‘Tá sé ar an gcúrsa nó níl sé ar an gcúrsa’ – ‘áiféiseach’ nach mbíonn aon cheist faoi Chathal Ó Searcaigh ar scrúdú na hArdteiste

Mheas múinteoirí go raibh páipéar 2 sa Ghaeilge ‘an-chineálta’, ach deir cuid acu go bhfuil sé in am soiléiriú a thabhairt faoi ghné áirithe den siollabas nach ndearnadh tástáil air ó tugadh isteach é in 2012

‘Tá sé ar an gcúrsa nó níl sé ar an gcúrsa’ –  ‘áiféiseach’ nach mbíonn aon cheist faoi Chathal Ó Searcaigh ar scrúdú na hArdteiste

Is cosúil go raibh múinteoirí Gaeilge sásta go maith le Páipéar 2 i scrúdú Gaeilge na hArdteiste inniu, in ainneoin frustrachas a bheith ar roinnt acu nach ndearnadh ‘trácht ar bith’ ar shaothair phróis áirithe ó tháinig an leagan amach nua ar scrúdú Gaeilge na hArdteiste in 2012.

Deir Gearóid Breathnach, múinteoir Gaeilge i Scoil Chlasaiceach Naomh Pádraig san Uaimh i gContae na Mí, go bhfuil sé “scannalach” nach raibh ceist ar bith ar shaothair phróis áirithe ar Pháipéar 2 na Gaeilge ó cuireadh ar chúrsa Gaeilge na hArdteiste iad in 2012.

‘Seal i Neipeal’ le Cathal Ó Searcaigh agus ‘An Gnáthrud’ le Deirdre Ní Ghrianna an dá phíosa próis atá i gceist.

Ní raibh na saothair sin ar pháipéar na bliana seo ach oiread, an t-ochtú bliain as a chéile gurbh amhlaidh an scéal.

Mhaígh Gearóid Breathnach go bhfuil “neamhaird iomlán” déanta ar an chuid sin den siollabas agus go bhfuil am á chur amú ag daltaí agus múinteoirí dá réir.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie tráthnóna dúirt Breathnach, gur ceart don SEC, Coimisiún na Scrúduithe Stáit, soiléiriú a thabhairt mar gheall ar an siollabas Gaeilge. 

“Tá sé in am ag an SEC a rá mura bhfuil siad compordach leis an ábhar sin agus mura bhfuil é a bhaint den chúrsa. Is cur amú ama ar fad atá ann, bíonn daltaí á staidéar ach ní bhíonn siad riamh le feiceáil ar an bpáipéar.

“Tá sé áiféiseach mar atá. Abair amach é! Tá sé ar an gcúrsa nó níl sé ar an gcúrsa.  Bliain i ndiaidh bliana tá muid ag fanacht leis ach ní bhíonn sé ann in aon chor,” a dúirt Breathnach.

Is mar chuid den ‘Phrós Ainmnithe’ atá saothar Uí Shearcaigh ar an gcúrsa. Bíonn rogha ar chúrsa na hArdteiste staidéar a dhéanamh ar ‘Seal i Neipeal’ nó ‘An Gnáthrud’ mar chuid den seánra ‘Dírbheathaisnéis/Taisteal’. Mar sin dá mbeadh ceist faoi cheachtar píosa ar an bpáipéar scrúdaithe, chaithfeadh rogha a bheith ann ceist a dhéanamh faoin gceann eile. Níor tháinig sin i gceist ó tugadh cúrsa nua na hArdteiste isteach ocht mbliana ó shin toisc nach raibh an seánra ‘Dírbheathaisnéis/Taisteal’ ar aon pháipéar scrúdaithe ó shin. Le linn na tréimhse sin tháinig na ceithre sheánra eile sa ‘Phrós Ainmnithe’ aníos ar an bpáipéar faoi dhó.

Cé gur thug Mairéad Ní Fhátharta, Príomhoide agus múinteoir Gaeilge i gColáiste Naomh Eoin ar Inis Meáin, suntas don scéal nach raibh tásc ná tuairisc ar an dá shaothar ar pháipéar Gaeilge 2 na hArdteiste ó cuireadh ar an gcúrsa iad, mheas sí nach gcuirfeadh sé sin as do dhaltaí na bliana seo.

“Faoin am seo ceapaim go bhfuil na scoláirí ag an bpointe nach mbíonn siad ag súil go mbeadh ceist faoin bpéire sin le feiceáil ar an bpáipéar mar nár tháinig siad aníos ar aon pháipéar le roinnt blianta anuas,” a dúirt Ní Fhátharta. 

