord. Seo é an fear a chosnóidh iad ar lucht agóide agus círéibe, feictear dóibh.

Níl fonn ar bith orthu aon cheist a chur faoin gcúis atá leis na hagóidí. Tá formhór na bpóilíní thall i bhfabhar an pholasaí láidir seo atá ag Trump. Ní rún ar bith é go luaití na hÉireannaigh le póilíneacht i Meiriceá le fada an lá. Luaitear fós go deimhin.

Taobh amuigh de na páirtithe polaitíochta ar fad ní cúis iontais Éireannaigh a bheith ar an dá thaobh i Meiriceá. Throid siad go cróga ar son stáit an Tuaiscirt i gCogadh Cathartha Mheiriceá ach bhí neart acu dílis do stáit an Deiscirt freisin. Má bhí Tomás Proinsias Ó Meachair ó thuaidh bhí Seán Mistéil ó dheas.

Roimhe sin aríst bhí Éireannaigh ar an dá thaobh i gCogadh Saoirse Mheiriceá. Dúirt na Sasanaigh go raibh baint mhór ag na hÉireannaigh leis an gcaoi ar chaill Sasana ceannas ar Mheiriceá ach cuimhnigh go raibh Éireannaigh in arm Shasana ag an am céanna ag iarraidh na Meiriceánaigh a choinneáil faoi chois.

D’fhéadfadh sé go dtabharfadh Donald Trump an eang leis sa toghchán agus b’fhéidir eile nach dtabharfadh.

Tá rud amháin cinnte ar chuma ar bith agus is é sin má éiríonn le Joe Biden go mbeidh muid ag brú gaoil air as éadan abhus agus thall ón gcéad lá dá thréimhse Uachtaránachta.

Tá lútáil mar sin go smior ionainn.

Fág freagra ar 'Tabharfaidh slua de na Gaeil-Mheiricéanaigh vóta do Donald Trump sa gcéad toghchán eile'

  • Larry Phelan

    Is fíor dhuit, a Joe, is cuimhin linn go léir an racht a tháinig ar mhuintir Fhine Gael cúpla bliain ó shin nuair a chuir Clare Daly lútáil na Sionainne ina leith. Ach i gcás Mheiriceá féin agus an toghchán seo romhainn, sea, Gaeil ar an dá thaobh, agus ní hionadh sin i bhfianaise na staire atá ríofa agat dúinn thuas. An-alt, mar is nós leat.

  • Poraic o'hEipicín

    Ní dhéin tú aon tagairt faoi an Ghinmhilleadh, a Sheosamh
    Is Dúnmharú é an Ghinmhilleadh.
    Is Coir é atá ag iarraidh Díoltais ó Neamh.