‘Tá TG4 chomh maith sin gur féidir linn í a cháineadh’

Agus ceiliúradh 25 bliain á dhéanamh ag TG4 Oíche Shamhna, d’fhiafraigh Tuairisc.ie de dhaoine éagsúla conas mar a bhraitheann siad faoin stáisiún

‘Tá TG4 chomh maith sin gur féidir linn í a cháineadh’

‘Éachtaí déanta ach polasaí Gaeilge ag teastáil’

John Walsh

Léachtóir Sinsearach Gaeilge in Ollscoil na hÉireann

Nuair a tháinig TnaG ar an bhfód cúig bliana fichead ó shin, ba mise an ‘Comhfhreagraí Speisialta’ nuachta a bhí ag an stáisiún i mBaile Átha Cliath. Ba ghalánta go deo an teideal é agus ba mhinic mo chomhghleacaithe ag sciotaíl faoi mo stádas oirirc, ach ba gheall le seanfhondúir mise i gcomparáid leis na hiriseoirí óga eile toisc go raibh cúpla bliain taithí agam cheana. Go deimhin féin, ba bheag a bhí speisialta faoin easpa acmhainní sna blianta tosaigh, ach bhíomar óg, fuinniúil agus thugamar faoin obair le fonn.

An oíche oscailte, bhíos suite in oifig ghránna i mBaile Átha Cliath le Sorcha Ní Riada agus Órla O’Donnell, sreanga ag gobadh amach as poll san urlár agus an fíon ab fhearr a d’fhéadfainn a aimsiú in Quinnsworth á ól againn go huaigneach i bhfad ón scléip i mBaile na hAbhann. 

Ag féachaint siar thar an gceathrú céid dom, is léir go bhfuil éachtaí go leor bainte amach ag TG4 agus go bhfuil fíorúdar ceiliúrtha ag an stáisiún. Ar an gceann is mó, b’fhéidir, tá an spás luachmhar poiblí a chruthaigh sé don Ghaeilge sna meáin chumarsáide, in ainneoin ionsaithe fíochmhara ar shárshamplaí den chultúr iarchoilíneach iad.

Tá cláracha Gaeilge den scoth craolta aige, a thug éachtaint ar leith ar chultúr na teanga idir Ghaeltacht agus eile agus nach bhfacthas a leithéid ar aon ardán eile.

Go híorónta, áfach, léiríonn ceannas an Bhéarla sa chlársceideal trí chéile agus i gcláracha a maítear gur cláracha ‘Gaeilge’ iad nár éirigh le TG4 fós polasaí teanga a fhorbairt a thabharfadh tús áite don Ghaeilge mar raison d’être an stáisiúin. Ba í seo bunargóint an leabhair TG4@10 a chuireas in eagar le Eithne O’Connell agus Gearóid Denvir a dhein anailís ar an gcéad deich mbliana, agus is gá an t-áiteamh ceannann céanna a dhéanamh inniu.

Ba cheart go ndéanfadh polasaí dá shórt beachtú agus srianú ar ról an Bhéarla ar an stáisiún agus go gcuimseodh sé teangacha eile chomh maith. Sna blianta tosaigh, chraoltaí ábhar go leor i dteangacha Ceilteacha agus Eorpacha, le fotheidil Ghaeilge go minic. Is mithid do TG4 polasaí teanga a fhorbairt a threiseodh a fhéiniúlacht Ghaelach agus idirnáisiúnta araon agus a chinnteodh nach mbeadh sé chomh mór sin i dtuilleamaí an Bhéarla feasta.

‘Tá TG4 chomh maith sin gur féidir linn í a cháineadh’

Alan Titley

Údar agus tráchtaire

Bhí tráth ann nuair nach raibh an t-idirlíon ann. Bhí tráth nuair nach raibh an teilifís ann. Tráth roimh theileafóin. Agus cé gur deacair é a chreidiúint anois, bhí tréimhse ann fadó fadó nuair nach raibh TG4 againn. Tá sé chomh daingean sin inár n-intinn, inár gcleachtadh anois, nach ndéanaimid puinn iontais de níos mó.

