Tá roth an reifrinn ag casadh, agus achrann géar ag teannadh linn

Tá lear mór oibre le déanamh sula mbeidh an rialtas ábalta an cheist a chuirfear sa reifreann a chur faoi bhráid na Dála

Tá roth an reifrinn ag casadh, agus achrann géar ag teannadh linn

Fáilte romhaibh ar ais a dhaoine uaisle! Tá súil ag foireann Tuairisc.ie gur bhain sibh sult as saoire na Nollag. Guímid gach rath ar shaothar na bliana nua, agus sonas oraibh lena linn. 

Ní thuigeann tú cúis ár ndea-ghuí? Is léir dúinn láithreach an fáth go mbeadh léitheoirí uaisle an cholúin ag fiafraí:

Saoire na Nollag? Cad é seo? An ag magadh fúinn atá tú? Chríochnaigh saoire na Nollag coicís ó shin, ar a laghad. Fiú sna scoileanna, a chuir tús leis an téarma nua Dé Luain seo caite? A leithéid de raiméis!

Tá soiléiriú de dhíth ag an bpointe seo, chomh maith le leithscéal. Ná tabhair aon aird ar an ndea-ghuí thuas. Ní bhaineann sé leat in aon chor, a léitheoir, ach leis na Teachtaí Dála a fhillfidh ar Theach Laighean Dé Máirt. Cuireadh an Dáil ar atráth ar an 15 Nollaig. Fágann sin gur mhair sos na Nollag (taobh amuigh de chruinniú coiste amháin ar 19 Nollaig) 32 lá.

Ba chóir mar sin go mbeadh formhór ár dTeachtaí Dála lán le fuinneamh agus faoi réir i gcomhair an chláir oibre atá rompu. Tosóidh siad le díospóireacht mhór faoin ábhar is achrannaí: an reifreann ar ghinmhilleadh atá beartaithe ag an rialtas a reáchtáil ag deireadh mhí na Bealtaine.

Níl ach 16 seachtaine idir plé na seachtaine seo chugainn agus lá na vótála, de réir phlean an rialtais. In ainneoin a ndóchais, agus ainneoin chuairt an Phápa i mí Lúnasa atá á ngríosú chun deifre, níl amchlár cinnte ag an Rialtas. 

Ní dréachtleasú ar an mBunreacht a phléifidh an Dáil an tseachtain seo chugainn ach moltaí an choiste uile-pháirtí ar an ochtú leasú ar an mBunreacht. Mhol tuairisc an mhóraimh ar an gcoiste go dtógfaí an leasú amach as an mBunreacht, agus go gceadófaí ginmhilleadh sa chéad dá sheachtain déag de thréimhse thoirchis.

Níl ach chúig leathanach déag, má fhágtar aguisíní as an áireamh, i dtuairisc an choiste, ar féidir í a léamh anseo.  

Mar sin féin, is léir ón gcéad amharc go bhfuil lear mór oibre le déanamh sula mbeidh an rialtas ábalta an cheist a chuirfear sa reifreann a chur faoi bhráid na Dála. Ní féidir athrú na ceiste a chur as an áireamh ina dhiaidh sin, toisc nach bhfuil móramh Dála ag tacú leis an rialtas.

Níl dréachtcheist i dtuairisc an choiste uile-pháirtí, cé go bhfuil éirim na tuairisce soiléir. Ba chóir airteagal 40.3.3 den Bhunreacht (an t-ochtú leasú) a aisghairm, dar leis an gcoiste, gan aon leasú nua a chur ina ionad. 

Níor mhol an coiste go bhfoilseofaí dréachtreachtaíocht roimh an reifreann chun a thaispeáint cén t-athrú ar an dlí a chuirfí i bhfeidhm dá vótálfaí go leasófaí an Bunreacht. Ach glactar leis ar ’chaon taobh nach mbeadh ciall ar bith le reifreann a reáchtáil gan faisnéis a chur ar fáil roimh ré faoin toradh reachtúil a bheadh ar vótáil i bhfabhar, nó ‘TÁ’.

Tá saineolaithe dlí éagsúla amhrasach faoin gcur chuige simplí a mhol an coiste. Dúirt an Dr Laura Cahillane, léachtóir le dlí in Ollscoil Luimnigh ar RTÉ Déardaoin, nach bhféadfaí a bheith cinnte go mbeadh toradh glan soiléir, ó thaobh dlí de, ar aisghairm simpliciter – is é sin, aisghairm gan aon fhoclaíocht nua a chur in ionad an ochtú leasú.

Dá gcuirfí fo-airteagal nua sa Bhunreacht, dar léi, ina bhforálfaí gur faoin Oireachtas a bheadh sé déileáil leis an dlí ar ghinmhilleadh, d’fhéadfaí a bheith cinnte faoin toradh Bunreachtúil a bheadh ar ‘TÁ’. Chinnteofaí, dar léi, nach ndúiseodh cearta eile sa Bhunreacht (atá sonraithe nó neamhshonraithe) ceisteanna eile faoi ghinmhilleadh amach anseo. 

Sampla de na hábhair amhrais a bhí i gceist ag an Dr Cahillane: an seans go dtabharfadh an Chúirt Uachtarach breithiúnas faoi ghinmhilleadh amach anseo a bheadh bunaithe ar an leasú a bhain le cearta páistí ar vótáladh ina fhabhar in 2012.

Léirigh a ndúirt sí an cineál ábhar tromchúiseach a bheas le meá ag an Ard-Aighne Séamus Woulfe agus ag an rialtas sula ndréachtófar an cheist ar a vótálfar. Is léir an chastacht go deimhin ónar tharla ó vótáladh i bhfabhar an ochtú leasú i 1983.

Síleadh an uair sin gur chosc docht daingean ar ghinmhilleadh a bheadh i bhfeidhm as sin amach. Cad a tharla? A mhalairt, nuair a rialaigh an Chúirt Uachtarach gur cheadaigh an leasú ginmhilleadh i gcásanna áirithe.

Ní achrann idirpháirtí atá ar na bacáin ach díospóireacht ina mbeidh ábhair bhunúsacha faoi chaibidil: ceisteanna beatha, sláinte, saoirse agus moráltachta, agus ról an stáit maidir le ceisteanna morálta.

Beidh go leor ábhar eile ar chlár oibre an rialtais in 2018, ach ní féidir toradh, ná fiú dáta, an reifrinn seo a phleanáil go cinnte.

Fág freagra ar 'Tá roth an reifrinn ag casadh, agus achrann géar ag teannadh linn'