Tá smaointe ar nós mirlíní: ní mór iad a thiontú timpeall i méara na haigne

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: súgradh, seachas tobsmaointeoireacht nó meabhairmhapáil, an modh oibre is fearr don scríbhneoir atá ag iarraidh teacht ar ábhar

Tá smaointe ar nós mirlíní: ní mór iad a thiontú timpeall i méara na haigne

An mbíteá ag súgradh le mirlíní nuair a bhí tú óg? Bhínnse. Bhíodh mo phócaí lán leis na liathróidí beaga gloine sin agus mé ag dul chun na scoile. Bhíodh siad folamh agus mé ag filleadh abhaile. Ní raibh aon mhaith liom ag an gcluiche. Agus sa chás annamh go mbuafainn mirlíní dhuine éigin eile, ní bhíodh an loinnir chéanna iontu agus a bhí ar na cinn a chaithinn mo chuid airgead póca orthu sa siopa bréagán gach tráthnóna tar éis na scoile. Ach sula gcaillinn iad sin an mhaidin dár gcionn, chaithinn uaireanta fada an chloig ar an tolg á dtiontú timpeall i mo mhéara, ag breathnú ar an gcaoi a n-athraíodh an solas iontu le gach casadh beag dá dtugainn dóibh.

Aréir, agus mé i mo shuí ar an tolg ag smaoineamh faoin gcolún seo atá á scríobh agam faoi láthair, rith sé liom go bhfuil smaointe ar nós mirlíní.

Ní maith liom dul a chodladh gan tuairim a bheith agam faoi ábhar an cholúin a bhíonn le scríobh agam an lá dár gcionn; ní hé go bpleanálaim an píosa ar fad an oíche roimh ré ach bíonn na néaróga ag cur as dom ar maidin má bhíonn orm aghaidh a thabhairt ar an leathanach bán gan túsphointe éigin. Lena chois sin, feictear dom arís is arís eile go mbíonn an fo-chomhfhios i mbun oibre go crua thar oíche.

Bhí cúpla smaoineamh agam aréir ach níor sheas ceann ar bith acu amach ar an bpointe boise. Ina gceann is ina gceann, choinnigh mé os comhair shúile m’aigne iad agus bhreathnaigh orthu ó chuile thaobh, á dtiontú timpeall i mo mhéara mar a bheadh mirlíní ann, agus an chéad rud eile, nach mór gan choinne, bhí ábhar an cholúin seo agam.

Ní hionann an modh oibre seo agus an tobsmaointeoireacht agus an meabhairmhapáil a bhfuil oiread measa orthu sna tionscail chruthaitheacha. Tá drogall orm an téarma ‘modh oibre’ a úsáid, fiú amháin, óir is fearr a oibríonn an cleas seo má cheapann an aigne gur cluiche atá i gceist. Ní hionann agus an tobsmaointeoireacht agus an mheabhairmhapáil, níl aon bhrú ort cuimhneamh ar thuilleadh agus tuilleadh smaointe. Níl anailís ná breithiúnas le déanamh ná ní bhaintear úsáid as peann ná páipéar. Níl le déanamh ach pé smaoineamh a bheadh agat a ardú i dtreo an tsolais, a thiontú timpeall idir do mhéara, agus féachaint céard iad na hiontais a fheicfidh tú.

Fág freagra ar 'Tá smaointe ar nós mirlíní: ní mór iad a thiontú timpeall i méara na haigne'