Tá saibhreas agus foláireamh sna logainmneacha

Nuair a chailltear teanga, cailltear an tuiscint ar logainmneacha agus leis sin cailltear an ceangal leis an talamh agus leis an gcultúr, a dúradh ag ócáid ar líne faoin dinnseanchas

Tá saibhreas agus foláireamh sna logainmneacha

Logán na Leanbh, Cnocán na nDeor, Bearna na gCorp. Insíonn chuile logainm a scéal féin. Nó an insíonn?

Tá na logainmneacha sin i measc na gcinn a d’úsáid an scríbhneoir Micheál Ó Conghaile, as Inis Treabhair ó dhúchas, sa scéal ‘An Bhlaosc sa mBos’, a d’eascair as na huafáis a bhaineann le hÁras Máithreacha is Leanaí Thuama. Scríobhadh an scéal d’imeacht a bhí bunaithe ar an dinnseanchas (nó an seanchas a bhaineann le logainmneacha) agus a bhí ar siúl ar líne le gairid mar chuid den fhéile idirnáisiúnta litríochta Cúirt.

Bhí na scríbhneoirí Máire Uí Dhufaigh, as Inis Oírr, agus beirt den chine Māori – Hana O’Regan agus Charisma Rangipunga – as an Nua-Shéalainn, páirteach ann chomh maith. Tionchar na staire ar an duine agus tionchar an duine ar an timpeallacht a tháinig chun cinn go mór mar théamaí ag an ócáid, dar teideal Dinnseanchas/Tautitotito Whenau (nó Amhráin na Tíre), is a bhfuil taifeadadh de ar fáil i gcónaí ar YouTube.

Agus é ag cur ‘An Bhlaosc sa mBos’ i láthair, dúirt Micheál Ó Conghaile gur bheag smaoineamh a dhéanadh sé faoi logainmneacha agus é i mbun pinn cheana. Le go n-oibreodh a scéal, b’éigean dó roinnt logainmneacha a chumadh as an nua nó cuid a mheascadh le cuid eile.

Tá Tuaim ar an Eachréidh in oirthear na Gaillimhe, ainm ceantair nach bhfuil scríofa ar mhapa ar bith a deirtear i scéal Uí Chonghaile, agus is ainm é a mhaireann i gcuimhne mhuintir Chonamara mar áit ar a mbíodh na spailpíní ag triall is iad ar thóir oibre agus mar áit ina mbíodh drochíde i ndán do chuid de na spailpíní céanna.

Is díol suntais don Chonghaileach gur minic do scríbhneoirí Béarla na tíre seo, filí ach go háirithe, logainmneacha a úsáid ina gcuid scríbhinní. Cé go bhfuil brí na n-ainmneacha sin caillte sna leaganacha Béarla, b’fhéidir gurb iad fuaimeanna na n-ainmneacha a mheallann iad, a dúirt sé.

Tá scéalta Béarla Liam Uí Fhlaithearta aistrithe go Gaeilge ag Micheál Ó Conghaile. B’annamh a d’úsáid an tÁrannach fíor-logainmneacha ina chuid scéalta, a dúirt sé, cé go bhféadfaí a oibriú amach céard iad na háiteanna a bhí i gceist mar gur thug sé leis an tseanbhrí sna cinn a chum sé.

Is in Inis Oírr, Árainn, a rugadh is a tógadh Máire Uí Dhufaigh agus bhain an scéal a léigh sí le linn Cúirt – ‘Buaile, Creig is Garraí’ – le logainm ina háit dúchais agus le cé chomh maith agus is féidir brath ar logainmneacha le fíorscéal na háite a thabhairt. Agus í i rang a sé sa Scoil Náisiúnta, d’iarr an máistir uirthi fáil amach sa mbaile cén t-ainm a bhí ar bhuaile faoi leith ina raibh an bhó á coinneáil ag a hathair an lá áirithe sin. Rinne a tuismitheoirí cur agus cúiteamh faoi agus ar deireadh ba é Creig an Bhroic an t-ainm a scríobh sí ina cóipleabhar.

Is beag suim eile a chuir sí ann go dtí na blianta ina dhiaidh sin nuair ba sa ngarraí céanna a thóg sí féin teach agus é ar intinn aici ainm na creige a úsáid mar ainm an tí. Ach céard go díreach an bunús a bhí le Creig an Bhroic mar ainm? Dar lena hathair, níor mhair aon bhroc san áit riamh. An é, mar sin, go mbíodh bruscar á chaitheamh ann na blianta siar agus gur bhain an t-ainm leis sin? Nó an é go raibh duine den sloinne Uí Bhric, a tháinig chun an oileáin ag cuartú tearmainn, ina chónaí ann tráth? Nó an áit é ina mbíodh raic ag teacht i dtír?

