‘Tá sé tábhachtach go mbeadh níos mó Gaeilge á húsáid i siopaí’ – an Taoiseach

Sheol an Taoiseach Micheál Martin gradaim nua a thabharfaidh aitheantas do chomhlachtaí a bhíonn ag úsáid na Gaeilge ina gcuid gnó

‘Tá sé tábhachtach go mbeadh níos mó Gaeilge á húsáid i siopaí’ – an Taoiseach

An Taoiseach Micheal Martin le Frainc Mac Cionnaith, Glór na nGael, Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers agus Pat Carey, Cathaoirleach, Glór na nGael. Pic: Seán Ó Mainnín

Deir an Taoiseach Micheál Martin go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh níos mó den Ghaeilge le feiceáil ag daoine agus iad i mbun siopadóireachta.

Dúirt an Taoiseach an méid sin agus gradaim nua á sheoladh inné aige a thabharfaidh aitheantas do chomhlachtaí a bhíonn ag úsáid na Gaeilge ina gcuid gnóthaí.

Glór na nGael atá ag reáchtáil GRADAIM agus iad ag súil go mbeidh breis is 200 comhlacht cláraithe leis an bhfeachtas taobh istigh de bhliain.

“Tá a fhios againn an tionchar a bhíonn ag lucht gnó go háirithe ar an nGaelainn a chur chun cinn. An teanga, is rud é a chleachtann tú a lá i ndiaidh lae,” arsa an Taoiseach.

“Nuair a bhíonn tú ag déanamh do chuid siopadóireachta nó ag dul timpeall na sráide is iontach an scéal go mbeidh tú in ann an chomharthaíocht a fheiscint agus an Ghaeilge a labhairt.”

Glór na nGael atá ag reáchtáil GRADAIM agus iad ag súil go mbeidh breis is 200 comhlacht cláraithe leis an bhfeachtas taobh istigh de bhliain.

I dTithe an Rialtais a seoladh na gradaim nua chun úsáid na teanga a spreagadh i measc lucht gnó.

Macasamhail Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, scéim aitheantais eile de chuid Ghlór na nGael, a bheidh i gceist le GRADAIM.

Leagfar amach gníomhaíochtaí áirithe gur féidir le comhlacht tabhairt fúthu i dtrí chatagóir – comharthaíocht, brandáil agus margaíocht, agus seirbhís Ghaeilge do chustaiméirí agus do chliaint.

Gráinne Ni Ghillín leis An Taoiseach Micheál Martin

Bronnfar trí leibhéal gradaim – ór, airgead nó cré-umha – bunaithe ar líon na ngníomhaíochtaí a chuirtear i gcrích. Níor mhór do chomhlacht os cionn 80% de na gníomhaíochtaí a chur i gcrích chun gradam óir a fháil.

Tá GRADAIM dírithe ar gach cineál gnó – miondíoltóirí, mórdhíoltóirí, gnóthaí tráchtála stáit agus carthanachtaí.

Ní bheidh aon táille i gceist agus cláróidh comhlachtaí trí na grúpaí pobail Ghaeilge atá cláraithe agus faofa ag Glór na nGael le craobhacha áitiúla de na GRADAIM a reáchtáil.

Is féidir le gnólachtaí clárú anois chun bheith páirteach sa scéim ag gradaim.ie agus bronnfar na chéad ghradaim ag ócáid a reáchtálfar ag deireadh 2022.

Dúirt Frainc Mac Cionnaith, Bainisteoir Forbartha Fiontraíochta agus Gnó Ghlór na nGael, gur “áis iontach” an scéim nua seo le lucht gnó “a spreagadh agus a threorú” ó thaobh úsáid na Gaeilge.

“Comhartha aitheantais a bheas i GRADAIM a chuirfidh in iúl don chustaiméir cá mbíonn teacht ar leibhéil éagsúla seirbhíse le Gaeilge ina gceantar féin,” a dúirt sé.

Fág freagra ar '‘Tá sé tábhachtach go mbeadh níos mó Gaeilge á húsáid i siopaí’ – an Taoiseach'

  • Seán ÓM

    “Tá sé tábhachtach go mbeadh níos mó Gaeilge á húsáid i siopaí”

    Tá sé níos tábhachtaí go mbeadh níos mó Gaeilge á húsáid ag tuismitheoirí lena bpáistí féin sa bhaile.

    Úsáid an t-airgead seo chun Scéim Labhairt na Gaeilge athbhunú… agus ANSIN inis dom faoi na siopaí, a Thaoiseach.

  • Gabriel Rosenstock

    Bheadh sé nádúrtha go leor níos mó Gaeilge a labhairt sna siopaí dá mbeadh lipéadú dhátheangach ar na hearraí go léir ann.