Tá traidisiún an daonlathais go smior sna Polannaigh agus is maith gur léirigh siad sin

Bua mór don daonlathas liobrálach san Eoraip trí chéile iad torthaí an toghcháin sa Pholainn

Tá traidisiún an daonlathais go smior sna Polannaigh agus is maith gur léirigh siad sin

Bhí imní áirithe le brath i lár na hEorpa roimh olltoghchán na Polainne Dé Domhnaigh seo caite. Níl teanga na tíre sin chomh sothuigthe dúinn i bPoblacht na Seice is atá, abair, an tSlóvaicis, ach bhí fíricí áirithe soiléir go leor.

Ghlac an páirtí a bhí i gcumhacht go dtí seo, Prawo i Sprawiedliwość (Dlí agus Ceart) seasamh láidir maidir leis an gcogadh san Úcráin, ag tacú le hiomlán a nirt leis an tír a ionsaíodh, cé gur tharla méid áirithe easaontais idir an Pholainn agus an Úcráin le linn an fheachtais toghchánaíochta. Ach mhúscail polasaithe eile an rialtais a lán amhrais – an reitric náisiúnaíoch a d’úsáid siad, an síorchothú teannais leis an Aontas Eorpach agus leis an nGearmáin agus thar aon rud eile, géilleadh do shruth coimeádach ar leith san Eaglais Chaitliceach a imríonn an-tionchar ar shochaí na tíre.

Tugadh faoi deara, mar shampla, go raibh níos mó ban Polannach ag taisteal anseo go Poblacht na Seice ag iarraidh ginmhillte – rud a chuireann cúinsí in Éirinn sular cuireadh an t-ochtú leasú ar ceal i gcuimhne dúinn. Ó 2021, is déine na dlíthe maidir leis an nginmhilleadh ná i bhformhór thíortha na hEorpa. Cé go bhfuil sé ceadaithe nuair atá saol na mná i mbaol, tharla cúpla cás le déanaí inar éag mná toisc go raibh faitíos ar na dochtúirí an ginmhilleadh a dhéanamh. Bhíothas ag gearán, chomh maith, go raibh Prawo i Sprawiedliwość ag iarraidh na meáin phoiblí agus na cúirteanna a chur faoi smacht. Agus níos measa fós, chun rialtas a chruthú, bheadh ar an bpáirtí comhoibriú le Konfederacja, grúpa i bhfad amach ar an eite dheis, a bhfuil cuid dá cheannairí antoisceach go leor agus báúil leis an Rúis, fiú.

Ar na cúiseanna sin ar fad, bhí an-imní ann go leanfadh an Pholainn bealach na hUngáire dá rachadh an páirtí i gcumhacht arís – go háirithe i ndiaidh do Robert Fico, a fhaigheann a lán inspioráide ó Viktor Orbán, an toghchán a bhuachan sa tSlóvaic cúpla seachtain ó shin.

Ach ina dhiaidh sin uile, bhí dóchas agam freisin. Ar an gcéad dul síos, tá traidisiún an daonlathais go smior sna Polannaigh. Sa séú agus sa seachtú haois déag, bhí Comhlathas na Polainne agus na Liotuáine ar na stáit is daonlathaí san Eoraip agus sa dara leath den fhichiú haois, b’inspioráid dúinn troid na bPolannach i gcoinne an stáit Chumannaigh ollsmachtaigh. Ní chreidfinn riamh go bhféadfaí an daonlathas a scrios sa Pholainn. Mhúscail na dlíthe nua faoin nginmhilleadh agóidí ollmhóra cheana féin, agus coicís roimh an toghchán, cruinníodh suas le milliún duine i sráideanna Vársá chun cur i gcoinne pholasaithe an rialtais.

Is soiléir gur thuig na Polannaigh gur toghchán cinniúnach a bhí ann. Chaith 74% díobh vóta, an líon is mó ó thitim an Chumannachais i 1989. Cé go bhfuair Prawo i Sprawiedliwość an bua le 35%, is beag an seans go gcuirfidh siad comhrialtas le chéile. Os a choinne sin, fuair an páirtí sa dara háit, Koalicja Obywatelska (Comhghuaillíocht na Saoránach) 30% de na vótaí agus beidh sé réasúnta éasca acu dul i gcomhrialtas le dhá pháirtí eile atá cosúil leo ó thaobh a ndearcadh polaitíochta. B’fhéidir go gcuirfear moill áirithe ar an bpróiseas toisc gur iarrthóir de chuid Prawo i Sprawiedliwość é an t-uachtarán reatha, Andrzej Duda, agus is eisean a roghnaíonn an príomh-aire de réir an bhunreachta.

Ach pé rud a tharlaíonn, is tuar athraithe é toradh an toghcháin Dé Domhnaigh. Is iarUachtarán de chuid na Comhairle Eorpaí é Donald Tusk, cathaoirleach an pháirtí Koalicja Obywatelska, agus is cinnte go mbeidh sé ag déanamh a dhíchill an caidreamh leis an Aontas a fheabhsú. Chomh maith leis sin, tá sé fógartha aige gur mhaith leis neamhspleáchas na gcúirteanna agus na meán a neartú agus polasaí sóisialta níos liobrálaí a chur i bhfeidhm. Agus ar ndóigh, leanfaidh an Pholainn den tacaíocht don Úcráin, rud atá fíorthábhachtach don réigiún trí chéile.

Óir is tír mhór láidir í an Pholainn atá ag dul ó neart go neart faoi láthair. Is láidre arm na Polainne ná arm aon tír eile san Aontas Eorpach seachas an Fhrainc agus tá infheistíocht ollmhór á déanamh san earnáil le déanaí. Tá eacnamaíocht na tíre ag fás freisin agus an bonneagar ag feabhsú go leanúnach – is fada an lá a bhí na Seicigh ag déanamh beag is fiú de na Polannaigh mar gheall ar a bhoichte a bhí siad. Dealraítear gur bua mór don daonlathas liobrálach san Eoraip trí chéile iad torthaí an toghcháin sa Pholainn.

Fág freagra ar 'Tá traidisiún an daonlathais go smior sna Polannaigh agus is maith gur léirigh siad sin'