In ainneoin na doiléire a bhaineann le logainmneacha áirithe, is foinsí saibhre eolais iad, a dúirt Máire Uí Dhufaigh, agus tá sé tábhachtach go bhfaigheadh daoine óga na linne seo tuiscint orthu.

Thagair sí freisin don athrú atá tagtha ar chúrsaí turasóireachta in Inis Oírr. Bhí tráth ann nuair a chaitheadh cuairteoirí roinnt laethanta nó seachtainí ar an oileán agus bhíodh deis acu fáil amach faoin stair a bhain leis an áit, ach is beag an seans a bhíonn ag an gcuairteoir lae a leithéid de sheanchas a thabhairt leis.

Luaigh Micheál Ó Conghaile agus Máire Uí Dhufaigh an tábhacht phraiticiúil a bhain le logainmneacha san am a caitheadh le garraí amháin a aithint thar cheann eile le go mbeadh fios ag duine cá raibh an bhó ar féarach nó cá raibh na fataí le cur. Ach is leis an spioradáltacht agus le háiteanna diamhra a bhaineann go leor eile de logainmneacha na tíre.

Ba ag díriú ar thábhacht áiteanna faoi leith i saol spioradálta na Māori agus éifeacht an duine ar na háiteanna sin a bhí Hana O’Regan agus Charisma Rangipunga sa chaoineadh (nó apukura) a chanadar i dteanga te reo na Māori. Le Béarla a tógadh an bheirt acu – níl an te reo mar theanga phobail ina dtír dhúchais le beagnach 100 bliain, ach tá siad ag tógáil a gclainne léi.

Nuair a chailltear teanga, cailltear an tuiscint ar logainmneacha agus leis sin cailltear an ceangal leis an talamh agus leis an gcultúr, a dúirt Hana. I gcultúr na Māori, seasann an duine don talamh, don uisce agus do ghnéithe uile an tírdhreacha. Mar a rinne an coilíniú scrios ar a dteanga, tá sléibhte, aibhneacha agus lochanna a gceantar dúchais anois faoi bhagairt ag an tionsclaíocht agus ag an athrú aeráide.

Ina gcaoineadh, labhair Hana agus Charisma leis na háiteanna atá i mbaol: Te Wai, réigiún i ndeisceart Oileán Theas na tíre atá truaillithe ag an mbruithniú alúmanaim a thug fostaíocht do roinnt dá muintir féin; Aoraki, an sliabh is airde sa Nua-Shéalainn, a bhfuil an chontúirt ann nach mairfidh a chaipín sneachta an bhliain uilig mar gheall ar an athrú aeráide; Waitawa, an loch a chothaigh an dream a chuaigh rompu. Mar thoradh ar an dífhoraoisiú ar na cnoic mórthimpeall tá an sileadh ó na cnoic ag marú an éisc sa loch.

Ag lorg maithiúnais ón talamh is gach a mbaineann leis mar gheall ar an dochar atá déanta de a bhí Hana agus Charisma sa chaoineadh. Ach is foláireamh é a gcaoineadh freisin dúinne agus do na glúnta atá le teacht, a dúradar.

Fág freagra ar 'Tá saibhreas agus foláireamh sna logainmneacha'

  • Éilís Ní Anluain

    Alt spéisiúil. Dá múinfí roinnt logainmneacha áitiúla do dhaltaí scoile gach bliain cá bhfios cén saibhreas Gaeilge a gheobhfadh siad i ngan fhios is go dtuigfí as an nua gurb í teanga ár dtíre í. Cá bhfios nach gcuirfí deireadh fós leis an litriú gránna gan bhrí nach Béarla é ná Gaeilge.

  • KH

    Píosa an-deas.

    D’fhéadfadh sé gur ‘bó bhreac’ is bunús leis an ‘br[o]ic’ sin.

    ‘Teith, teith, a mhaol bhreac’, a deir bean crúite na bó in ‘Sagart Éamoinn Sheáin Óig’ (Cith is Dealán).

    Lá ‘ar na bric’ atá Tarlach a dhéanamh sa scéal céanna nuair a chastar an bhean sin air, i.e. is le taobh a chéile atá an loch agus an bhuaile, áit a bhféadfaí ‘loch’ a mhalartú ar fhocail mar ‘sáile’ nó ‘farraige’ i gcomhthéacs eile.

    Níl ansin ach tuairimíocht, gan amhras.