Tuairim is leathbhliain ó shin, tháinig deireadh leis na ranganna dornálaíochta san ionad aclaíochta. D’éirigh an teagascóir as agus ní raibh aon radharc ar theagascóir nua.
Mhothaigh mé uaim an dornálaíocht go mór – an aclaíocht, an teagmháil fhisiciúil, an dúshlán a bhaineann le bheith ag smaoineamh ar an toirt.
Ach bhog mé chuig ceantar eile sa chathair dhá mhí ó shin agus níorbh fhada nó gur thug mé faoi deara go raibh ranganna dornálaíochta á dtabhairt ag teagascóir proifisiúnta ar an bpromanáid – níos lú ná cúig nóiméad siúil ó m’árasán nua, amuigh faoin aer, radharc ar an Atlantach, trí lá sa tseachtain. Céard eile a bheadh uaim?
Ach bhí fadhb amháin ann.
Óna 7 a.m. go dtí a 8 a.m. a bhí na ranganna ar siúl, ar an Luan, ar an gCéadaoin agus ar an Aoine.
Níl fadhb ar bith agam le mochéirí. Go deimhin is aoibhinn liom an mochéirí.
Ach ó bunaíodh Tuairisc.ie thiar in 2014, bím i mo shuí ag an ríomhaire ag a 7 a.m. gach maidin Luain agus ag a 7 a.m. maidin Chéadaoin chun colún a scríobh. Déanaim eagarthóireacht ar na colúin sin ag a 7 a.m. maidin Mháirt agus ag a 7 a.m. maidin Déardaoin.
D’fhágfadh sé sin an Aoine chun rang dornálaíochta a dhéanamh. Ach níorbh fhiú cac an diabhail rang dornálaíochta amháin sa tseachtain. B’ionann rang amháin agus rang ar bith; ní dhéanfainn aon dul chun cinn.
An gcreidfeá gur thóg sé dhá mhí orm an cinneadh a dhéanamh cead a thabhairt dom féin tabhairt faoi na ranganna dornálaíochta sin – na trí cinn acu, maidin Luain, maidin Chéadaoin agus maidin Aoine – agus na colúin do Tuairisc.ie a scríobh ina ndiaidh?
Níl rud ar bith mícheart le heitic oibre láidir a bheith ag duine. Go deimhin, rachaidh iriseoir nó scríbhneoir a chloífeadh le spriocamanna i bhfad.
Ach seans go rachaidh iriseoir nó scríbhneoir a thabharfadh aire dá shláinte fhisiciúil agus mheabhrach féin níos faide sa deireadh.
Bhí dearmad déanta agam gur duine féinfhostaithe mé agus go bhfuil an tsaoirse agam mo chuid ama a bhainistiú mé féin, chomh fada agus a bhíonn mo chuid oibre críochnaithe in am. Bhí dearmad déanta agam freisin nár mhór do dhuine féinfhostaithe aire mhaith a thabhairt dá shláinte – ní bhíonn a leithéid ann agus pá breoiteachta.
An nóisean traidisiúnta úd go dtagann obair roimh spórt agus spraoi a bhí sa bhealach orm.
Bhí mé buartha nach mbeinn in ann díriú ar na ranganna dornálaíochta i gceart; go mothóinn ciontach, mífhreagrach, amhail is go mbeinn ag múitseáil ón scoil.
Bhí mé buartha, leis, nach mbeadh an fuinneamh agam, tar éis rang dornálaíochta, chun colún a scríobh.
Bréagnaíodh an dá bhuairt.
Ní bhíonn an t-am agat le linn rang dornálaíochta smaoineamh ar rud ar bith eile ach an rang; mura mbíonn d’aird ar do chéile comhraic agat gheobhaidh tú buille sa phus.
Agus ní easpa fuinnimh a bhíonn orm tar éis an ranga ach a mhalairt: is é an chaoi go mbíonn m’intinn níos dúisithe agus ní bhíonn gá leis an dara cupán caife.
Anuas air sin ar fad, maidin inniu, i ngan fhios dó féin, thug an teagascóir smaoineamh iontach dom do cholún – ach coinneoidh mé an ceann sin don tseachtain seo chugainn.
Fág freagra ar 'Tá tábhacht leis an spriocam ach tá tábhacht le sláinte an scríbhneora freisin'