Tá uair na cinniúna linn agus tá an Eoraip ag brath ar mhuintir na hEorpa…

Is daor a ceannaíodh an chiall gur fearr sin i dteannta a chéile agus ná caithimis i dtraipisí í le teann fuarchúise nó le teann naimhdis, a deir Uachtarán Pharlaimint na hEorpa Antonio Tajani agus iar-Uachtaráin de chuid na parlaiminte

Tá uair na cinniúna linn agus tá an Eoraip ag brath ar mhuintir na hEorpa…

Uachtarán Pharlaimint na hEorpa Antonio Tajani agus iar-Uachtaráin de chuid na parlaiminte Pat Cox

Is beag amhras atá ann ná go bhfuil uair na cinniúna buailte linn, agus is cinnte go mbeidh an-tábhacht leis na roghanna a dhéanfaidh na saoránaigh, nuair a chaithfidh siad vóta ag deireadh mhí na Bealtaine, maidir lena bhfuil i ndán don Eoraip.

Bhíomairne inár nUachtaráin ar Pharlaimint na hEorpa ag tráthanna éagsúla lenar bhain éiginnteacht agus dóchas araon. I rith stair na mór-roinne tar éis an Dara Cogadh Domhanda, ba í an dlúthpháirtíocht a thug muintir na hEorpa le chéile agus a d’fhág gurbh fhéidir leo aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí ba mhó dá raibh le sárú acu, fiú nuair ba dhuibhe scamaill an amhrais. Ní béas linn a thuilleadh labhairt ar na “sean-Bhallstáit’ agus na “Ballstáit nua”; aon Eoraip amháin atá ann, ó Heilsincí go dtí an Niocóis agus ó Liospóin go Búcairist agus Vársá.

Maidir leis na seanchinnteachtaí úd a d’fhóin go maith don Eoraip agus don domhan mór ó tháinig deireadh leis an Dara Cogadh Domhanda, tá brú orthu mar gheall ar rabharta nua den pholaitíocht idirbheartaíochta agus as los teannais gheopholaitiúil atá ag dul in olcas sa ré nua seo ina bhfuil an-iomaíocht ann i gcomhair cumhachta.

Ní féidir linne, muintir na hEorpa, rogha a dhéanamh do dhaoine eile. Níl neart againn ar a ndéanfaidh daoine eile. Is féidir linn ár rogha féin a dhéanamh. Is féidir linn roghanna a dhéanamh i gcomhar le chéile, roghanna a bheidh chun ár leasa féin agus a bheidh ag teacht leis na riachtanais agus na luachanna atá againn chomh maith le riachtanais an domhain mhóir inár dtimpeall.

Níl an tAontas Eorpach gan cháim agus is mian le go leor daoine go ndéanfaí é sin a leigheas, ach is fearr é ná mar atá á chur i gcéill dúinn acu siúd is callánaí de lucht cáinte an Aontais. Chun an tslis mhín a chur ar an Aontas agus chun é a athchóiriú, is gá é a chaomhnú ar dtús.

Daichead bliain ó shin, i Meitheamh na bliana 1979, is ea a toghadh Parlaimint na hEorpa den chéad uair. Daichead bliain roimhe sin, i 1939, cuireadh d’iallach ar ghlúin d’Eorpaigh óga dul chun troda in aghaidh a chéile; rud a d’fhág gur maraíodh caoga a cúig milliún duine sa Dara Cogadh Domhanda.

Ó shin i leith, is ag obair as lámha a chéile a bhímid chun fadhbanna agus difríochtaí a réiteach. Is é an comhar sin bun agus barr na síochána agus na haontachta san Eoraip. Is daor a ceannaíodh an chiall úd agus ná ligimis chun díchuimhne í ná ná caithimis i dtraipisí í le teann fuarchúise nó le teann naimhdis.

De réir na bpobalbhreitheanna, is mó ná riamh an tacaíocht atá ann don Aontas Eorpach. Is gá an tacaíocht sin a léiriú lá na vótála. Is againn atá an margadh aonair is mó ar domhan. Na luachanna agus na traidisiúin atá againn – dínit an uile dhuine, an tsaoirse, an daonlathas, an t-ord dlíthiúil agus an tsíocháin – is iad dúshraith ár modh maireachtála iad.

Murab ionann is riamh, tá an Eoraip ag brath ar mhuintir na hEorpa. Sin é an fáth a bhfuilimidne, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa agus iar-Uachtaráin de chuid Pharlaimint na hEorpa, a bhfuil ár n-ainmneacha leis seo thíos, ag impí ar phobail na hEorpa a gceart sibhialta a fheidhmiú agus freagracht a léiriú trí vóta a chaitheamh sna toghcháin Eorpacha atá romhainn.

– Alt é seo ó Uachtarán reatha Pharlaimint na hEorpa, Antonio Tajani, agus ag na hiarUachtaráin seo a leanas: an Tiarna Plumb (1987 – 1989), Enrique Barón Crespo (1989 – 1992), Klaus Hänsch (1994 – 1997), José Maria Gil-Robles (1997 – 1999), Pat Cox (2002 – 2004), Josep Borrell Fontelles (2004 – 2007), Hans-Gert Pöttering (2007 – 2009) agus Jerzy Buzek (2009 – 2012)

Fág freagra ar 'Tá uair na cinniúna linn agus tá an Eoraip ag brath ar mhuintir na hEorpa…'