Mar a deirtear sa chliché is fearr, cuid de throscán an tí anois é. Agus arís, go litriúil. Tá sé mar a bheadh ‘réamhshocrú’ stáisiúin agamsa. Tá’s agat, mar atá’s againn go léir nuair a fhágtar an teilifís ar siúl agus gan aon aird faoi leith agat air ach í a bheith ag monabhar ansin sa chúinne, bhuel, is í TG4 an seordán sin agamsa. Ní hamháin, mar sin, go bhfuilim ag dul i dtaithí ar country ‘n irish gach oíche, ach cuireann sin le háireamh lucht féachana an stáisiúin.

Tá TG4 chomh hiontach sin toisc a laghad acmhainní a bheith aici. An té nach bhfuil saibhir ní foláir dó bheith glic, agus tá níos mó cruthaitheachta ag baint leis ar an mórchóir ná a bhfuil de stáisiúin bhaile eile arna gcur le chéile go furasta. An bhfuil oiread is clár amháin nuadhéanta dúchais ag TV3/Virgin ar fiú féachaint air anois?

Agus tá TG4 chomh maith sin gur féidir linn í a bhatráil agus a cháineadh mar a thugaimid leadradh agus bualadh don rud is ansa linn. Is ea, b’fhearr liom níos mó scannán idirnáisiúnta, níos mó clár faisnéise isteach as cúinní do-eolais na cruinne, níos mó clár ealaíne (ceann amháin, ceann amháin, ceann amháin do leabhair?), níos lú fotheideal…ach nach cuid den díospóireacht mhór í sin a bhfuilimid páirteach inti?

Bhí tráth ann nuair nach raibh faill ghearán agus cnáimhseála againn. Nach iontach go bhfuil anois!

 

‘Tá laigí ann ach tá mé an-bhródúil as‘

Norita Ní Chartúir

Léachtóir le Cumarsáid in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge

Is cuimhin liom go maith an oíche sin a bunaíodh TG4. Bhí mé ar mo bhealach chuig an Oireachtas i nGaoth Dobhair. Mar a deirimid i gConamara ‘bhí rud éigint san aer’. Bhí an-áthas orm go raibh an tseirbhís á seoladh. Bhí a fhios agam gur theastaigh sí agus tá mé an-bhródúil ag amharc siar ar an méid atá bainte amach ag TG4. Scaití mothaím go bhfuil scoth na gclár á gcraoladh ar an stáisiún ach nach bhfeiceann mórphobal na hÉireann iad.

Fiú amháin na cláracha a cheannaíonn siad isteach, tá rogha an-mhaith ann. Tá a fhios agam go bhfuil laigeachtaí ann ach ar an iomlán, tá mé an-bhródúil as an gcineál drámaíochta atá á cur ar fáil. Tá fadhb, agus beidh fadhb, leis an méid Béarla atá le cloisteáil ar an stáisiún –  agus fiú caighdeán na Gaeilge i gcuid de na cláir –ach tá mé an-bhródúil faoin méid atá bainte amach acu agus ar bheagán airgid!

Ag breathnú amach romhainn, ba bhreá liomsa go ndéanfaí infheistiú ceart sa tseirbhís nuachta. Is é croílár na seirbhíse a bheith i dtiúin le do phobal, tuairisciú ar fhadhbanna atá ag an bpobal. Ní raibh an oiread fadhbanna sa Ghaeltacht is atá againn inniu. Breathnaím ar Nuacht TG4, bím ag iarraidh éisteacht le mo chuid nuachta i nGaeilge ach níl a dhóthain airgid á chaitheamh air.

Tá an nuacht i bhfad níos tanaí ag an deireadh seachtaine agus feictear dom nach mbíonn na hiriseoirí acu. Bíonn brú aisteach ar iriseoirí teacht ar scéal chuile oíche den tseachtain ach níl mórán scéalta á bhfiosrú. Ba mhaith liom go mbeadh an nuacht mar scáthán ar an bpobal agus ní dóigh liom go dtarlaíonn sin chomh minic is ba cheart dó. Ní á lochtú atá mé, a mhalairt, ach nuair nach bhfuil an fhoireann acu, céard is féidir leo á dhéanamh?

