‘Tabhair cothrom na Féinne don té atá ag iarraidh cúrsaí airgeadais an stáit a phlé i nGaeilge’

Thug an Roinn Caiteachais Phoiblí le fios do chomhaltaí coiste Oireachtais go mbeadh an iomarca oibre i gceist le meastacháin na ranna stáit a chur ar fáil go dátheangach

‘Tabhair cothrom na Féinne don té atá ag iarraidh cúrsaí airgeadais an stáit a phlé i nGaeilge’

Tá iarrtha ag Comhchoiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta ar an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe go gcuirfí leaganacha Gaeilge ar fáil feasta de mheastacháin agus meastacháin athbhreithnithe na Ranna Stáit go léir.

Shochraigh baill an Choiste an méid sin a éileamh ag cruinniú príobháideach a bhí inné acu. 

Thug an Roinn Caiteachais Phoiblí le fios do bhaill an choiste roimhe seo go mbeadh an iomarca dua agus oibre i gceist leis na meastacháin go léir a chur ar fáil go dátheangach. Dúradh “gur beag an t-éileamh, nó nach raibh éileamh ar bith, ar Imleabhar na Meastachán Athbhreithnithe a aistriú go Gaeilge”.

Bhí an Coiste ag iarraidh, a dúirt cathaoirleach an choiste Oireachtais, go mbeadh “cothrom na Féinne” ag an té atá “ag iarraidh cúrsaí airgeadais an Stáit a bhreithniú agus a phlé i dteanga náisiúnta an Stáit – an Ghaeilge”.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh nach imleabhar “fada” nó “an-teicniúil” a bhí i gceist. 

“Den chuid is mó, imleabhar é ina bhfuil níos mó figiúirí ná focail ann, agus ba chóir go mbeadh sé ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla araon as seo amach, mar áis agus agus mar cheart,” arsa Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin.

Dúirt sé go raibh sé de cheart ag an bpobal, ag eagraíochtaí teanga agus stáit, ag baill an Oireachtais agus ag iriseoirí na meán Gaeilge teacht a bheith acu ar mheastacháin na rann i nGaeilge.”

Dúirt an Cathaoirleach gur chóir fáil a bheith air ag na meáin chumarsáide “Nuacht RTÉ, TG4, Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life, Raidió Fáilte, Tuairisc.ie, Comhar, agus na hiriseoirí éagsúla ar fud na tíre a scríobhann ailt as Gaeilge sna nuachtáin náisiúnta agus áitiúla agus ar na meáin shóisialta”.

An chúis dar leis nach léir “éileamh oscailte” a bheith ann faoi láthair ná go bhfuil a fhios ag na “páirtithe leasmhara” nach fiú, i gcúrsaí polaitíochta agus cúrsaí reatha, “éileamh a dhéanamh ar rud nach bhfuil ar fáil go tapa”. 

“Cén t-iriseoir nó polaiteoir, nó eile, a bheadh sásta fanacht cúpla seachtain nó cúpla mí le haistriúchán a fháil ar rud atá air nó uirthi a bhreithniú agus a phlé go poiblí láithreach bonn?

Fág freagra ar '‘Tabhair cothrom na Féinne don té atá ag iarraidh cúrsaí airgeadais an stáit a phlé i nGaeilge’'

  • Éamonn Ó Gribín

    Maidir le: Thug an Roinn Caiteachais Phoiblí le fios do bhaill an choiste roimhe seo go mbeadh an iomarca dua agus oibre i gceist leis na meastacháin go léir a chur ar fáil go dátheangach. Dúradh “gur beag an t-éileamh, nó nach raibh éileamh ar bith, ar Imleabhar na Meastachán Athbhreithnithe a aistriú go Gaeilge”.

    Deir an Coimisinéir Teanga faoin teideal ‘Cearta Bunreachtúla’; “Leagtar síos na bunphrionsabail maidir le cearta teanga sa Bhunreacht. Ceadaíonn an Bunreacht don duine gach gnó – agus gach cuid dá ghnó – a dhéanamh leis an stát trí Ghaeilge agus trí Ghaeilge amháin. Ciallaíonn an ceart bunreachtúil go bhfuil, dá réir sin, dualgais ar chomhlachtaí poiblí na tíre géilleadh don cheart sin.” (Tagairt: https://www.coimisineir.ie/cearta-bunreachtula?lang=GA)

    Is léir nach bhfuil an Stát sásta géilleadh don cheart sin! Nach bhfuil sé in am ag an gComhchoiste Oireachtais don Ghaeilge agus don Ghaeltacht athbhreithniú breithiúnach a lorg maidir leis an ábhar tromchúiseach seo?