Bhí ceist cheana faoi shaothar de chuid Chathail Uí Shearcaigh, duine d’fhilí móra na hÉireann, a bheith ar chúrsa na hArdteiste i bhfianaise na conspóide a bhain leis an scannán faisnéise Fairytale of Kathmandu inar léiríodh imní faoi ghnéithe de chaidreamh an fhile Ghaeltachta le fir óga i Neipeal.

Nuair a bhí an chonspóid sin i mbéal an phobail in 2008 cuireadh ceisteanna faoin scéal sa Dáil agus faoin gcaint go mbainfí a chuid filíochta den chúrsa Ardteiste. Bhí filíocht Uí Shearcaigh ar an siollabas ar feadh cúpla bliain ina dhiaidh sin nó gur leasaíodh an cúrsa.

Dúirt Ó Searcaigh féin ag an am go raibh aiféala air má ghoill a shaol pearsanta ar aon duine ach nach raibh aon rian den dúshaothrú ag baint lena chaidreamh leis na fir.

Maidir le Páipéar 2 an lae inné, cheap Mairéad Ní Fhátharta, Príomhoide Choláiste Naomh Eoin ar Inis Meáin gur páipéar “an-cineálta” a bhí ann. 

“Ní raibh aon chasadh ná dúshláin i gceist leis. Bhí na ceisteanna an-díreach agus an-deas agus tugadh deis do dhaltaí marcanna a fháil.

“Aon dalta a bhí ullamh, bheidís ag súil leis an scéal ‘Dís’ agus bhí ceist an-deas faoi ar an bpáipéar,” a dúirt Ní Fhátharta.

D’aontaigh Gearóid Breathnach leis an méid sin agus é den tuairim nach dtiocfadh an cheist ar ‘Dís’ “aniar aduaidh” ar aon dalta.

Cé nár fíoraíodh na tuartha go mbeadh ceisteanna ar an bpáipéar ar an dá dhán ‘Colscaradh’ nó ‘Mo Ghrá-sa (Idir Lúibíní)’, cheap Ní Fhátharta gur rogha dheas a bhí sa cheist ar ‘An tEarrach Thiar’.

D’aontaigh John de Buitléir, múinteoir Gaeilge i gGaelcholáiste Luimnigh, leis an méid sin.

‘Seans go raibh údair iontais bheaga ann do dhaltaí, mar shampla bhíodar ag súil le ceist ar ‘Colscaradh’ nó ‘Mo Ghrá-sa’, ach ní fhéadfá a rá go raibh páipéar an lae inniu bealach ar bith níos deacra ná mar a bhíonn sé de ghnáth,” a dúirt de Buitléir.

Dúirt sé gur cuireadh na ceisteanna ar an pháipéar i láthair ar bhealach “soiléir oscailte”.

Sampla maith í an cheist faoi ‘An Triail’, a dhírigh ar cheann de na buntéamaí sa dráma. Thagair Ní Fhátharta den “rogha dheas eile” a tugadh do dhaltaí a bhí ag tabhairt faoin cheist ar A Thig Ná Tit Orm, dírbheathaisnéis an cheoltóra Maidhc Dainín Ó Sé.

Maidir leis an léamhthuiscint, bhí ceisteanna le freagairt faoi dhá shliocht ag daltaí a thug faoi pháipéar an lae inniu; ceann faoin Chuntaois Markievicz, agus an ceann eile faoi thaiscéalaíocht spáis.

Mheas Gearóid Breathnach agus John de Buitléir araon go raibh “stór focal leathan” agus “an-fhoclóir” ag teastáil ó dhaltaí chun an léamhthuiscint a thuiscint ach bhí siad ar aon tuairim go mbeadh sé “furasta” ag daltaí freagraí a aimsiú sa dá shliocht.

“Bhí sé deacair an léamhthuiscint a thuiscint ach éasca na freagraí a aimsiú sa téacs,” a dúirt de Buitléir.

Fág freagra ar '‘Tá sé ar an gcúrsa nó níl sé ar an gcúrsa’ – ‘áiféiseach’ nach mbíonn aon cheist faoi Chathal Ó Searcaigh ar scrúdú na hArdteiste'

  • Darragh Ó Caoimh

    Sea ní gá an léamhthuiscint a thuiscint chun na freagraí a fháil! I gcuntais Dé, nach léir go bhfuil sé thar am deireadh a chur leis an gcur i gcéill faoin nGaeilge san Ardteist agus dhá shiollabas a dhéanamh aisti. Ní hionann “copy 7 paste” a dhéanamh ar théacs agus cumas tuisceana sa teanga a léiriú

  • Mairéad

    Tá siollabas Gaeilge na hArdteiste páistiúil. Tá sé ag déanamh dochar an-mhór do fhéinfhorbairt agus do Ghaeilge daltaí na meánscoileanna Gaeltachta agus LánGhaeilge.

    Tá sé thar am acu an dara shiollabas a thógaint isteach.