‘Ba chóir go leagfaí síos coibhneas teanga ceart’

Íte Ní Chionnaith

Iarléachtóir le cumarsáid agus iaruachtarán ar Chonradh na Gaeilge


Éacht a bhí ann nuair a bunaíodh TG4 25 bliain ó shin agus ba chóir ceiliúradh a dhéanamh ar a bhfuil bainte amach ag an stáisiún ó shin. Bheadh sé deacair saol na Gaeilge a shamhlú anois gan TG4 agus bheadh an saol sin i bhfad Éireann níos boichte agus níos easnamhaí dá huireasa.

Chuir baicle bheag ghlórach, iriseoirí ar nós Kevin Myers, Colum Kenny, Diarmuid Doyle agus Éilis O’Hanlon, go láidir i gcoinne a bunaithe. Ach sheas Micheál D, an tAire Cumarsáide ag an am, agus lucht labhartha na Gaeilge an fód. Bunaíodh Teilifís na Gaeilge (TnaG) nó TG4 mar a thugtar uirthi anois agus, dar liom, ba é an gníomh ba thábhachtaí ar son na Gaeilge lenár linn.

Léirigh TG4 an saibhreas atá sa teanga, i bpobal na teanga agus i gcultúr na teanga. Chuir sé ardán agus spreagadh ar fáil do chruthaitheacht na Gaeilge. Chuir sé le féinmhuinín phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Chruthaigh sé íomhá nua – íomhá níos óige, níos nua-aimseartha, níos spleodraí, níos feiceálaí don Ghaeilge.

Ach caithfidh mé aontú leis an méid a bhí le rá ag céad Cheannasaí TG4 Cathal Goan ag léacht Uí Chadhain le déanaí nuair a dúirt sé go raibh “na maidí á ligean le sruth ag TG4 i dtaca leis an mBéarla” agus go mbíonn “barraíocht airde ag TG4 ar fhigiúirí féachana”.

Níl aon cheist, dar liom, ach go mbíonn an iomarca Béarla ar TG4 agus go bhfuil míshuaimhneas agus míshásamh ar phobal labhartha na Gaeilge faoi sin, an croíphobal go mbíonn Ceannasaí TG4 Alan Esslemont ag tagairt dó.

Ní do na cláracha Béarla a cheannaítear isteach is mó atáim ag tagairt anseo ach do na cláracha atá coimisiúnaithe ag TG4 féin. Is minic a fheicimid cláracha coimisiúnaithe, cláracha faisnéise go háirithe, a bhíonn thar cionn mar chláracha, ach gur i mBéarla nó go dátheangach a bhíonn siad i ndáiríre, agus gur mó Béarla ná Gaeilge a bhíonn iontu.
Bíonn sé soiléir uaireanta go mbíonn giotaí Gaeilge caite isteach anseo is ansiúd ar mhaithe le bheith in ann a rá gur cláracha Gaeilge iad.

Tá an chuma air anois gur cláracha dátheangacha iad formhór chláracha coimisiúnaithe TG4 cé is moite de na cláracha do pháistí. Léiríonn sé seo easpa polasaí teanga nó an polasaí mícheart teanga a bheith i bhfeidhm ag ceannasaíocht agus lucht coimisiúnaithe TG4 agus iad ag plé leis na comhlachtaí neamhspleácha óna dtagann formhór na gcláracha ar TG4.

Ba chóir go leagfaí síos coibhneas ceart, m.sh. 70% Gaeilge agus 30% Béarla ar a mhéid (más gá) agus go mbeadh riachtanas dá leithéid i gconarthaí coimisiúnaithe TG4. Is léir go bhfuil riail dá leithéid i bhfeidhm ag an gCiste Craoltóireachta Gaeilge sna sé chontae (ILBF) agus is fearr i bhfad ó thaobh teanga na cláracha a chuireann siad siúd ar fáil to TG4.
Baineann an oiread Béarla a bhíonn ar TG4 le hiarrachtaí an stáisiúin freastal ar an mórphobal (pobal an Bhéarla go bunúsach), de bhreis ar an gcroíphobal Gaeilge, agus cur leis na figiúirí féachana dá réir. Níl aon duine ag iarraidh an pobal sin a chur ó dhoras ach ní dóibh siúd a bunaíodh TG4. Is í an Ghaeilge agus freastal ar phobal labhartha na Gaeilge
raison d’être TG4, an chúis go bhfuil stáisiún ar leith ann.

