Lá cinniúnach. Deireadh le polaitíocht Chogadh na gCarad. Má bhí.
Ní thig le Fianna Fail agus Fine Gael talamh slán a dhéanamh de go fóill. Caithfear fanacht le breithiúnas na cosmhuintire i bpáirtithe na sean-naimhde, ní áirím dhá thrian de bhaill an Chomhaontais Ghlais ar an margadh comhrialtais ‘Ár dTodhchaí le Chéile’.
Má fhaigheann siad an tacaíocht riachtanach, beidh Taoiseach ó Fhianna Fáil agus Taoiseach ó Fhine Gael ag sealaíocht ar a chéile an bhliain a mbeidh an stát ag ceiliúradh an chéid. Ní hé sin an t-athrú a theastaigh ó Shinn Féin agus páirtithe na heite clé ach bheadh sé stairiúil.
Ar an taobh seo den teorainn mheabhraigh teideal Béarla an chláir rialtais polasaí a mbíodh cur agus cúiteamh faoi ach nach ndearnadh ach fíorbheagán dul chun cinn faoi – A Shared Future. Straitéis ab ea í a foilsíodh in 2005 chun athmhuintearas a chothú abhus. Lena gceart a thabhairt d’Fhianna Fáil, Fine Gael agus an Comhaontas Glas, chuir siad forainm pearsanta lena bplean –Ár/ Our.
Baineann an mhír ‘Oileán Comhroinnte’, idir leathanaigh 104-107 sa chlár, le ceisteanna uile-Éireann. Deirtear ann go mbunófar aonad i Roinn an Taoisigh le tabhairt faoi chomhdhearcadh nó comhthoil a aimsiú faoi thodhchaí an oileáin. Cuid dhílis den chomhdhearcadh sin is ea tiomantas do Chomhaontú Aoine an Chéasta agus aitheantas iomlán don phrionsabal gur faoi mhóramh an phobail é cinneadh a dhéanamh faoi stádas bunreachtúil Thuaisceart Éireann.
Scrúdóidh an t-aonad na cúinsí polaitiúla, sóisialta, eacnamaíochta agus cultúrtha a bheadh mar bhonn le sochaí ina mbeadh comh-mheas ar na traidisiúin go léir.
Ní nach ionadh níor leor é an t-aonad sin chun Sinn Féin a shásamh ach bhí dornán beag aontachtaithe toilteanach a rá go raibh siad sásta leis an aitheantas do ‘phrionsabal na tola’. Bhí Sinn Féin ag éileamh réamhphleanáil le haghaidh reifreann faoin teorainn agus cháin siad an t-aonad mar shop in áit na scuaibe. Seans curtha amú ab ea é, dar le cuid de lucht leanúna Shinn Féin, cé nach mbeadh siad ag súil lena mhalairt ó na seanpháirtithe stálaithe, Fianna Fáil agus Fine Gael, a dúradar. Ní fhéadfaidís a bheith dall air áfach gur chun sochair do Shinn Féin é rialtas a sheachaint ag an am corrach seo agus ardán an fhreasúra a bheith go hiomlán faoina stiúir.
Díol suntais ab ea an tiomantas sa chlár don chomhoibriú le rialtas na Breataine agus na páirtithe in Stormont chun a dhul i ngleic le hoidhreacht na dTrioblóidí ar bhonn chomhaontú Stormont House.
Tá sé sin suimiúil i bhfianaise na n-athruithe ata déanta ag rialtas Boris Johnson ar na socruithe a rinneadh in Stormont House. Gealltar plé le rialtas na Breataine freisin faoi fhaisnéis bhunúsach a chur ar fail do bhreitheamh idirnáisiúnta maidir le buamáil Mhuineacháin agus Bhaile Átha Cliath i 1974, ionsaithe eile i mBaile Átha Cliath i 1971 agus 1972, buamáil Kay’s Tavern i nDún Dealgan agus marú Shéamus Ludlow i 1976. Tá sé beartaithe freisin an comhoibriú trasteorann in aghaidh na coiriúlachta a neartú, straitéis uile-oileáin ar athrú aeráide a fhorbairt agus tograí infreastruchtúir trasteorann a thabhairt chun críche.
Is cosúil nach luaitear an costas a bhainfeadh leis sin go léir i ngeall ar an nguagacht eacnamaíochta ar dhá thaobh na teorann de bharr na paindéime Covid-19. Tá rathúnas an Tuaiscirt agus na Poblachta fite fuaite lena chéile i bhfianaise an Bhreatimeachta agus tá tosaíocht á tabhairt i bplean an chomhrialtais don tsíocháin agus don eacnamaíocht uile-Éireann a chosaint.
Geallann na páirtithe go ndéanfadh an comhrialtas nua a sheacht ndícheall chun teorainn (trádála) ar an oileán a sheachaint agus chun margadh aonair an Aontais Eorpaigh a chosaint.
Beidh lucht gnó, lucht talmhaíochta agus go leor nach iad, atá an-bhuartha faoina bhfuil i ndán dóibh, ag faire go géar ar conas a chomhlíonfar an gheallúint sin.
Chuir scoláire i mBéal Feirste plean rialtais Fhianna Fáil, Fhine Gael agus an Comhaontais Ghlais i gcosúlacht le cáipéis a d’fhoilseofaí tar éis cainteanna fadálacha i dTuaisceart Éireann. Ar chéad léamh an phlean dó Dé Luain, dúirt David McCann i tvuít go raibh sé breac le dea-rúin agus anailís ach gann ó thaobh sonraí.
Má ghlactar leis, caithfear beart a dhéanamh de réir na mbriathar go luath mar beidh an Breatimeacht ag teacht chugainn ar cosa in airde beag beann ar an gcoróinvíreas.
Tá tábhacht thar na bearta le cur chuige rialtas na hÉireann i leith an Tuaiscirt dá bharr sin ach n’fheadar cén tionchar a bheidh ag an gceist sin ar an vótáil sna páirtithe faoin gclár rialtais.
Fág freagra ar 'Tá tábhacht mhór le cás an Tuaiscirt sa chlár rialtais, ach an cuma leis na baill?'