Tá sé de mhísheans arís le Maigh Eo go bhfuil sárfhoireann na linne rompu ar an ród

Tá Maigh Eo sa chluiche ceannais arís den tríú huair in imeacht cúig bliana agus ar bheith ann anois níl aon chúlú

Tá sé de mhísheans arís le Maigh Eo go bhfuil sárfhoireann na linne rompu ar an ród

Brian Fenton sa chuiche idir Áth Cliath agus Maigh Eo in 2019. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Tá an tseachtain tugtha agam ag iarraidh cás a dhéanamh do Mhaigh Eo agus a dtriall chomh cráite is a bhí riamh.

Raghaidh siad sa ghleo arís in aghaidh Átha Cliath inniu ag fiosrú duaise, ag fiach go domhain is go diongbháilte agus iad dall aon bhabhta amháin eile ar an achrann a leanfaidh a mbris.

Deirtear gur súil le breis a chailleann an cearrbhach, ach i gcás Mhaigh Eo tá i bhfad níos mó ná san i gceist.

Tá a leithéid de rud ann agus iomrall an chearrbhaigh.

Deir na húdair linn gurb é atá i gceist le hiomrall an chearrbhaigh ná an dul amú a bhíonn ar an nduine go bhfuil toradh áirithe i ndán, bunaithe ar thorthaí eile a tháinig roimhe sin. Is é an sampla is fearr atá againn d’iomrall an chearrbhaigh ná nuair a chaitear pingin in airde agus gurb é an ceann a thaispeánann é féin, déarfaimis, ceithre bhabhta as cúig. Creideann an cearrbhach sa chás san go bhfuil sé i ndán don gcruit í féin a thaispeáint ar an gcéad chaitheamh eile, cé ná fuil aon fhianaise ann, eolaíoch ná dóchúil, go bhféadfadh a leithéid a bheith amhlaidh.

Dála na seachtaine seo caite i gcás Phort Láirge sna camáin, tá mealladh ag baint leis an dtuairim go bhféadfadh toradh gan choinne a bheith i ndán dúinn. Uaireanta, áfach, caithfear bheith dílis don bhfianaise lom atá os do chomhair amach.

Níl buaite ag Maigh Eo ar Áth Cliath i gcluiche sraithe nó craoibhe ó 2012, tráth ar chnagadar na curaidh uile-Éireann sa chluiche leathcheannais. Tá na foirne tar éis a bheith in adharca a chéile sé bhabhta dhéag ar fad ó shin agus níl oiread is cluiche amháin buaite ag Maigh Eo.

Cuid de lucht tacaíochta Mhaigh Eo. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Táid sa chluiche ceannais arís don tríú huair in imeacht cúig bliana agus ar bheith ann anois níl aon chúlú. Ní foláir, leis, nó go bhfuilid tar éis teacht ar mhíle cúis eile le coicíos anuas chun a chur ina luí gaidhte orthu féin go mb’fhéidir, b’fhéidir, b’fhéidir gurb í seo a mbliain.

Nach i scéal Mhaigh Eo atá éirim an spóirt féin? Nach iad tréithe sin an chreidimh, an dóchais agus na muiníne bun is barr gach spórt ar domhan? Tá fianaise láidir ann nach gcuirfidh Maigh Eo stop le sé chraobh na staire as a chéile ag na Dubs ach an uair fhada fhánach, buann an chinniúint ar an imní seachas a mhalairt.

Ar mhaithe leis an spórt, mar sin, agus ar mhaithe an áitimh agus chun cealú a dhéanamh ar an ndíchreideamh tráth seo na Nollag, tabharfad daoibh trí chúis go bhféadfadh Maigh Eo craobh na hÉireann a bhuachtaint don gcéad uair ó 1951.

2020: Is í an Nollaig í. Is í an bhliain is aite agus is allta i gcuimhne na ndaoine í. D’fhéadfadh aon ní titim amach agus ní chuirfí iontas a thuilleadh orainn.

Tástáil: Tá ar a laghad tástáil mhaith amháin fachta ag Maigh Eo sa chraobh i mbliana (in aghaidh na Gaillimhe) agus beidh cruachtaint agus cóiriú ag baint leis an dtástáil chéanna. Ní dóigh liom go n-áiteodh aoinne gur dhein aon fhoireann tástáil ar dhintiúirí Átha Cliath go dtí seo sa chraobh. Más rud é go nochtfar easnamh éigin ina gcuid imeartha inniu, b’fhéidir go mbeadh sé ródhéanach é a chur ina cheart.

