Tábhacht na n-ionadaithe, buillí do Ghaillimh is Tír Eoghain agus Hannon ina mháistir

Caitheann Tuairisc súil siar ar na scéalta is mó ó na craobhacha iomána agus peile a thosaigh ag an deireadh seachtaine

Tábhacht na n-ionadaithe, buillí do Ghaillimh is Tír Eoghain agus Hannon ina mháistir

Tábhacht na n-ionadaithe léirithe arís

Ba mhar a chéile tús chraobh iomána na bliana seo agus críoch chraobh na bliana seo caite agus Luimneach ag tabhairt taispeántas cumasach uathu chun Corcaigh a shárú. Níor bhuail foireann John Kiely greadadh chomh dona céanna ar na Corcaígh is a bhuail siad i gcluiche ceannais na hÉireann ach tugadh freagra sách maith d’aon dream a cheap gur léiriú lagthaispeántas Luimnigh le linn na sraithe ar cad a bhí romhainn sa chraobh.

Ní hamháin go raibh imreoirí mór le rá Luimnigh láidir ach léirigh na hionadaithe a mianach freisin. Scóráil an t-ógánach Cathal O’Neill cúpla pointe agus d’éirigh le David Reidy agus Pat Ryan ceann an duine a fháil freisin. Agus Séamus Flanagan le teacht ar ais (agus súil le Peter Casey lá níos faide anonn) níl Luimneach tada níos laige ná mar a bhí siad anuraidh.

Mar sin féin léirigh Port Láirge go bhfuil an bhearna idir iad féin agus curaidh na hÉireann laghdaithe i mbliana. Cé nár bhain na Déisigh amach an caighdeán a bhí acu le linn na sraithe sa chéad leath in aghaidh Thiobraid Árann Dé Domhnaigh, d’athraigh cúrsaí sa dara leath nuair a chuir Liam Cahill Austin Gleeson agus Jamie Barron chun páirce. 

Bhí Barron ag teacht ar ais ó ghortú agus seans go mbeadh siad beirt ag tosú de ghnáth. Ach is imreoirí a bhfuil a gcumas léirithe acu le blianta beaga anuas iad an bheirt a baineadh amach, Neil Montgomery agus Carthach Daly. Léiríonn an méid sin neart phainéal na nDéiseach agus cuimhnigh gur tháinig Iarlaith Daly agus Shane Bennett isteach mar ionadaithe freisin agus go raibh siad in ann leithéidí Kieran Bennett agus Pauric Mahony a fhágáil ar an mbinse.

Ní raibh aon locht ar ionadaithe Thiobraid Árann ach an oiread agus leithéidí Patrick ‘Bonnar’ Maher, Dan McCormack agus John McGrath curtha chun páirce ag Colm Bonnar nuair a theastaigh athrú. Is léir go bhfuil suas le 20 imreoir den chaighdeán is airde ag teastáil más le foireann aon seans a bheith acu ar Chraobh na hÉireann a bhuachan.

 

Conor Whelan le  Matthew O’Hanlon agus Paudie Foley. Pictiúr: ©INPHO/Ken Sutton

Gortú Whelan an buille is measa do Ghaillimh

Beidh díomá ar bhainisteoir na Gaillimhe Henry Shefflin an tseachtain seo tar éis do na Gaillimhigh farasbarr sé phointe a chaitheamh uathu in aghaidh Loch Garman Dé Sathairn ach seans gurb é an rud is mó a bheidh ag déanamh imní don bhainisteoir ná an gortú a bhain do Conor Whelan sa dara leath.

Tá Whelan ar an tosach is tábhachtaí ar fhoireann na Gaillimhe le cúpla bliain anuas ach tá sé níos tábhachtaí ná mar a bhí riamh anois agus Joe Canning éirithe as. Agus Shefflin tagtha i gceannas ar Ghaillimh i mbliana, ba léir go raibh sé chun Whelan agus Brian Concannon a fhágáil leo féin sa líne leatosaithe agus an sliotar a chur ina dtreo ar nach mór gach ionsaí.

Tá Whelan chomh maith sin ag buachan seilbhe ar an sliotar go mbíonn an chuma ar an scéal uaireanta go bhfuil imreoirí na Gaillimhe sásta é a lascadh chuige is cuma má bhíonn beirt nó triúr cosantóirí timpeall air, mar a bhíonn go minic. Bíonn súil acu go dtiocfaidh an Faolánach amach leis an sliotar i gcónaí.

Cinnte, b’in a bhí ag tarlú in aghaidh Loch Garman Dé Sathairn agus drochphasanna á gcur i dtreo Whelan agus a leathbhádóir Concannon. Nuair a bhí Whelan ar an bpáirc, d’éirigh leis corrcheann a bhuachan ach nuair a bhí sé imithe, bhí an sliotar ag teacht ar ais sa mhullach ar chosantóirí na Gaillimhe chomh sciobtha agus a bhí sé á ghlanadh amach acu.

