‘Tá siad seo éasca, Mamaí, níl uainn ach plúr… plúr almóinne…’

‘Alexa,’ a dúirt mé, ‘céard a dhéanfadh gnó gránphlúir in oideas?’ 

‘Tá siad seo éasca, Mamaí, níl uainn ach plúr… plúr almóinne…’

‘Plúr, plúr almóinne, gránphlúr, siúcra, siúcra donn, fanaile, im…’ a deir an Cailín Mór Beag agus í ag liostáil amach na gcomhábhar do na brioscaí Nollag a bhí sí ag iarraidh a dhéanamh.

‘Gránphlúr?’ a deir mé agus amhras orm go mbeinn in ann é a aimsiú in aon siopa, nó é a aimsiú go héasca is dóigh atá i gceist agam.  ‘An bhfuil tú cinnte go bhfuil tú ag iarraidh na mbrioscaí seo a dhéanamh?’ a d’fhiafraigh mé di.

‘Tá siad seo éasca, Mamaí, níl uainn ach plúr…plúr almóinne…’ agus thosaigh sí ag léamh amach an liosta comhábhar arís. ‘Togha, togha,’ a deir mé, ‘scríobh síos na rudaí atá ag teastáil agus déanfaidh mé iarracht iad a fháil.’

‘Alexa,’ a dúirt mé, ‘céard a dhéanfadh gnó gránphlúir in oideas?’

Las ciorcal dearg solais ar an gcallaire cliste. ‘Seo rud a fuair mé ar an idirlíon. Is féidir stáirse fataí a úsáid in áit gránphlúir.’

‘An bhfuil stáirse fataí againn, Mamaí?’ a deir an Cailín Mór Beag go soineanta.

‘Alexa,’ a dúirt mé, ‘céard a dhéanfadh gnó gránphlúir in oideas nach stáirse fataí é?’

Las ciorcal dearg solais ar an gcallaire cliste arís. ‘Is féidir stáirse fataí a úsáid in áit gránphlúir.’

‘Tá mise le teach a dhéanamh as arán sinséir,’ a deir an Babaí.

Is iontach go deo an mhuinín a fheiceáil sa nglúin óg. Chaithfinn é a mholadh as a mhisneach sa togra in ainneoin nach raibh aon arán sinséir déanta riamh cheana aige agus nach raibh aon chuid den chur chuige ar eolas aige ná ag aon duine eile againn.

‘B’fhéidir gur fearr tosú amach le brioscaí sinséir,’ a deir mé leis, ‘agus d’fhéadfá dul ar aghaidh ansin go dtí an teach.’

‘Tá sé ok Mamaí,’ a deir sé. ‘Tá a fhios agam cén chaoi le haghaidh é a dhéanamh.’

‘Dháiríre?’ a dúirt mé.

‘Tá a fhios,’ a deir sé go muiníneach. ‘Just déanann tú cearnóg mhór arán sinséir agus ansin déanann tú píosaí beaga as agus fuinneoga agus doras agus greamaíonn tú chuile shórt le chéile le reoán!’

‘Ó!’ a dúirt mé.

Ní inniu ná inné a thosaigh sé ag cuimhneamh ar an bplean seo, ba léir. Is í aimsir na Nollag í ina dhiaidh sin uilig, caithfear géilleadh don chraiceáil anois is arís.

‘Is dóigh go mbeidh sinséar ag teastáil uainn,’ a deir sé, ráiteas nár spreag dóchas ionam.

Chuaigh mé ag cartadh sa bpreas ina bhfuil na spíosraí coinnithe againn agus míorúilt na Nollag, céard a bhí ann ach púdar sinséir. Níor bhac mé breathnú ar an dáta ar an mbosca le faitíos go raibh sé deich mbliana istigh i bhfolach sa gcófra is go mbeadh orm imeacht ag iarraidh bosca nua. Drochsheans go gcuirfeadh sé den saol muid, tá súil agam.

‘Déanfaidh mise daoine sinséir,’ a deir an Bheainín agus í ag cartadh sa gcoirnéal ag cuartú na gcruthanna le brioscaí a ghearradh amach.

‘Ná habair gur chaith tú amach na cruthannaí, Mamaí?’ a deir sí go milleánach.

‘Emm,’ a dúirt mé is mé ag iarraidh cuimhneamh ar leithscéal eicínt.

Fág freagra ar '‘Tá siad seo éasca, Mamaí, níl uainn ach plúr… plúr almóinne…’'