Tábhacht na Gaeltachta do chathair na Gaillimhe léirithe i bplean teanga nua na cathrach

Tá ‘spásanna’ do phobal na Gaeilge, suaitheantais speisialta agus imeachtaí sóisialta Gaeilge i measc na mbeartas sa phlean teanga chun an Ghaeilge a chur chun cinn i gcathair na Gaillimhe

Tábhacht na Gaeltachta do chathair na Gaillimhe léirithe i bplean teanga nua na cathrach

Deir triúr as gach cúigear i gcathair na Gaillimhe go bhfuil sé tábhachtach don chathair nach rachadh an Ghaeilge i léig tuilleadh sa Ghaeltacht.

Tugtar le fios i dtaighde nua ar stádas na teanga sa chathair le go gceapann breis is 60% den phobal go bhfuil sé tábhachtach do chathair na Gaillimhe go mairfeadh an Ghaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht.

Tháinig an t-eolas sin chun solais i bPlean Teanga Chathair na Gaillimhe 2020-2026, a foilsíodh an tseachtain seo.

Mar chuid de shuirbhé a rinneadh agus an plean á chur le chéile, léiríodh an bá atá don teanga sa chathair.

Dúirt 59% de na faisnéiseoirí go mba mhaith leo go mór níos mó Gaeilge a úsáid gach lá. Níos lú ná 10% a thug le fios nach raibh aon suim acu níos mó Gaeilge a labhairt gach lá.

D’fhreagair 1,576 duine ar fad an suirbhé ar líne a cuireadh le chéile agus an plean teanga á ullmhú.

66%, nó 926 duine, a d’easaontaigh go láidir leis an ráiteas gur cur amú ama an Ghaeilge a chur chun cinn i gcathair na Gaillimhe agus d’easaontaigh 45% leis an ráiteas go mbeadh sé níos fearr tacú leis an nGaeilge sa Ghaeltacht ná sa chathair.

Tá sé mar aidhm ag plean teanga chathair na Gaillimhe seirbhísí poiblí, tráchtála agus siamsaíochta a chur ar fáil a bheidh chun tairbhe do phobal na cathrach agus pobal na Gaeltachta.

Deir lucht taighde an phlean go bhfuiltear muiníneach gur féidir an Ghaeilge a chur chun cinn sa chathair má chuirtear a bhfuil sa phlean i bhfeidhm.

Deirtear sa phlean go bhfuil sé “bunaithe ar chomhairliúchán leathan” agus go gcreideann na húdair “gur léiriú cruinn é ar mhianta mhuintir na Gaillimhe”.

“Táimid den tuairim gur féidir dul chun cinn suntasach a dhéanamh, trí na bearta seo, leis na trí fhoghrúpa a aithnítear sa taighde seo: cainteoirí líofa na cathrach, muintir na Gaeltachta agus daoine ar mian leo tuilleadh Gaeilge a fhoghlaim.”

Mheas beagnach 40% de na daoine a líon amach an suirbhé go mba cheart go mbeadh níos mó imeachtaí sóisialta trí Ghaeilge ar siúl sa chathair agus is iarracht dul i ngleic leis an éileamh sin cuid de na bearta a luaitear sa phlean, a deirtear.

Gníomh eile a mholtar go ndéanfaí staidéar féidearthachta a choimisiúnú maidir le Lárionad Cultúrtha Gaeilge i gcathair na Gaillimhe.

Deirtear go mbeadh tionchar ag a leithéid d’ionad “ar shaol eacnamaíochta, sóisialta agus cultúrtha na cathrach” agus go mbainfeadh na limistéir pleanála teanga agus líonraí Gaeilge timpeall na cathrach leas as freisin.

Meastar go mbeadh costas €50,000 ar staidéar féidearthachta dá leithéid agus go bhféadfaí é a fhoilsiú an bhliain seo chugainn. Ar an eagraíocht Gaillimh le Gaeilge agus ar an Oifigeach Pleanála Teanga sa chathair a leagtar an phríomhfhreagracht ina leith.

Moladh eile a rinneadh sa suirbhé go gcruthófaí spásanna do mhuintir na Gaeilge sa chathair agus go dtabharfaí faoi staidéar ar athchóiriú a dhéanamh ar Áras na nGael, ceannáras Chonradh na Gaeilge sa chathair.

Teach tábhairne agus seomraí do ranganna Gaeilge agus ceoil atá san Áras faoi láthair. Tá ionad TechSpace á bhunú ann freisin.

Ceann de na rudaí is mó a tháinig chun cinn san obair chomhairliúcháin gur measadh go raibh sé deacair Gaeilgeoirí eile sa chathair a aithint agus an éiginnteacht faoi cibé an raibh  seirbhís i nGaeilge le fáil ó ghnóthaí.

Cé gur tugadh le fios sa suirbhé go mbíonn an Ghaeilge in úsáid ag 13% de na faisnéiseoirí i gcónaí sa bhaile agus 6% acu a dúirt go mbíonn sí in úsáid i gcónaí acu sa chomharsanacht, níor dhúirt ach níos lú ná 2% go mbaineann siad úsáid as an nGaeilge i gcónaí i siopaí agus i ngnólachtaí.

Mar réiteach air sin, luaitear beart sa phlean teanga chun suaitheantas speisialta Gaeilge a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge ionas go n-aithneoidís a chéile agus go spreagfaí níos mó comhrá i nGaeilge.

Moltar an beart sin a chur i bhfeidhm ar bhonn píolótach ar dtús ach deirtear go mbeadh gá le feachtas mór náisiúnta sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus san Limistéir Pleanála Teanga ar fad, seachas suaitheantais éagsúla a bheith in áiteanna éagsúla.

Ó thaobh cúrsaí oideachais de, moltar bearta maidir le forbairt teagaisc agus taighde trí Ghaeilge in OÉ Gaillimh agus scéim chónaitheach Ghaeilge a fhorbairt ansin.

Ar bhearta eile a luaitear chun an Ghaeilge chur chun cinn i measc phobal na cathrach, moltar imeachtaí Pop-Up Gaeltacht a reáchtáil i nGaillimh agus scéim comrádaithe teanga, ina gcuirfí foghlaimeoirí Gaeilge i dteagmháil lena chéile le tacú leis an bhfoghlaim.

37 beart ar fad atá sa phlean atá ar fáil anseo

Fág freagra ar 'Tábhacht na Gaeltachta do chathair na Gaillimhe léirithe i bplean teanga nua na cathrach'