Bhí an bhearna sé phointe sin fós ag Gaillimh nuair a bhí ar Whelan an pháirc a fhágáil agus beagán níos mó ná deich nóiméad fágtha ach ní raibh na Gaillmhigh in ann an fód a sheasamh gan é.

Gortú i dteannán a ioscaide a bhí ag cur as do Whelan, gortú nach leigheastar go tapa. Beidh na cluichí ag teacht tiubh te do Ghaillimh, áfach, agus cé gur cheart go mbeadh siad in ann an ceann is fearr a fháil ar an Iarmhí gan Whelan Dé Sathairn beag seo, ní bheidh Henry Shefflin ag iarraidh a bheith dá uireasa mórán níos faide ná sin.

 

Conor McKenna. Pictiúr: ©INPHO/Bryan Keane

Spleodar McKenna ag teastáil ó Thír Eoghain

Má bhí Luimneach cumasach san iomáint, ní raibh cuma leath chomh maith céanna ar churaidh peile 2021, Tír Eoghain. Fuair fir Feargal Logan agus Brian Dooher an ceann is fearr ar Fhear Manach faoi dheireadh ag an deireadh seachtaine ach dá mbeadh Fear Manach beagáinín níos stuama ina gcuid imeartha, bhí an seans acu níos mó brú a chur ar Thír Eoghain.

Bhí Conn Kilpatrick ar fheabhas do Thír Eoghain sa dara leath agus rinne Conor Meyler an-chuid oibre, mar is iondúil. Bhí taispeántas Conor McKenna nuair a tugadh isteach é ar cheann de na comharthaí maithe a bhí ann do Thír Eoghain ach bronnadh cárta dearg ar McKenna nuair a d’éirigh sé sáite i mbeagán ruaille buaille i dtreo dheireadh na himeartha. Beidh siúd ann a deir go raibh an réiteoir Joe McQuillan ceart é a chuir den pháirc agus daoine eile a bheidh den tuairim go raibh mí-ádh ar McKenna, ach rud amháin atá cinnte ná go mbeidh Tír Eoghain níos laige mura mbíonn teacht acu air don chluiche in aghaidh Dhoire a bheidh ar siúl faoi cheann coicíse.

 

Declan Hannon. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Hannon ina mháistir ar ról ríthábhachtach

Ba dheacair easaontú leis an gcinneadh gradam laoch na himeartha a bhronnadh ar Dhiarmaid Byrnes, d’fhéadfaí cás a dhéanamh chomh maith do chaptaen Luimnigh, Declan Hannon.

Bhí Hannon ar fheabhas ar fad i gcoinne Chorcaí agus bíodh is nach bhfaigheann sé an t-aitheantas atá ag dul dó i gcónaí tá ról ríthábhachtach aige i gcur chuige Luimnigh.

Níor chaill Luimneach aon chluiche craoibhe ó chluiche leathcheannais na hÉireann 2019 in aghaidh Chill Chainnigh. Gortaíodh Hannon luath san imirt an lá sin agus bhí Luimneach dá uireasa don dara leath go léir.

Tá cuma shimplí go maith ar ról Hannon mar leathchúlaí láir ach teastaíonn éirim iontach iománaíochta chun é a dhéanamh i gceart. Ní foláir samhlaíocht agus smacht a bheith ag duine leis. Seasann Hannon an fód os comhair a líne lánchúil beag beann ar cá dtéann an té atá ag imirt mar leatosaí láir don bhfreasúra. Agus lánmhuinín aige go ndéileálfadh a chomhghleacaithe díocasacha le pé fadhbanna a chruthóidh an leatosaí láir, fanann Hannon siar ag múchadh na dtinte timpeall air de réir mar a lastar iad. 

Sin an smacht. Léiríonn Hannon an tsamhlaíocht atá aige mar imreoir nuair a fhaigheann sé féin seilbh an tsliotair agus tá a phasanna cliste cruinne agus a ruathair thomhaiste chun tosaigh chomh tábhachtach do phlean ionsaithe Luimnigh is atá a léamh diamhair ar an imirt dá bplean cosanta.  Dhein Corcaigh iarracht ag tús na himeartha an lá eile Hannon a tharraingt as a ionad i lár aonad cosanta Luimnigh, ach má d’éirigh féin ní fada a mhair sé agus bhí Hannon ina mháistir ar a phaiste, aon bhaol contúirte á chur ó dhoras aige agus frithionsaí i ndiaidh frithionsaithe á thosnú aige.

Tá Diarmaid Byrnes sa cheathrú háit ag na geallghlacadóirí d’Iománaí na Bliana agus gan chun tosaigh air ach Cian Lynch, Kyle Hayes, Stephen Bennett agus Gearóid Hegarty. 80-1 an praghas atá ar Declan Hannon ach tá sé ar a laghad chomh tábhachtach céanna do Luimneach le haon duine den chúigear, seachas b’fhéidir Lynch.

Fág freagra ar 'Tábhacht na n-ionadaithe, buillí do Ghaillimh is Tír Eoghain agus Hannon ina mháistir'