Tá sé in am dom teacht amach, tá sé in am dom é a admháil – is Tadhg an Dá Thaobh mé

Más aisteach é an saol is aistí fós an neach daonna atá mar chuid lárnach de – ‘Tadhg an Dá Thaobh is Tríocha’

Tá sé in am dom teacht amach, tá sé in am dom é a admháil – is Tadhg an Dá Thaobh mé

Tá sé in am dom teacht amach. Faoi dheireadh is faoi dheoidh. Táim fada go leor istigh. Féindiúltú á chleachtadh agam ar feadh mo shaoil. Tá sé in am dom é a admháil. Is Tadhg an Dá Thaobh mé. Is fimíneach mé. Deirim rud amháin agus déanaim rud eile. Nílim dílis do na bunphrionsabail a leagadh síos dom nuair a bhíos im mhalrach ag fás aníos. An Eaglais Chaitliceach, den chuid ba mhó, a leag síos na rialacha ag an am sin dúinn. Spreagadh sinn chun ár gcoinsiasaí a choinneáil chomh glan le pláta an ghadhair chaoirigh de shíor. Bhíodh orainn chuile choir, chuile pheaca a dheineamar a admháil mar nach bhféadfaimis súil ilfheiceálach Dé a sheachaint.

Ar ndóigh, d’fhoghlaíomar de réir a chéile conas an dubh a chur ina gheal ar Dhia agus ar dhuine. D’fhoghlaimíomar conas a bheith inár dTadhganna an Dá Thaobh. D’fhoghlaimíomar conas labhairt as an dá thaobh dár mbéal. D’fhoghlaimíomar conas a bheith inár bhfimínigh. Mar, nuair atá deireadh ráite, is ionann Tadhg an Dá Thaobh agus fimíneach. Mar neacha daonna, is baolach, tá sé dodhéanta, geall leis, gan a bheith i d’fhimíneach. I do Thadhg an Dá Thaobh. Ní dóigh liom gur féidir le héinne beo maireachtaint ar chlár na cruinne gan a bheith ina Thadhg an Dá Thaobh ag amanna áirithe ina s(h)aol, ach go háirithe.

Tógann tú raic mar go ngoilleann an téamh domhanda ort. Mar sin féin is carr le hinneall díosail a thiomáineann tú agus is deacair déanamh gan teas lárnach ola ar oícheanta fuara an gheimhridh. Cuireann fadhb na ndaoine gan dídean olc ort ach cónaíonn tú i dteach mór ceithre sheomra is gan fágtha aige baile faoin am seo ach tú féin agus do nuachar. Sea, is uafásach mar a chaitear leis an lucht taistil agus na teifigh ach, i ndáiríre, ní bheadh go leor áiseanna sa cheantar ina bhfuil tú féin ag cur fút chun freastal ar a n-éilimh. Mar sin féin, ba chóir don rialtas agus don stát náire a bheith orthu faoin bhfaillí leanúnach atá á déanamh acu ar na ceisteanna práinneacha seo.

Bhuel, a údair agus a fhile Ghaeilge aitheanta, cad atá á léamh agatsa faoi láthair? Mise? Is breá liom an t-úrscéal is déanaí ó Paul Auster. 4321 is teideal dó. Táim leath bealaigh tríd . . . agus táim díreach tosnaithe ar an mbailiúchán filíochta is déanaí ó Anne Carson. Float is teideal dó . . tá sé ar fheabhas ar fad, a dhuine. Anois, a Nuala, mar mhúinteoir Gaeilge is dócha go bhfreastalaíonn tú ar gach ócáid Ghaelach a bhíonn ar siúl i do cheantarsa? Is annamh a théim amach, mhuis. Bímse an-ghnóthach ar fad agus ní bhíonn nóiméad amháin le spáráil agam, tuigeann tú féin ach ceapaim go mba chóir do gach éinne tacú le himeachtaí Gaeilge a bhíonn ar siúl ina gceantracha mar sin féin.

Sea, tá an saol aisteach, ná fuil. Agus más aisteach é an saol is aistí fós an neach daonna atá mar chuid lárnach de. Ó mo thaobhsa féin de, an feiniméan is measa agus is mó a chímse ar na saolta seo ná an neach ar a ngairtear ‘Tadhg an Dá Thaobh is Tríocha’.

Neach é Tadhg an Dá Thaobh is Tríocha a bhfuil compás rós gaoithe (a dhéanann gach uile threo as a dtagann an ghaoth a thomhas) nó baraiméadar aimsire cosúil leis ina s(h)eilbh aige/aici. Déantar an gléas a scrúdú gach uile lá den mbliain féachaint cén treo as a dtagann an ghaoth an lá áirithe sin chun dearcadh agus meon an phobail a thomhas go cruinn is go beacht. Seo leis ansin ag scaothaireacht agus ag cur cosa adhmaid faoi chearca ar a m(h)íle dícheall.

Neach é an duine seo chomh maith, mar a bheifeá ag súil leis, atá lán d’fhéinmhuinín, réiteach gach fadhb dá raibh riamh ann, dá bhfuil ann anois agus dá mbeidh ann go Lá Philib a’ Chleite agus go fiú cinn ná raibh riamh ann, ná fuil ann anois agus ná beidh ann go deo ar bharr a g(h)oib aige/aici agus é/í beag beann ar gach éinne eile cé is moite de/di féin, ar ndóigh.

Tadhganna an Dá Thaobh is Tríocha iad (cuid acu) ár gceannairí agus ár bpolaiteoirí, ár dtráchtairí sóisialta, polaitíochta agus eacnamaíochta, ár n-iriseoirí, ár bpearsana raidió agus teilifíse, ár gceiliúráin ró-cheiliúrtha, ár dtráchtairí spóirt, ár gcolúnaithe, ár réaltaí móra ceoil agus scannáin. I bhfocail shimplí, ár mboic mhóra agus ár mbába móra go léir atá i mbéal an phobail agus atá mór le rá agus atá tábhachtach agus a bhfuil ar a gcumas ár gcinn fholmha a líonadh agus ár ndearcadh cúng, aineolach ar an saol a athrú agus a mhúnlú agus sinn a threorú i dtreo an tsolais.

Is foinsí gach eolais, feasa, tuisceana agus léargais iad Tadhganna an Dá Thaobh is Tríocha. Ba cheart dúinn urraim agus ómós thar na bearta a léiriú dóibh, sinne atá ar ghannchuid eolais, feasa, tuisceana agus léargais. Cad a dhéanfaimis gan iad?

Cuirimis suas ar ardáin iad. Déanaimis iad a adhradh mar dhéithe i ré seo an chultúir choitinn.

Fág freagra ar 'Tá sé in am dom teacht amach, tá sé in am dom é a admháil – is Tadhg an Dá Thaobh mé'

  • John broderick

    Piosa an chliste – bainfidh mo rang ardteiste taitneamh agus tairbhe as maith thu