Tá teorainn chrua ag teannadh linn…

B’fhearr don Rialtas a bheith macánta linn maidir leis na beartais chun teorainn an Aontais Eorpaigh in Éirinn a chosaint

Tá teorainn chrua ag teannadh linn…

Gabhaimis buíochas le Shane Ross, an t-aire rialtais a scaoil an cat amach as an mála. Nuair a cuireadh ceist faoin mBreatimeacht ar an Aire Iompair Dé Máirt, d’inis sé an fhírinne ghlan ar dhóigh a sheachain gach duine eile a labhair thar ceann an Rialtais go dtí seo.

Abair go rachfar chun cinn leis an mBreatimeacht ar an 29 Márta, arsa Philip Ryan ón Irish Independent leis, agus cuir i gcás nach ndéanfar margadh imeachta roimh ré idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach, an mbeadh leoraí as Albain ábalta dul ó Latharna thar teorainn ó dheas gan seiceáil ar bith a bheith riachtanach?

“I would anticipate that there would be checks,” a dúirt Shane Ross.

Níor dhúirt an tAire focal eile faoin ábhar toisc gur chuir an Tánaiste Simon Coveney, a bhí ina theannta, stop ar an toirt lena fhreagra. Ní raibh an Rialtas ag déileáil le cúrsaí a bhain leis an teorainn i gcás Breatimeacht gan mhargadh d’aon ghnó, a dúirt sé. I gcás an Bhreatimeachta gan mhargadh, a dúirt sé, bheadh gá le cruachainteanna leis an gCoimisiún Eorpach ina bpléifí beartais leis an margadh aonair a chosaint. Níor dhúirt sé níos mó.

Is ionann doiléire chaint an Tánaiste agus polasaí poiblí an Rialtais maidir leis an teorainn. Is ionann abairt mhíchúramach Shane Ross agus an polasaí dáiríre, mar a dheimhnigh an chaint idir an bheirt a taifeadadh i ngan fhios dóibh sular múchadh na micreafóin. 

D’fhiafraigh Shane Ross den Tánaiste os íseal an raibh an méid a dúirt sé mícheart? Dúirt Simon Coveney leis nár chóir labhairt in aon chor faoin áit ina mbeadh seiceáil á déanamh. 

Dhúiseodh caint ar sheiceáil a dhéanfaí gar don teorainn fiosracht, arsa Coveney le Ross, agus chuirfí i leith an rialtais gan mhoill go raibh teorainn fhisiciúil á tabhairt ar ais acu.

Ní chuirfidh briathra macánta Ross iontas ar léitheoirí Tuairisc.ie ar ndóigh, cé nach mbíonn a chuid ráiteas á moladh anseo go minic. Is deacair seachantacht an Rialtais a thuiscint, tharla gur léir do gach duine atá ina chónaí ar an oileán seo an droch-athrú atá ag bagairt orainn. 

Bhí seachantacht an Rialtais maidir le cúrsaí na teorann follasach arís inné, Dé Céadaoin, nuair a tharraing Micheál Martin caint Shane Ross anuas sa Dáil.  

Nach raibh sé soiléir, a dúirt sé, i bhfianaise a ndúirt Ross agus Coveney linn, d’aon ghnó agus trí thimpiste, nach raibh an fhírinne iomlán á hinsint ag an Rialtas? Chuir ceannaire Fhianna Fáil i leith an rialtais gur cosúil go raibh socrú príobháideach déanta acu maidir le cás na teorann tar éis an Bhreatimeachta.

Freagra ní bhfuair Martin ón Taoiseach, cé gur chuir sé a cheist air faoi dhó. Dúirt Leo Varadkar arís nach raibh seiceáil ar an teorainn beartaithe, mar a dúirt sé go minic cheana. Focal níor dhúirt sé faoin tseiceáil ar léir do chách nach mbeidh aon dul as ag an rialtas ach í a chur i bhfeidhm in áit éigin agus ar dhóigh éigin.

Thug an Taoiseach leathfhreagra indíreach níos deireanaí ar cheist a chuir Mary Lou McDonald air faoin ábhar céanna. Ní féidir teorainn chrua a sheachaint, a dúirt Leo Varadkar léi, mura nglactar le comhaontú faoina gcoinneofar aontas custaim agus ailíniú (‘alignment’) a rialála i bhfeidhm. Ach arís, níor thug sé leide ar bith faoin gcineál seiceála a chaithfí a dhéanamh in éagmais chomhaontaithe.

Foilseoidh an rialtas clár mór reachtaíochta an mhí seo chugainn chun déileáil leis an mBreatimeacht gan mhargadh. Idir an dá linn, táthar ag súil go n-éireoidh le polaiteoirí na Breataine teacht as an tsáinn Bhreatimeachta ina bhfuil siad gafa.

Ní féidir a bheith dóchasach faoi sin.

Sin ráite, b’fhearr don Rialtas a bheith macánta linn maidir le leagan amach ginearálta na mbeartas a bheidh orthu a chur i bhfeidhm, in aghaidh a dtola, chun teorainn an Aontais Eorpaigh in Éirinn a chosaint.

Fág freagra ar 'Tá teorainn chrua ag teannadh linn…'

  • Seán Mag Leannáin

    Bheadh sé i bhfad níos éasca teorainn éifeachtach a chur i bhfeidhm ar an bhfarraige ná ar an talamh agus tá a fhios sin go maith ag lucht rialtais na Breataine agus ag an DUP – is í sin an bhunfhíric atá ag déanamh tinnis dóibh.

  • Seán Mag Leannáin

    I bhfad Éireann, d’fhéadfá a rá.

  • An Teanga Bheo

    Is gnách le ríocht/ tír easaontaithe cogadh go minic ! nach shin i an stair againn arist ?