Breithlá mo chara a bhí ann an lá cheana.
Dlúthchara liom é, ach ar chúiseanna atá róchasta le míniú sa cholún seo bhí muid tar éis comhluadar a chéile a sheachaint ar feadh míosa nó dhó.
Cúpla lá roimh a bhreithlá, rinne muid síocháin ar an bhfón, ach ní raibh na créachtaí a d’fhulaing ár gcairdeas cneasaithe, ná baol air.
Ní raibh fonn dá laghad orm bronntanas a cheannach dó, ach ba mhaith a thuig mé gurbh ionann gan féirín a thabhairt dó ar a bhreithlá agus tús a chur le cogadh fuar úrnua.
An oíche roimh an lá mór, chuimhnigh mé ar sheift.
File, scríbhneoir próis agus craoltóir raidió iomráiteach as an mBrasaíl (mar a bhfuil cónaí orm féin agus ar an gcara thuasluaite) é Fabrício Carpinejar.
Colúnaí den scoth é. Cairdeas, grá agus gnéas na clocha is mó ar a phaidrín. Foilsítear cnuasaigh dá chuid colún go tráthrialta agus tharla gur thug an cnuasach is déanaí uaidh an-sólás dom nuair nach raibh mé féin agus mo chara ag caint le chéile.
‘Amizade é também amor’ an teideal a baisteadh ar an gcnuasach sin, ‘Grá a bhíonn sa chairdeas freisin’.
Ní leabhar féinchabhrach é, ach tá neart moltaí ann don té a bheadh ag streachailt le cairdeas casta.
Spás a thabhairt do chara más spás a theastaíonn uaidh.
Cead a thabhairt do chara a chloigeann a chailleadh leat, agus cead a thabhairt dó leithscéal a ghabháil ina dhiaidh sin.
Gan a bheith ag dúil le rud ar bith ó chara, ach dóchas a bheith agat as.
Amach liom chuig an ionad siopadóireachta, an t-aon áit amháin sa chathair a mbeadh siopa leabhar oscailte an t-am sin den oíche.
An mhaidin dár gcionn, thug mé aghaidh ar theach mo chara. Leath meangadh gáire ó chluas go cluas air nuair a bhain sé an cumhdach bronntanais den leabhar. Den chéad uair le dhá mhí, bhreathnaigh muid sna súile ar a chéile.
Rith sé liom an nóiméad sin gur beag bronntanas, dháiríre, atá inchurtha le leabhar.
Léiriú é an leabhar dea-roghnaithe ar an aithne a bhíos ag beirt ar a chéile.
Léiriú ar an gcairdeas féin.
Tá an Nollaig buailte linn. Tá féiríní agus bronntanais le ceannach. Tabhair leabhair do do chairde. Cuirfidh tú gliondar ar a gcroí.
Beidh ‘Léamh agus Scríobh’ ar ais san athbhliain.
Traolach
Ach cuimhnigh freisin gur ‘measa cara fallsa ná namhaid f(h)ollasach’. Agus geallaimse dhuit gur fíor é sin.