Bhí sé suimiúil gur shonraigh Aire na Gaeltachta le déanaí, agus an rialtas ag bronnadh €4.2 milliún sa bhreis ar TG4, gur ar mhaithe le cláracha Gaeilge a bhí an t-airgead sin á chur ar fáil. An gceapfaí go mbeadh gá lena leithéid a shonrú?

Níl deis anseo ach tagairt bheag a dhéanamh do na fotheidil Bhéarla, atá ina gcnámh spairne ar TG4 ón tús. Ba chóir, leis na hathruithe teicniúla ar fad atá tarlaithe, a bheith in ann rogha a chur ar fáil don lucht féachana (1) gan glacadh le fotheidil ar bith (2) fotheidil i nGaeilge a chur ar siúl nó (3) fotheidil i mBéarla a chur ar siúl, ach cnaipe nó cúpla cnaipe a bhrú.

Tá 25 bliain slánaithe ag TG4. Comhghairdeas léi. Go maire sí an céad agus níos mó!

Feargal Mac Amhlaoibh

Cathaoirleach ar an bhFeachtas Náisiúnta Teilifíse roimh bhunú Theilifís na Gaeilge

Fiche bliain ag fás, a deirtear, agus fiche bliain faoi bhláth. Tá TG4 faoi bhláth dá réir anois agus cuid mhaith dos na constaicí a bhí roimhe ag an tús sáraithe. I ndáiríre, tá éacht déanta nuair a chuimhnítear ar an oiread  dúshlán a bhí roimhe cúig bliana is fiche ó shin agus an canbhás bán os a chomhair amach maidir le struchtúr, teicneolaíocht, bainistíocht agus maoiniú. Anuas air sin bhíothas ag dul i gcomórtas le domhan mór ilchanálach a bhí ag méadú de réir an lae móide na forbairtí sna meáin shóisialta a bhí le teacht.

Bhí íomhánna éagsúla ag gach éinne i dtaobh cad ba chóir a bheith ann ag an am, agus bhí sé deacair teacht ar chomhthuiscint faoi cheisteanna praiticiúla, fiú cén t-ainm a bheadh air – Teilifís na Gaeltachta nó Teilifís na Gaeilge? Ceist chonspóideach go leor, ach ceann a réitigh Pat ‘the Cope’ Ó Gallchóir nuair a thug sé TnaG air.

Ach bhí gach éinne aontaithe faoin mbunphrionsabal nach raibh cothrom na Féinne á fháil ag an teanga ón dá chainéal ag RTÉ, in ainneoin gach iarracht is íobairt, agus go gcaithfí cainéal ar leith a bhunú chun freastal ar an saol Gaelach, go háirithe ar na leanaí óga agus a dtuistí a bhí ag snámh in aghaidh an easa len iad a thógaint le Gaeilge. Is as san a bunaíodh Feachtas Náisiúnta Teilifíse mar ghluaiseacht náisiúnta aontaithe éifeachtach ar éirigh leis dul i bhfeidhm ar pholaiteoirí na tíre.

Anois agus an tseirbhís ann le 25 bliain, ní féidir a rá go bhfuil gach ní foirfe. Tá míshástacht ann faoi anáil an Bhéarla a bheith ar chuid dos na cláracha, sna fógraí agus sna fotheidil – rud  a thugann le tuiscint go bhfuil an Ghaeilge fós uiríseal agus tánaisteach. Ach ar an dtaobh eile, caithfear a admháil go bhfuil na cláracha spóirt, ceoil agus faisnéise ag mealladh pobail i bhfad níos leithne ná pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge, go n-aithnítear anois TG4 mar chuid lárnach de shaol na teilifíse agus nach gcloistear ‘TG Four’ a thuilleadh ach go hannamh.

Fág freagra ar '‘Tá TG4 chomh maith sin gur féidir linn í a cháineadh’'