Líne lántosach: Don gcéad uair lem’ chuimhne, tá líne lántosach le dealramh ag Maigh Eo agus iad ag tabhairt aghaidh ar Áth Cliath. Tá tuairim (easnamhach, dar liom) ann le tamall go bhfuil laige éigin i líne lánchúil Átha Cliath nuair a chuirtear caid ard ina dtreo. Dhein an Cabhán iarracht éigin é sin a thástáil sa chluiche leathcheannais ach níor dheineadar luath a dhóthain ná minic a dhóthain é. Anuas air sin, bhí drochtheilgean ar an gcaid fhánach a scaoileadh isteach ard. Le himreoir óg na bliana Tommy Conroy ina bheathaigh i gcúinne amháin, Aidan O’Shea ina fhathach i lár baill agus faobhar chun fiaigh nach bhfaca le tamall i gCillian O’Connor, ní mór do chosantóirí Átha Cliath bheith ar tinneall ó thús deireadh.

Cillian O’Connor agus Aidan O’Shea. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Sin iad thuas na trí chúis dóchais is mó atá ag Maigh Eo inniu ach ainneoin a bhfeabhais, bhí comharthaí sóirt in aghaidh Thiobraid Árann i dtús na míosa, ná fuil na seana-lochtaí a bhí riamh orthu á dtréigint ach an oiread.

Bhí an choimhlint imithe ó mhaith agus Maigh Eo glan in uachtar i bhfad sara nochtadh cuid de na seana-lochtaí céanna. B’fhéidir go rabhadar 20 pointe chun cinn ach fós féin, bhí na lochtaí ann, táid fós ann agus má fhaigheann Áth Cliath a mboladh, is gearr go mbeidh córas cosanta Mhaigh Eo réabtha as a chéile arís mar a deineadh sa dá nóimeat déag ag tús an dara leath sa chluiche leathcheannais anuraidh eatarthu.

Deirtear linn go bhfuil cosantóirí Mhaigh Eo chomh maith is a bhíodar riamh ach más ar thóir lochtaí laistiar de lár a ghoirt ag Maigh Eo atánn tú, gheobhair iad gan puinn iniúchadh a dhéanamh. Dá fheabhas é leathchúlaí nua Chathair na Mart, Eoghan McLaughlin, ní gá ach féachaint ar an iarracht dhéanach a thuill cárta dubh in aghaidh na Gaillimhe dó chun a thuiscint go bhfuil mórán fós le foghlaim aige. Féach chomh maith ar an anbhá a tháinig air díreach sara dtug na himreoirí féna ngoib a fhliuchadh sa dara leath i gcoinne Thiobraid Árann. Nuair ná féadfadh a choisíocht dhiamhair é a fhuascailt ón ndraip, bhí McLaughlin i ngalar na gcás lámh leis an dtaobhlíne ar thaobh Ardán Ó hÓgáin.

I dtréimhse trí nóimeataí díreach tar éis do na himreoirí turas an tobair a thabhairt orthu féin sa dara leath i gcoinne Thiobraid Árann, chaill David Clarke ceithre cinn dá chiceanna amach as a chéile nuair a chuir na Tiobraid Árannaigh fáisc a mhúchta air.

Cúl báire Mhaigh Eo, David Clarke. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Níorbh iad na fathaigh mhóra ar nós Colin O’Riordan, Steven O’Brien ná Liam Casey ach an oiread a bhí á threascairt ach Bill Maher fé dhó agus Kevin Fahey babhta eile. Tar éis báide agus pointe agus deis ghlórmhar eile ar bháide ó Steven O’Brien a ghéilleadh, chuaigh Clarke i muinín an chic amach ghearr go dtí imeall an stua agus slánaíodh seilbh na caide don gcéad uair as chúig iarracht. Ná habair liom ná fuil ceann tógtha ag Dessie Farrell agus a chriú de sin. Muna n-athraíonn Clarke agus Maigh Eo a gcur chuige, beidh thiar orthu.

Ní haon drochfhoireann iad Maigh Eo agus ní bheidís i gcluiche ceannais na hÉireann chomh minic dá mba ea. Tá sé de mhísheans arís leo, áfach, go bhfuil sárfhoireann na linne rompu ar an ród – an Via Dolorosa atá taistealaithe chomh minic sin acu.

An féidir leo a mbó a chur thar abhainn i mbliana thar aon bhliain eile, ainneoin a ndeir na húdair agus lucht an díomhaointis?

Ar chuma an chearrbhaigh, bíonn iomrall, leis, ar an nduine díomhaoin.

Bliain ana-ait í seo gan aon agó ach níl sí chomh hait le bliain an duine díomhaoin sa tseanchas:

An Nollaig in aghaidh na ráithe. An Cháisc in aghaidh na seachtaine. Domhnach gach re lá agus lá saoire a bheith eatarthu.

Ní tharlaíonn sé ainneoin ár mianta.

Fág freagra ar 'Tá sé de mhísheans arís le Maigh Eo go bhfuil sárfhoireann na linne rompu ar an ród'